Foilsithe ar 

€3,225 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD do Chomharchumann Ráth Chairn

Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., go bhfuil deontas €3,225 ceadaithe aige do Chomharchumann Ráth Chairn, Co na Mí chun Córas Teasa a insealbhú san Áras Pobail.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil don Áras agus go raibh sé cinnte go mbainfeadh pobail Ráth Chairn agus lucht freastail an Áras leas as infheistíocht na Roinne.