Foilsithe ar 

Tús curtha ag an Tánaiste agus an tAire Kyne le próiseas comhchomhairliúcháin phoiblí maidir le beartas náisiúnta do na hoileáin amach ón gCósta

An chéad bheartas oileán a forbraíodh le 23 mbliain

Dearcadh na n-oileánach le bheith lárnach sa mbeartas

 

Tá an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney T.D., i gcomhar le Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD, le comhchomhairliúchán poiblí a sheoladh ag imeacht speisialta ar Inis Arcáin inniu, Dé Sathairn. Is ar bheartas náisiúnta a leagan amach i leith forbairt na n-oileán amach anseo a bheidh an

comhchomhairliúchán seo dírithe.

 

Is í seo an chéad uair le 23 mbliain a rinneadh beartas náisiúnta tras-Rialtais a fhorbairt do na hoileáin agus  leagfar amach plean oibre d'inbhuanaitheacht agus d'fhorbairt fhadtéarmach oileáin amach ón gcósta. Beidh smaointe agus dearcadh na n-oileánach ina chuid lárnach den phróiseas. Reáchtálfar ceardlanna comhairliúcháin le pobail na n-oileán sa trí mhí atá romhainn. Tabharfaidh sé seo deis do ghrúpaí áitiúla agus do dhaoine aonair baint dhíreach a bheith acu le forbairt an bheartais fad is atá sé á fhorbairt.

 

Creideann an Rialtas gur cuid ríthábhachtach d'oidhreacht chultúir na tíre na hoileáin amach ón gcósta. Pobail bheoga, inbhuanaithe bunchloch oileáin na tíre agus féachfar le saol na ndaoine sna pobail seo a fheabhsú leis an mbeartas nua agus aird á tabhairt ar chomhthéacs ar leith gach aon oileán díobh.  Mar chuid den bheartas déanfar córas tuairiscithe agus athbhreithnithe a fhorbairt d'fhonn freagracht a chur chun cinn.

 

Ag seoladh an phróisis comhchomhairliúcháin dúirt an Tánaiste, Simon Coveney TD.:

Tá infheistíocht chaipitiúil shuntasach déanta ar na hoileáin le blianta beaga anuas ach tá gá leis an gcomhchomhairliúchán seo chun a chinntiú go dtabharfar tacaíocht ar bhealach inbhuanaithe do na pobail seo amach anseo. Is sócmhainn ar leith na hoileáin seo agus is iomaí scéal éagsúil atá ann faoi thionscail nua agus faoi thurasóireacht a bhfuil ag éirí leo ar na hoileáin. Tá sé in am anois againn cluas a thabhairt do phobail na n-oileán chun eolas a fháil ar an gcineál tacaíochta fiontraíochta, oideachais agus eile atá ag teastáil uathu.

 

Ag an imeacht, dúirt an tAire Stáit Seán Kyne TD. freisin:

Tá ríméad orm an próiseas comhchomhairliúcháin tábhachtach seo a sheoladh inniu. Is é an seoladh seo an chéad chuid den phróiseas ina mbeidh comhairliúchán le pobail na n-oileán agus le páirtithe leasmhara eile i gceist agus bainfear leas as na tuairimí a thiocfaidh chun cinn chun beartas náisiúnta tras-Rialtais a chur i dtoll a chéile maidir le forbairt inbhuanaithe na n-oileán.

Tá os cionn €100 milliún infheistithe ag an Stát i mbonneagar caipitil ar na hoileáin le breis is 20 bliain chun na moltaí a tháinig ón gCoiste Idir-Rannach deiridh maidir le Forbairt Oileán a chur i bhfeidhm.  Tugann an próiseas seo deis don Rialtas agus do phobail na n-oileán machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach go dtí seo agus pleananna a fhorbairt sna blianta atá romhainn chun todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach.