Foilsithe ar 

Tá sé Fógartha ag an Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin T.D., inniu an 10 Lúnasa 2020

go bhfuil maoiniú breis agus €400,000 á chur ar fáil chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain.

D'fhógair an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin T.D. go bhfuil maoiniú breis agus €400,000 á chur ar fáil do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain in 2020 agus in 2021. Is chun tacaíocht a thabhairt d'ealaíontóirí na hÉireann agus d'eagraíochtaí ealaíon an maoiniú seo chun go gcuirfear tionscadail damhsa, litríochta, ceoil, ceoldrámaíochta, amharclannaíochta agus ha hamharc-ealaíona ar ardán idirnáisiúnta.

Ag fógairt an mhaoinithe inniu, dúirt an tAire Martin:

Is léiriú atá sa mhaoiniú seo, atá a chur ar fáil do Chultúr Éireann chun ealaíona agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn go domhanda agus chun deiseanna nua a ghnóthú d'ealaíontóirí na hÉireann chun a gcuid saothar a chur os comhair an phobail dhomhanda, ar Éire Dhomhanda 2025 agus an uaillmhian atá aici lorg domhanda na hÉireann a dhúbailt, agus tá sin mar chuid de Chlár an Rialtais. Táimse dírithe ar thacaíocht a thabhairt don earnáil ealaíon agus cultúir chun go mbainfidh sí téarnamh inbhuanaithe amach agus, d'fhonn seo a bhaint amach, ní mór go mbeadh teacht ag ealaíontóirí na hÉireann ar an margadh domhanda agus go bhfeicfeadh lucht spéise ar fud an domhain iad. Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh go dtugaimid ár dtacaíocht d'ealaíontóirí na tíre, ealaíontóirí a bhfuil curtha acu le cáil dhomhanda na hÉireann mar thír chruthaitheach.

Díríonn Cultúr ‏Éireann de ghnáth ar thacaíocht a thabhairt d'ealaíontóirí a gcuid saothar a chur os comhair lucht spéise ar fud an domhain ach b'éigean athrú ó bhonn a chur ar na tacaíochtaí sin don chuid eile den bhliain 2020 chun go mbeifí ábalta ealaíona na hÉireann a chur ar fáil ar líne. I measc bhuaicphointí na dtionscadal atá ar líne a bhfuil maoiniú á chur ar fáil dóibh tá taibhithe ó 18 dtaispeántas stáitse a bheidh ar ardán fíorúil ag Féile Ceoil Tíre Fhilideilfia ar feadh tréimhse 12 uair agus ealaíontóirí de chuid na hÉireann ar ardán ag an "Milwaukee Irish Fest at Home", beidh an dá fhéile seo ar siúl i mí Lúnasa, tráth a mbíonn bannaí ceoil na hÉireann i bun camchuairte sna Stáit Aontaithe de ghnáth. Beidh láithreacht ar líne ag údair na hÉireann ag Féile Idirnáisiúnta Leabhar Dhún Éideann agus i measc na n-údar sin beidh go leor scríbhneoirí a bhfuil gradaim buaite acu mar Sebastian Barry, Colum McCann, Eoin Colfer, Anne Enright, Sinead Gleeson agus Sarah Crossan.

Ó tharla go mbíonn obair leagtha amach ag ionaid shuntasacha idirnáisiúnta bliain nó níos mó roimh ré tá tacaíocht bronnta ar mhaithe le costais taistil na n-ealaíontóirí don bhliain 2021 chun go mbeifear ábalta pleanáil a dhéanamh roimh ré. Beidh rannpháirtíocht láidir ann leis an mBreatain agus Ceolfhoireann Bharócach an hÉireann ag cur 'Acis and Galatea' le Handel ar an ardán i Wigmore Hall, Londain i Márta 2021, agus beidh Bajazet le Vivaldi á chomhléiriú ag Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann agus Ceolfhoireann Bharócach an hÉireann ag Linbury Theatre, Royal Opera House i Londain i mBealtaine 2021 chomh maith le taispeántas le Niamh O'Malley i John Hansard Gallery, Southampton a bheidh ar siúl ó Márta go Bealtaine 2021. Beidh compántas amharclannaíochta Dead Centre ar camchuairt chuig Oxford, chomh maith le dhá sheó san Eoraip agus níos faide i gcéin, beidh Mirror Pavilion John Gerrard á thaispeáint ag an 13ú Gwangju Biennale, Gwangju, sa Chóiré i mí Feabhra 2021 i ndiaidh a léirithe  mar chuid de Ghaillimh 2020.

Tá Clár Taispeántais Chultúr Éireann ríthábhachtach ó thaobh ceangal a dhéanamh le láithreoirí idirnáisiúnta agus ó thaobh conarthaí nua camchuairte a ghnóthú d'ealaíontóirí na hÉireann.   Tá sraith imeachtaí taispeántais atá athraithe ó bhonn beartaithe san Fhómhar agus áirítear air sin tionscnamh d'ealaíontóirí a gcuid saothar a chur i láthair ar líne mar chuid d'Fhéile ar an Imeall Bhaile Átha Cliath mar aon le deis do bhannaí indie taispeántas ar líne a dhéanamh do lucht cláir idirnáisiúnta mar chuid de Sheachtain Ceoil na hÉireann, arna sholáthar ag First Music Contact. 

Féach www.cultureireland.ie chun liosta iomlán na dtionscadal a bhfuil tacaíocht á bhfáil acu a fheiceáil.