Foilsithe ar 

Tá €60,657 breise ceadaithe ag Aire Stáit Seán Kyne do Bhliain na Gaeilge 2018

Tá €60,657 breise ceadaithe ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne inniu chun imeachtaí breise a reáchtáil sa dara leath de Bhliain na Gaeilge 2018.

Tar éis tacaíocht trasRialtas, bhí Bliain na Gaeilge 2018 seolta go hoifigiúil ag An Taoiseach Leo Varadkar, i mí na Nollag 2017, ag léiriú tiomantas leanúnach an Rialtais don Ghaeilge agus don bhliain speisialta chun an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh, sa bhaile agus i gcéin. Ceadaíodh deontas €450,000 d'Fhoras na Gaeilge chun clár bliana a chur i gcrích agus ceadaíodh €26,000 breise i lár na bliana chun freastal ar na hiarratais bhailí ar fad faoin tionscnamh Ciste 125.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Stáit go raibh áthas air faoi cé chomh maith is atá ag éirí le Bliain na Gaeilge 2018 agus go bhfuil clár cuimsitheach beartaithe don dara leath den bhliain mar gheall ar an tsuim mhór sa phobal sna scéimeanna agus sna himeachtaí trí chéile.

Dúirt sé,

Is cúis mhór áthais dom go bhfuil pobal na Gaeilge sa bhaile agus i gcéin ag tarraingt le chéile le fuinneamh nua chun ár dteanga dhúchais a chur chun cinn le linn Bhliain na Gaeilge. Cuirfidh na himeachtaí breise atá molta ag Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge go mór le Bliain na Gaeilge 2018 agus beidh dea-thionchar dá réir ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Sna cúinsí sin, bhí mé thar a bheith sásta €60,657 sa bhreis a cheadú do Bhliain na Gaeilge chun imeachtaí breise a chur leis an gclár. 

Thapaigh an tAire Stáit an deis chun daoine a spreagadh chun an Ghaeilge a labhairt, a fhoghlaim nó a fhoghlaim arís.

Is linne an Ghaeilge agus, mar a deirim go minic, beatha teanga í a labhairt. Is féidir linn difríocht shuntasach a dhéanamh má thapann muid an deis le linn Bhliain na Gaeilge le bheith níos gníomhaí ó thaobh na teanga agus chun daoine breise a spreagadh chun ár dteanga dhúchais a labhairt.

Faoi dheireadh, ghlac an tAire Stáit buíochas leis an meitheal oibre, comhdhéanta d’Fhoras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, RTÉ, TG4, agus go leor grúpaí eile atá tar éis obair na gcapall a dhéanamh chun an fhís do Bhliain na Gaeilge 2018 a fhíorú.

Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais agus ar an gclár don dara leath den bhliain ag an nasc www.gaeilge2018.ie.