Foilsithe ar
€8,395 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich do Choiste Forbartha Dhobhair Teo i nDún na nGall
D'fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich inniu go bhfuil deontas de €8,395 ceadaithe aige do Choiste Forbartha Dhobhair Teo chun trealamh breise a cheannach d’Ionad Naomh Pádraig.
Ag fógairt an deontais dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich "Tá obair ar dóigh á dhéanamh ag an gCoiste seo maidir le cur chun cinn na Gaeilge. "Tá an-áthas orm deontas a cheadú dóibh mar aitheantas agus chun cur leis an dea-obair sin".