Foilsithe ar 

Deontas €40,000 ceadaithe do Ghlór na nGael

Tá sé fógartha ag Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., Aire Stáit An Roinn Ealaíon, Oidhreacta agus Gaeltachta, go bhfuil sé tar éis deontas de €40,000 a cheadú do Glór na nGael. Beidh sé seo mar phríomhduais an chomórtais do 2011.

Is comórtas náisiúnta é Glór na nGael, ina bhfuil forbairt agus caomhnú theanga agus cultúr na Gaeilge mar spriocanna lárnacha. Is trí mheán comórtas pobail a dhéantar é seo. Is í aidhm an chomórtais aitheantas a thabhairt don choiste a dhéanann an dul chun cinn is fearr i rith na bliana ar son na teanga agus an chultúir.

Agus é ag fógairt an deontais dúirt an tAire Stáit "Tá an deontas seo á cheadú agam mar aitheantas ar an dea-obair atá á gcur i gcrích ag Glór na nGael ar mhaithe le cothú agus neartú na Gaeilge ar fud na tíre"

Fiosrúcháin ó na meáin:

An Oifig Preasa agus Faisnéise

Teil: 087-2908193 / (01) 631 3807 3838 /3848 (díreach)

Ríomhphost:

Suíomh Gréasáin:

press.office@ahg.gov.iewww.ahg.gov.ie