Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Martin fáilte roimh imeachtaí chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó tugadh Caisleán Bhaile Átha Cliath do Rialtas Sealadach na hÉireann

  • Comóradh Stáit i gClós Uachtarach an Chaisleáin Dé Domhnaigh, an 16 Eanáir
  • Eagróidh Coláiste na Tríonóide comhdháil in The Printworks agus déanfar sruthú beo uirthi
  • Clár imeachtaí Oifig na nOibreacha Poiblí
  • Taispeánfar taifid bhunaidh sa Chartlann Náisiúnta
  • Sheol An Post stampa comórtha
  • Dhá fhoilseachán nua ó Acadamh Ríoga na hÉireann

 

Ar an 16 Eanáir 1922 ag 1.45 i.n., thug Fear Ionaid Dheireanaigh an Rí in Éirinn cumhacht agus Caisleán Bhaile Átha Cliath féin don Rialtas Sealadach nua go foirmiúil. Níor mhair an searmanas ach 45 nóiméad. Ar an Domhnach seo déanfar comóradh 100 bliain ar an imeacht stairiúil seo – ceann de na himeachtaí is suntasaí i nua-stair na hÉireann agus cuimhneachán tábhachtach i gClár Dheich mBliana na gCuimhneachán. Cé go mb’fhéidir gur tháinig cogadh cathartha úafásach a tharla sé mhí ina dhiaidh sin salach ar an imeacht seo i gcuimhne an phobail, mhúnlaigh an t-aistriú cumhachta seo agus imeachtaí 1922 ina dhiaidh sin tírdhreach polaitiúil an Stáit ar bhealach suntasach. 

 

Beidh comóradh Stáit faoin aer ar siúl Dé Domhnaigh, an 16 Eanáir 2022, i gClós Uachtarach Chaisleán Bhaile Átha Cliath, i láthair an Uachtaráin, an Taoisigh, agus na bhFórsaí Cosanta.  Eagróidh Roinn an Taoisigh an ócáid ​​seo agus craolfar go beo é ar RTÉ One.

 

Reáchtálfaidh Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil thar dhá lá ar an 14 agus an 15 Eanáir, in The Printworks i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, chun impleachtaí an athraithe shuntasaigh seo ar lár na cumhachta a iniúchadh mar aon leis na freagairtí láithreacha agus na hiarmhairtí a rabhthas ag súil leo. Déanfaidh saineolaithe Éireannacha agus saineolaithe ó thíortha eile machnamh ar thábhacht stairiúil an imeachta agus ar fhreagairtí in Éirinn, sa Bhreatain, agus ar fud na cruinne, ar an nóiméad seo nuair ‘the old regime ceased to exist’ dar leis an Irish Times. Labhróidh an Taoiseach, Micheál Martin T.D., agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. ag an imeacht. Cláraigh inniu le bheith páirteach san imeacht poiblí saor in aisce seo a shruthófar go beo ar: https://histories-humanities.tcd.ie/research/handover/. 

 

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag tacú le go leor comhpháirtíochtaí agus tionscnaimh éagsúla chun an comóradh céad bliain seo a cheiliúradh agus chun aird a tharraingt ar thábhacht Chaisleán Bhaile Átha Cliath  – ceann de na foirgnimh is tábhachtaí agus is casta i stair na hÉireann ach b’fhéidir go bhfuil sé fós ar cheann de na foirgnimh is lú a bhfuil cur amach ag an bpobal air. Le haghaidh tuilleadh sonraí faoi chlár na n-imeachtaí a bheidh ar siúl, féach arhttps://www.dublincastle.ie/

 

An tseachtain seo, beidh taifid bhunaidh ar taispeáint sa Chartlann Náisiúnta den chéad uair le 100 bliain ina ndéantar cur síos ar an mbealach a thug Rialtas na Breataine Caisleán Bhaile Átha Cliath do Rialtas Sealadach na hÉireann. Tugtar léargas sna cáipéisí seo ar an méid a tharla ar an lá sin, agus ar a impleachtaí do bhunú stát neamhspleách na hÉireann. Tá roinnt de na cáipéisí seo i mbailiúchán Roinn an Taoisigh ar na cinn is luaithe a choinnítear sa Chartlann Náisiúnta. Tá sé saor in aisce dul isteach sa Chartlann Náisiúnta. 

 

  • I measc na dtaifead atá ar taispeáint tá miontuairiscí ar an gcéad chruinniú de Rialtas Sealadach na hÉireann i dTeach an Ard-Mhéara a reáchtáladh ar maidin an 16 Eanáir 1922. Is cosúil gur le Michael Collins an lámhscríbhneoireacht. Is é an dara pointe ar an gclár ná ‘Rinneadh socruithe chun cuairt a thabhairt ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath ar 1:40 i.n. san iarnóin chun seilbh a ghlacadh ar na Ranna Stáit éagsúla.'

 

  • Tá sraith miontuairiscí ann chomh maith ó 4 i.n. ar an 16 Eanáir 1922, tar éis dóibh filleadh ar Theach an Ard-Mhéara. Tá téacs an ráitis iontu a eisíodh níos déanaí don phreas, ag cur síos ar an gcaoi ar tugadh ‘Caisleán Bhaile Átha Cliath do bhaill an Rialtais Shealadaigh ar 1:45 i.n. inniu. Is le náisiún na hÉireann é anois’.

 

Tá dhá fhoilseachán nua curtha i dtoll a chéile ag Acadamh Ríoga na hÉireann chun comóradh a dhéanamh ar na himeachtaí suntasacha a tharla in 1922, le cúnamh ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Oifig na nOibreacha Poiblí;

 

  • Ireland 1922: Independence, partition, civil war,’ curtha in eagar ag Darragh Gannon agus Fearghal McGarry, ina insítear scéal bliain neamhghnách, trí chur síos raon leathan scríbhneoirí ar caoga imeacht, lena n-áirítear Anne Dolan, Diarmaid Ferriter, Roy Foster, Lisa Godson agus Fionnuala Walsh.

 

  • The Handover: Dublin Castle and the British withdrawal from Ireland, 1922’, le John Gibney agus Kate O’Malley ó Acadamh Ríoga na hÉireann. Déantar cur síos sa leabhar ar an lá a bhailigh Michael Collins eochracha Chaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 16 Eanáir 1922 agus ar an gcaoi ar aistrigh Rialtas na Breataine cumhacht chuig Rialtas Sealadach na hÉireann - scéal nach bhfuil mórán ar eolas againn faoi ach atá thar a bheith tábhachtach. 

 

An tseachtain seo (an 13 Eanáir), eiseoidh An Post trí stampa náisiúnta (ráta N) chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó tharla trí imeacht thábhachtacha i mbunú Shaorstát Éireann, lena n-áirítear an t-aistriú cumhachta ar an 16 Eanáir 1922 chuig an Rialtas Sealadach nua. Dhear Detail Design Studio Dublin na stampaí stairiúla seo. Tá cló speisialta greanta orthu agus tá siad ar fáil in oifigí móra poist, in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath agus ar líne ar https://www.anpost.com/Shop, le seachadadh saor in aisce.

 

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl:

 

“Cuirim fáilte roimh na himeachtaí go léir a bheidh ar siúl chun tábhacht an 16 Eanáir 1922 a cheiliúradh, lá a mhúnlaigh ár dturas i dtreo stáit cheannasaigh agus féinchinntiúcháin. Tugann clár an deireadh seachtaine seo de Dheich mBliana na gCuimhneachán deis dúinn aitheantas a thabhairt do agus machnamh a dhéanamh ar na prionsabail a thacaigh le céad bliain de dhaonlathas parlaiminteach, agus lenár n-áit ar domhan mar cheann de na daonlathais leanúnacha is sine.”

 

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar: 

 

“Is imeacht tábhachtach i stair na hÉireann é tabhairt Chaisleán Bhaile Átha Cliath don Rialtas Sealadach a bhí faoi stiúir Mhíchíl Uí Choileáin, agus ba chéim mhór í seo i dtreo an neamhspleáchais agus bunú Shaorstát Éireann níos déanaí an bhliain sin. Níl Éire gan locht, ar ndóigh. Tá go leor fadhbanna fós le réiteach againn, ach níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh ar an rath a bhí ar ár Stát agus na héachtaí a baineadh amach le linn chéad bliain neamhspleáchais.

 

“Tá Éire ar cheann de na daonlathais gan bhriseadh is sine ar domhan, tá síocháin agus rathúnas sa tír seo agus tá an caighdeán maireachtála againn i measc na gcinn is airde ar domhan. Táimid i gcroílár an Aontais Eorpaigh agus táimid ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Ní fhéadfaí é seo go léir a shamhlú céad bliain ó shin.

“Táimid go mór faoi chomaoin ag an nglúin réabhlóideach a bhí ann céad bliain ó shin. Tá sé thar a bheith tábhachtach ómós a thabhairt dóibh inniu.”

 

Dúirt an tAire Catherine Martin: 

 

“Ba shiombail de chumhacht na Breataine in Éirinn é an Caisleán ar feadh beagnach 700 bliain agus ba imeacht ríthábhachtach agus siombalach é aistriú an Chaisleáin chuig fórsaí an tSaorstáit. Tá an-áthas orm tacú leis an gclár spéisiúil samhlaíoch imeachtaí seo chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó aistríodh cumhacht agus Caisleán Bhaile Átha Cliath é féin chuig an Rialtas sealadach nua. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl dár gcomhpháirtithe luachmhara – lena n-áirítear Oifig na nOibreacha Poiblí, An Chartlann Náisiúnta, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus Acadamh Ríoga na hÉireann - a chruthaigh tionscnaimh uaillmhianacha chun muid uile a spreagadh chun na himeachtaí a tharla ar an 16 Eanáir 1922 agus a n-oidhreacht a iniúchadh agus machnamh a dhéanamh orthu. 

 

“Dúirt mé cheana féin gur linne go léir stair na tréimhse seo agus go bhfuil sé an-tábhachtach go bhfuil cur chuige iomlánaíoch againn i leith chomóradh a dhéanamh ar na himeachtaí seo – ag iarraidh a thuiscint conas a chuaigh imeacht amháin i bhfeidhm ar an gcéad cheann eile. 

 

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an nGrúpa Comhairleach Saineolaithe ar Chuimhneacháin Céad Bliain, a bhfuil an Dr Maurice Manning ina chathaoirleach air – leanfaidh a bprionsabail threoracha, bunaithe ar chruinneas stairiúil, ardchaighdeán acadúlachta, agus fionnachtain cartlainne, mar bhunchlocha an chláir chuimhneacháin agus muid ag dul tríd an gcéim dheiridh chasta agus íogair de Dheich mBliana na gCuimhneachán.”

 

Dúirt an tAire Patrick O’Donovan: 

 

“Tá an t-aistriú foirmiúil cumhachta, nuair a tugadh Caisleán Bhaile Átha Cliath don Rialtas Sealadach ar an 16 Eanáir 1922, ar cheann de na himeachtaí is tábhachtaí i stair an Stáit. Ócáid ​​​​an-chumhachtach ab ea í do shaoránaigh agus do Rialtas Sealadach na hÉireann araon é, mar, ar feadh na gcéadta bliain, bhí an Caisleán ina shiombail ar riail na Breataine in Éirinn. Tá taibhsí staire fós ann, agus tá ról lárnach ag Caisleán Bhaile Átha Cliath inniu i bhforbairtí polaitiúla, cathartha agus sóisialta dár Náisiún agus cuireann sé áit speisialta ar fáil do shaoránaigh agus do chuairteoirí ina gcuirtear fáilte rompu foghlaim faoi stair shaibhir chasta na hÉireann.”

 

Dúirt an Dr Maurice Manning, Cathaoirleach Ghrúpa Sainchomhairleach na gCuimhneachán Céad Bliain: 

 

“Léiríonn aistriú Chaisleán Bhaile Átha Cliath fírinne an athraithe agus tús céad bliain gan bhriseadh de dhaonlathas parlaiminteach láidir agus marthanach agus forbairt agus féintuiscint sheasmhach náisiúnta - rud nach raibh mórán de na stáit eile a tháinig chun cinn sa tréimhse in ann a bhaint amach. Is imeacht ríthábhachtach é i ndáiríre inár stair fhada.”

 

Ag labhairt inniu, dúirt Propast Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Linda Doyle: 

 

“Agus muid ag machnamh ar chéad bliain neamhspleáchais na hÉireann, tá ríméad ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, cur le Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán leis an gcomhdháil shuntasach seo a dhéanann comóradh ar chéad bliain ó tugadh Caisleán Bhaile Átha Cliath do Rialtas Sealadach na hÉireann ar an 16 Eanáir 1922. 

 

“Cé go mb’fhéidir gur tháinig an cogadh cathartha a tharla go luath ina dhiaidh sin salach ar an imeacht seo, an deireadh seachtaine seo chugainn, ag tarraingt ar an taighde is déanaí, gheobhaidh saineolaithe Éireannacha agus idirnáisiúnta tuiscint úr ar an imeacht ríthábhachtach seo ar an 16 Eanáir a mhúnlaigh Éire an lae inniu.”

 

CRÍOCH