Foilsithe ar 

Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir leis an gClár do Rialtas Comhpháirtíochta

Leagtar amach sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta, a foilsíodh an 11 Bealtaine, gníomhartha mionsonraithe agus tiomantais a chuirfear i bhfeidhm le linn don Rialtas seo a bheith ann.

Tá cuspóir simplí amháin ag baint leis an gClár, is é sin saol an duine a fheabhsú i ngach áit in Éirinn. Tá an Rialtas ag dul i ngleic leis na dúshláin is mó práinn sa tír ionas gur féidir bonn láidir a chur faoin ngeilleagar agus cothrom na Féinne a thabhairt do chách sa tsochaí, áit a mbraithfidh an uile dhuine agus an uile theaghlach an téarnamh eacnamaíochta ar fud na tíre.

Is éard atá le léamh sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir leis an gClár do Rialtas Comhpháirtíochta ná an dul chun cinn atá déanta go dtí seo sna ranna Rialtais ar fad maidir leis na gníomhartha agus na tiomantais úd a chur i bhfeidhm. Tá san áireamh ann bearta a fógraíodh le gairid faoi Bhuiséad 2017. Tá an Bille Airgeadais, 2016, a bhfuil fógairtí Buiséid san áireamh ann, faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoi láthair.

Sa chéad sé mhí, cuid de na príomhcheisteanna a ndearnadh dul chun cinn ina leith ná

· Plean Gnímh nua do Thithíocht agus Easpa Dídine;
· Maoiniú Gníomhachtúcháin €200m do Thithíocht Bonneagair Áitiúil a thabhairt ann;
· méadú ar theorainneacha cíosa faoin bhForlíonadh Cíosa agus an Íocaíocht um Chúnamh Tithíochta;
· bunú tascfhórsa maidir le cur i bhfeidhm buiséad pearsanta do dhaoine atá faoi mhíchumas;
· bunú an Tionóil Saoránach;
· Coiste Comh-Aireachta nua, díograiseach ag obair ar Phlean Gnímh Tuaithe nua;
· bunú tascfhórsa fón póca agus leathanbhanda;
· saoire atharthachta coicíse tugtha isteach ó mhí Mheán Fómhair 2016; agus
· leasuithe curtha i bhfeidhm i dtreo is go bhfuil ról níos láidre ag an Oireachtas maidir lena chuid gnó agus an próiseas buiséid a phleanáil

Le cois na tuarascála ar dhul chun cinn, tá an Tuarascáil Bhliantúil ar Chlár an Rialtais, atá le foilsiú sa Bhealtaine tar éis chéad bhliain an Rialtais a bheith in oifig. Leagtar amach sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta, a foilsíodh an 11 Bealtaine, gníomhartha mionsonraithe agus tiomantais a chuirfear i bhfeidhm le linn don Rialtas seo a bheith ann.
Tá cuspóir simplí amháin ag baint leis an gClár, is é sin saol an duine a fheabhsú i ngach áit in Éirinn. Tá an Rialtas ag dul i ngleic leis na dúshláin is mó práinn sa tír ionas gur féidir bonn láidir a chur faoin ngeilleagar agus cothrom na Féinne a thabhairt do chách sa tsochaí, áit a mbraithfidh an uile dhuine agus an uile theaghlach an téarnamh eacnamaíochta ar fud na tíre.
Is éard atá le léamh sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir leis an gClár do Rialtas Comhpháirtíochta ná an dul chun cinn atá déanta go dtí seo sna ranna Rialtais ar fad maidir leis na gníomhartha agus na tiomantais úd a chur i bhfeidhm. Tá san áireamh ann bearta a fógraíodh le gairid faoi Bhuiséad 2017. Tá an Bille Airgeadais, 2016, a bhfuil fógairtí Buiséid san áireamh ann, faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoi láthair.
Sa chéad sé mhí, cuid de na príomhcheisteanna a ndearnadh dul chun cinn ina leith ná

· Plean Gnímh nua do Thithíocht agus Easpa Dídine;
· Maoiniú Gníomhachtúcháin €200m do Thithíocht Bonneagair Áitiúil a thabhairt ann;
· méadú ar theorainneacha cíosa faoin bhForlíonadh Cíosa agus an Íocaíocht um Chúnamh Tithíochta;
· bunú tascfhórsa maidir le cur i bhfeidhm buiséad pearsanta do dhaoine atá faoi mhíchumas;
· bunú an Tionóil Saoránach;
· Coiste Comh-Aireachta nua, díograiseach ag obair ar Phlean Gnímh Tuaithe nua;
· bunú tascfhórsa fón póca agus leathanbhanda;
· saoire atharthachta coicíse tugtha isteach ó mhí Mheán Fómhair 2016; agus
· leasuithe curtha i bhfeidhm i dtreo is go bhfuil ról níos láidre ag an Oireachtas maidir lena chuid gnó agus an próiseas buiséid a phleanáil

Le cois na tuarascála ar dhul chun cinn, tá an Tuarascáil Bhliantúil ar Chlár an Rialtais, atá le foilsiú sa Bhealtaine tar éis chéad bhliain an Rialtais a bheith in oifig.