Foilsithe ar 

Tús le cur i bhfeidhm Phlean Teanga Chonamara Láir seolta ag an Aire Stáit Kyne

Tá Plean Teanga Chonamara Láir seolta ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD ag ócáid a eagraíodh tráthnóna Dé hAoine i gColáiste Chuimhneacháin an Phiarsaigh, Ros Muc.  Clúdaíonn an ceantar tíreolaíoch leathan ar a n-áirítear achar ó Chamus siar trí Ros Muc, Cill Chiaráin, Carna agus ó thuaidh go dtí an Caiseal, an Sraith Salach agus siar go hInis Ní agus Iorras Beag Thiar in abhantrach Chloch na Rón.

Tugadh an cúram don chomharchumann pobail Forbairt Chonamara Láir Teo feidhmiú mar cheanneagraíocht an phróisis pleanála teanga sa limistéir agus tar éis dul i gcomhairle leis an bpobal, bunaíodh Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga ar a raibh ionadaíocht ó na ceantair uile a thagann faoi scáth Limistéar Chonamara Láir.

Ag labhairt dó agus an Plean á sheoladh, dúirt an tAire Stáit Kyne:

Tá an-obair déanta maidir leis an bPlean seo agus teastaíonn uaim mo bhuíochas a chur in iúl do gach duine a bhí bainteach leis.  Is fiú Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Chonamara Láir - a chuir an plean cuimsitheach le chéile le comhpháirtíocht agus comhoibriú ó Fhorbairt Chonamara Láir atá lárnach i bhforbairt tograí agus seirbhísí pobail áitiúla, a lua ach go háirithe.

Tugadh léargas ag an ócáid ar an dul chun cinn atá déanta faoin bpróiseas pleanála teanga agus na forbairtí is déanaí atá ar bun agus beartaithe ar leas an phróisis agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon. 

Nótaí  d’Eagarthóirí

Den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, tá 16 plean ceadaithe cheana féin agus cúig cinn díobh sin i nGaeltacht na Gaillimhe, Conamara Láir san áireamh.

  • Cois Fharraige;
  • Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir;
  • Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh;
  • Na Déise;
  • Múscraí;
  • Ciarraí Theas;
  • Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh;
  • Ciarraí Thiar;
  • Maigh Eo Thuaidh;
  • Árainn Mhór, Co Dhún na nGall;
  • An Cheathrú Rua;
  • Conamara Láir;
  • Ráth Chairn agus Baile Ghib;
  • Dún na nGall Theas;
  • Ceantar na nOileán.
  • Tuaisceart Dhún na nGall

Tá 10 nOifigeach Pleanála Teanga agus 3 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe go dáta agus cur i bhfeidhm na bpleananna lena mbaineann tosaithe dá réir. Maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, tá an próiseas chun pleananna a ullmhú idir lámha i gcás na mbailte seo a leanas: Leitir Ceanainn, An Clochán Liath, Trá Lí, Dún Garbháin, Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidhbhín agus  Cathracha na Gaillimhe agus Chorcaí. Tá an chéad phlean maidir le Baile Seirbhíse Daingean Uí Chúis, Co. Ciarraí, faighte ag an Roinn le déanaí, agus anailís á dhéanamh air.

Maidir leis na Líonraí Gaeilge tá pleananna a bhaineann leis an 3 Líonra Gaeilge atá aitheanta go dtí seo faoin bpróiseas curtha faoi bhráid na Roinne ag Foras na Gaeilge agus iad á mbreithniú faoi láthair.

Tugtar léargas cuimsitheach ar a bhfuil ar bun agus beartaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta i bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge - a bhfuil fáil air ag an nasc a leanas: https://www.chg.gov.ie/app/uploads/2018/06/ghaeltacht_report_screen.pdf