Foilsithe ar 

Tugann an Taoiseach Micheál Martin TD ómós do John Hume - Fear Déanta Síochána den chéad scoth

Tá ómós tugtha ag an Taoiseach Micheál Martin do John Hume a cailleadh inniu

 

“Laoch cróga iontach ab ea John Hume agus fear déanta síochána den chéad scoth.

 

Le linn a shaoil fhada oibre iontach, léirigh John ní hamháin crógacht ach láidreacht, cruthaitheacht agus fíordhiongbháilteacht go gcaithfeadh daonlathas agus cearta daonna bheith lárnach  mar shainchomhartha aitheanta agus mar shainmhíniú ar aon sochaí nua-aimseartha.

 

Ar feadh daichead bliain go dtí gur éirigh sé as an obair, bhí sé paiseanta ar son náisiúnachais agis poblachtachais a bhí fial, carthanach, fadradharcach agus uileghabhálach ag tabhairt cothrom na Féinne do gach taobh. Bhí sí mar aidhm i gcónaí ag John go raibh dualgas ar an seirbhís phoiblí daoine a thabhairt le chéile in ionad iad a scarúint óna chéile.

 

I rith blianta dorcha na sceimhlitheoireahcta paraimílieata agus an t-achrann seicteach, choimeád sé an dóchas beo. Agus le foighne, le teacht aniar ann agus tiomantas láidir croga, d`éirigh leis agus bhí an bua aige ar son na síochána.

 

Bhí mórán eile bainteach le Comhaontú Aoine an Cheata 1998 ach an mbeadh aon duine anois in ann a rá go dtarlódh sé gan iarrachtaí John Hume. Ní hamháin gur labhair sé faoi shíocháin d``oibrigh sé ar son na síochána, uaireanta agus cáineadh fíochmhar á fhail aige. Bhí a fhios aige go maith mar fhear déanta síochána ar an oileán seo go gcaithfeadh sé dul sa tseans uaireanta.

 

Deirtear go minic go gcríochnaíonn gach gairm bheatha pholaitiúil le teip. Ní mar sin do John Hume. D`éirigh leis a fhís a bhaint amach agus cé gur ghoid a thinneas a ghuth, tá sé agus a thionchar linn fós ar an oileán seo i bhfoirm na síochána.

Bhí íobairt mhor i gceist gan amhras, íobairt a roinn a bhean cheile Pat agus a theaghlach ach bhí a fhios acu go raibh an obair go léir ar son leas an phobail.

 

Gabhaim comhbhrón inniu lena bhean chéile Pat, lena chúigear clainne. Beidh brón ollmhór orthu ach is féidir leo a bheith bródúil as an eolas gur roinn siad a saoil le duine de na hÉireannaigh ab fhearr dár mhair riamh. Is cinnte go mbeidh gach duine cothrom cóir ar an oileán buíoch as saol agus obair John Hume.”