Foilsithe ar
Bás Eddie McGrady
Tá comhbhrón curtha in iúl ag an Taoiseach, Enda Kenny T.D. le muintir Eddie McGrady, a fuair bás níos luaithe inniu.
Ar an scéal a chloisteáil dó, dúirt an Taoiseach:
“Tá dobrón orm a chloisteáil faoi bhás Eddie McGrady inniu.
Duine de bhunaitheoirí an SDLP ab ea Eddie agus ba é an chéad chathaoirleach a bhí ag an bpáirtí. Parlaiminteoir den chéad scoth a bhí ann in Westminster agus i dTionól Thuaisceart Éireann araon, agus chuir mé aithne mhaith air sna 1980idí ag Fóram Nua-Éireann.
Is iomaí feachtas a ndeachaigh sé ina mbun ar son an daonlathais, an cheartais agus an chomhionannais i dTuaisceart Éireann, cé gur minic a bhí dian-dhúshláin amach roimhe. Chuir sé go mór le síocháin i dTuaisceart Éireann agus is iontach an oidhreacht é sin le fágáil.
Ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh, ar son Rialtas na hÉireann, lena theaghlach, go háirithe a thriúir páistí Paula, Jerome agus Conaill, lena chomhghleacaithe san SDLP agus leis an iliomad cairde a bhí aige."
Críoch