Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Martin aistriú an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta agus na gCór ó RTÉ go dtí an Ceoláras Náisiúnta

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD gur cheadaigh an Rialtas an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta agus na Cóir a aistriú ó RTÉ go dtí an Ceoláras Náisiúnta le héifeacht ón 24 Eanáir 2022.

 

Is é príomhchuspóir an aistrithe ná todhchaí níos inbhuanaithe a chinntiú do phríomh-cheolfhoireann na hÉireann mar chuid den ionad náisiúnta chun ceol a sheinm, meas a thabhairt dó agus taitneamh a bhaint as. Tá plean mór athfhorbartha caipitil á ullmhú ag an gCeoláras Náisiúnta faoi láthair, mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta, agus tacóidh aistriú an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta agus na gcór le fís an Cheolárais Náisiúnta chun a bheith ina cheann scríbe cheol inspioráideach a bhfuil teacht ag gach duine air, chun cáil idirnáisiúnta a bhaint amach, agus chun tírdhreach cultúrtha na hÉireann a shaibhriú.

 

Mar chuid de Bhuiséad 2022, cuireadh €8m ar fáil le gur féidir leis an gCeolfhoireann Shiansach Náisiúnta agus na Cóir a aistriú go dtí an Ceoláras Náisiúnta. Is ionann é seo a bheag nó a mhór agus costais reatha mheasta an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta.

 

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúr, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:

 

“Tá lúcháir orm maoirseacht a dhéanamh ar aistriú an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta agus na gCór go dtí an Ceoláras Náisiúnta. Tá sé oiriúnach an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta a thabhairt faoi stiúir lárionad náisiúnta ceoil na hÉireann, daichead bliain tar éis di a bheith ar stáitse le linn oscailt an Cheolárais Náisiúnta.

 

Beidh an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta i gcroílár athfhorbairt bheartaithe an Cheolárais Náisiúnta chun a bheith ina champas ceoil den scoth, ag éascú nuálaíochta i dtaibhiú ceoil, i bhfoghlaim cheoil agus i rannpháirtíocht sa cheol. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le RTÉ, leis an gCeoláras Náisiúnta, leis an gCeolfhoireann Shiansach Náisiúnta, leis na cóir ghaolmhara agus leis an bhfoireann tacaíochta ar fad as obair dhian a dhéanamh chun aistriú gan dua a chinntiú. Lá croídhílis atá ann, ní hamháin do na ceoltóirí seo, ach do gach duine in Éirinn a bhfuil spéis acu sa cheol.”

 

Ag labhairt inniu, dúirt Cathaoirleach an Cheolárais Náisiúnta, Maura McGrath, agus Príomhfheidhmeannach an Cheolárais, Robert Read:

 

“Táimid bródúil agus ar bís fáilte a chur roimh an gCeolfhoireann Shiansach Náisiúnta, roimh an gCór Fiolarmónach, roimh Chór Linn agus roimh Chór na nÓg chuig an gCeoláras Náisiúnta. Tabharfaidh sé seo deis dúinn ár dtairiscint ealaíonta do phobal na hÉireann a neartú, agus cur lenár seasamh mar an ionad náisiúnta chun ceol a sheinm, meas a thabhairt dó agus taitneamh a bhaint as in Éirinn. Is í an fhís atá againne, agus cuid lárnach d’uaillmhian straitéiseach an Cheolárais Náisiúnta, a chinntiú go ndéantar an cheolfhoireann a chothú, a neartú agus a fhorbairt ar chaighdeán domhanda, le háiseanna den scoth a sheachadfar mar chuid dár gclár athfhorbartha iomlán.  

 

Tá sé d’aidhm againn infheistíocht a dhéanamh sa cheolfhoireann, chun ár gcomh-acmhainneacht ealaíonta a bhaint amach, chun éagsúlacht agus inrochtaineacht a fheabhsú, agus chun a chinntiú go bhfuil ceol ceolfhoirneach ina chuid inbhuanaithe agus lárnach dár n-aschur. Mar chaomhnóir oidhreacht cheoil na hÉireann, tá an Ceoláras Náisiúnta, an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta, agus na cóir éagsúla ag tnúth le hoidhreacht léirithe ceoil, rannpháirtíochta sa cheol agus cheoloideachais a chruthú spreagfaidh gach duine, ag cruthú naisc chruthaitheacha láidre idir an t-am atá caite, an lá atá inniu ann agus an todhchaí.”

 

Dúirt Ardstiúrthóir RTÉ, Dee Forbes: 

 

“Tá lúcháir orainn go mbeidh an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta agus na Cóir ar bhonn daingean airgeadais anois laistigh den Cheoláras Náisiúnta ag ligean dóibh pleanáil go muiníneach don todhchaí. Tá brón orainn, áfach, slán a fhágáil inniu ní hamháin le ceoltóirí agus foireann iontach tacaíochta, ach le comhghleacaithe agus le cairde, a bhfuil stair fhada ag go leor acu in RTÉ. Níl aon amhras orm ach go leanfaidh siad lena misean chun ceol ceolfhoirneach den chéad scoth a dhéanamh agus siamsaíocht a thabhairt do lucht féachana i ngach áit, agus ar ndóigh leanfaimid le caidreamh láidir craolacháin a choinneáil leo ina ról nua i gcroílár Cheoláras Náisiúnta na hÉireann. Guímid gach rath orthu agus buíochas leo as an gceol."

 

Dúirt Bainisteoir Ginearálta an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ agus an Cór Fiolarmónach, Anthony Long:

 

“Tá aistriú an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta agus na gCór ó RTÉ chuig sainchúram an Cheolárais Náisiúnta ríthábhachtach do thodhchaí an cheoil bheo shiansaigh agus chórúil in Éirinn. Is forbairt spreagúil í seo: tugann sí an deis pleanáil agus fás le muinín agus muid go léir ag súil leis an todhchaí agus ag obair chun comhfhís a bhaint amach don cheol in Éirinn. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le RTÉ as tacaíocht a thabhairt do gach grúpa le fada an lá agus táimid ag tnúth go mór lena bheith ag obair lenár gcomhghleacaithe nua sa Cheoláras Náisiúnta.”

 

Bhunaigh RTÉ Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ sa bhliain 1948. Is í an cheolfhoireann chónaitheach sa Cheoláras Náisiúnta í ó bunaíodh ionad náisiúnta na hÉireann in 1981. Roimh phaindéim COVID-19 bhí a clár bliana ceolchoirmeacha sa Cheoláras Náisiúnta agus in ionaid eile ar fud na hÉireann ina bhunchloch ag taibhiú ceolfhoirne in Éirinn. Aistreoidh na trí chór de chuid RTÉ, Cór Fiolarmónach RTÉ (a bhfuil dlúthbhaint aige leis an gCeolfhoireann Shiansach Náisiúnta), Cór Linn RTÉ agus Cór na nÓg RTÉ, ó RTÉ go dtí an Ceoláras Náisiúnta ar an 24 Eanáir 2022 freisin.

 

CRÍOCH

 

An Phreasoifig agus an Oifig Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán gréasáin:  An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: AnRoinnTurasóireachtaCultúirEalaíonGaeltachtaSpóirtagusMeán Chun díchlárú ó na ríomhphoist seo, brúigh ANSEO.

 

 

Nótaí don Eagarthóir

 

Tar éis do RTÉ an tuarascáil a choimisiúnaigh sé a fhoilsiú ó chomhairleoirí neamhspleácha Helen Boaden agus Mediatique ar cheolfhoirne RTÉ dar teideal “Ceolfhoirne RTÉ: Todhchaí Inbhuanaithe a Chinntiú”, ar an 5 Iúil 2018, d’aontaigh an Rialtas i bprionsabal gur cheart Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ, mar aon le Cóir RTÉ – Cór Fiolarmónach RTÉ, Cór Linn RTÉ agus Cór na nÓg RTÉ – teacht faoi shainchúram an Cheolárais Náisiúnta agus nár cheart é a bhunú mar fhoras Stáit ar leith.

 

Idir 2018 agus 2021, d’aithin grúpa maoirseachta faoi chathaoirleacht na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara go léir, na fadhbanna ábhartha a gcaithfí aghaidh a thabhairt orthu chun aistriú rathúil na ceolfhoirne a chumasú ó shainchúram RTÉ chuig sainchúram an Cheolárais. Dhearbhaigh tuarascáil dhíchill chuí ar an gCeolfhoireann go ginearálta gurbh ionann costais oibriúcháin an Cheolárais agus thart ar €8m in aghaidh na bliana.

 

Mar chuid de Bhuiséad 2022, cuireadh €8m ar fáil le gur féidir leis an gCeolfhoireann Shiansach Náisiúnta agus na Cóir a aistriú go dtí an Ceoláras Náisiúnta.

 

  • Rinneadh Bille de bharr an aistrithe - an Bille um Fhorais Náisiúnta Cultúir (An Ceoláras Náisiúnta) Leasú 2022 ina ndéantar foráil maidir le leasuithe ar
    • ar an Acht um Fhorais Náisiúnta Cultúir (An Ceoláras Náisiúnta) 2015 (feidhmeanna leasaitheacha an Cheolárais chun bainistíocht cheolfhoirne agus chóir a áireamh)
    • ar an Acht Craolacháin, 2009
  • Cuirfear an Bille faoi bhráid Thithe an Oireachtais in am trátha.