Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich fáilte roimh seomra ranga 80m2 nua atá fógartha do Scoil Mhuire, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn

Chuir Donnchadh Mac Fhionnlaoich, an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, fáilte inniu roimh an bhfógra a rinne Ruairí Quinn, an tAire Oideachais agus Scileanna, go bhfuil seomra ranga 80m2 nua ceadaithe do Scoil Mhuire, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn.

Ag labhairt tar éis an fhógra, dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich:

Cuirim fáilte roimh an seomra nua seo agus tá mé cinnte go ndéanfaidh an scoil cinnte go gcuirfear an obair i gcrích chomh luath agus is féidir.