Foilsithe ar 

€740,000 ceadaithe ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., chun Scéim na gCúntóirí Teanga a reáchtáil in 2014/15

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas, ar fiú €740,000 in iomlán é, ceadaithe aige do Mhuintearas agus d'Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun cur ar a gcumas Scéim na gCúntóirí Teanga a reáchtáil don scoilbhliain 2014/2015.

“Is céim shuntasach eile é seo i bhfeidhmiú an Chláir Tacaíochta Teaghlaigh,” a dúirt an tAire Stáit. “Nuair a seoladh an Clár sin i mí Aibreáin 2012, tagraíodh don tábhacht a bhí le cur chuige leasaithe chun tacú go praiticiúil le teaghlaigh Ghaeltachta a bhfuil a bpáistí á dtógáil acu le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Mar gheall ar an gcúnamh atá á fhógairt inniu, beidh ar chumas an dá eagraíocht a riarann Scéim na gCúntóirí Teanga leanúint orthu ag tacú go gníomhach le caomhnú agus neartú na Gaeilge sa Ghaeltacht.”

Dúirt an tAire Stáit gur cúis sásaimh dó é go bhfuil an Roinn tar éis cur leis an scéim seo le blianta beaga anuas. "Nuair a cuireadh tús leis an scéim, bhí na cúntóirí ag díriú orthu siúd nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu ach anois, cuidítear fosta le páistí a bhfuil an teanga acu cheana féin í a shaibhriú. Imríonn an scéim tionchar ar nósmhaireacht teanga na scoláirí agus cinntíonn sí go mbíonn an Ghaeilge in úsáid mar ghnáth-theanga chumarsáide, ní hamháin sa seomra ranga ach i gclós na scoile fosta," a dúirt an tAire Stáit .