Foilsithe ar 

Tuilleadh Gníomhaíochtaí don Bhithéagsúlacht ar siúl ar fud na tíre agus Maoiniú níos mó ag déanamh soláthair do Thionscadail Ilbhliantúla

Tá fáilte curtha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, roimh an iarracht níos mó atá déanta chun cuidiú dul i ngleic le cailliúint na bithéagsúlachta ag leibhéal an phobail ar fud na tíre.  Faoi scéim maoinithe nua na Roinne d'Údaráis Áitiúla, bronnadh 38 deontas ar fad i mbliana ar thionscadail ar fud 28 údarás áitiúla a chuir iarratais ar aghaidh.

Tá maoiniú deontais do réimse tionscadal ó údaráis áitiúla - a chuireann gníomhaíochtaí an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht (PGNB) 2017-2021 chun cinn - méadaithe i mbliana, agus tá an tAire Madigan sásta a fhógairt go bhfuil gealltanas tugtha méadú suntasach a chur ar mhaoiniú in 2020 agus 2021 agus beidh údaráis áitiúla ábalta anois iarratas a dhéanamh ar thionscadail ilbhliantúla ar feadh trí bliana ar a laghad.

Faoin scéim, a cuireadh ar bun ar bhonn píolótach in 2018, cuirtear maoiniú ar fáil d'fhonn cuidiú le hoifigigh bithéagsúlachta in údaráis áitiúla, agus le hoifigigh oidhreachta in údaráis nach bhfuil oifigeach bithéagsúlachta acu, tionscadail a chur i bhfeidhm a chuireann gníomhaíochtaí an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht chun cinn.

Anuraidh, bronnadh maoiniú ar údaráis áitiúla faoi dhá cheannteideal dhifriúla: feidhmiú an Phlean, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar speicis choimhthíocha atá ina n-ábhar imní ag an Aontas faoin Rialachán (AE) Uimh. (1143/2014) a bhaineann le Speicis Choimhthíocha Ionracha.

Rinneadh an dá shruth deontais seo a chónascadh i mbliana chun go mbeidh tuilleadh saoirse ag údaráis áitiúla an bealach a gcaithfear an maoiniú sa cheantar a chinneadh. Chomh maith leis sin bhí deis ag údaráis áitiúla iarratais a dhéanamh ar thionscadail bhithéagsúlachta ilbhliantúla: tá suim mhéadaithe €2 mhilliún leithdháilte ag an Aire ar an scéim nua cónasctha thar thrí bliana agus beidh leathmhilliún euro de sin ar fáil in 2019.

Gné thábhachtach i ndáil le cur i bhfeidhm foriomlán an NBAP é an sruth maoinithe seo do bhithéagsúlacht i gceantair áitiúla. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh rannpháirtíocht idir pobail agus údaráis áitiúla chun an Plean Náisiúnta Bithéagsúlachta a chur i bhfeidhm agus cuideoidh na deontais seo le feasacht a ardú ar fhadhbanna bithéagsúlachta ar bhonn áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.

In 2019, bronnadh deontas ar 38 tionscadal ar fud na 28 údarás áitiúla a rinne iarratas. Áirítear ar na tionscadail sin:

  • Cur i bhfeidhm Phlean Uile-Éireann um Pailneoirí Chomhairle Chontae Chill Dara agus Chomhairle Chontae an Chabháin.
  • Na pleananna rialála ar speicis mara ionracha neamhdhúchasacha do chalafoirt, chuanta agus chéanna i Loch Garman atá Comhairle Chontae Loch Garman a fhorbairt.
  • Tionscadal Bainistíochta ar Speicis Coimhthíocha Ionracha Chomhairle Chontae Chorcaí d'Uiscebhealaí Ghleann na Bríde.
  • Plandlann Chrann Dúchasach Thuaisceart Longfoirt Chomhairle Chontae an Longfoirt.
  • Comhairle Chontae Shligigh agus Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag tabhairt aghaidh ar fhadhb an Fheabhráin Capaill.

Nóta d'Eagarthóirí

  • Tá €500,000 á chur ar fáil don scéim seo in 2019. Cuirfear an maoiniú ar fáil, i gcomhréir le próiseas iarratas ar dheontas agus bronnta, d'oifigigh bithéagsúlachta i gcontaetha a bhfuil oifigeach bithéagsúlachta acu, agus d'oifigigh oidhreachta. Maidir le haon mhaoiniú a bhronnfar:

-        beidh sé faoi réir sholáthar cómhaoinithe ag leibhéal comhaontaithe as acmhainní féin an údaráis áitiúil;

-        beidh sé le caitheamh ar thionscadal a bhfuil baint dhíreach aige le gníomh amháin nó gníomhartha an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht, agus chomh maith leis sin;

-        ní mór tuairisc maidir le haschuir an tionscadail a thuairisciú don Roinn roimh dheireadh na bliana.