Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., maoiniú níos mó ná €700,000 do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud na cruinne

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, maoiniú níos mo na €700,000 do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn timpeall an domhain in 2022.

 

Tacóidh maoiniú €610,000 le 80 tionscadal a léireoidh ailtireacht, scannán, litríocht, ceol, amharclannaíocht agus amharcealaíona na hÉireann ar fud an domhain trí Chlár Deontais Chultúr Éireann agus cuirfear €100,000 ar fáil do SEODA 2022, féile speisialta ar líne thar thréimhse Lá Fhéile Pádraig.

 

Agus na dámhachtainí á bhfogairt aici, dúirt an tAire Martin:

“Le linn 2022, leanfaidh Cultúr Éireann ag tacú le healaíontóirí Éireannacha chun a gcuid saothar a chur i láthair go hidirnáisiúnta agus tá lúcháir orm go gcinnteoidh an maoiniú seo go mbeidh ár n-ealaíontóirí in ann saothair a léiriú do lucht féachana ar an láthair arís. Is de bharr ár gcuid ealaíontóirí thar aon rud eile atá cáil ar Éirinn agus cuireann an tréimhse thart ar Lá Fhéile Pádraig ardán speisialta ar fáil d’ealaíontóirí Éireannacha lucht féachana ar fud an domhain a mhealladh”.

 

Chruthaigh Cultúr Éireann SEODA, clár speisialta a léireoidh ealaíontóirí de chuid na hÉireann do lucht féachana domhanda ar líne i lár mhí an Mhárta. Rogha as cuid de na saothair is déanaí in Éirinn ó ealaíontóirí Éireannacha atá i SEODA a chlúdaíonn amharclannaíocht, ceol, rince, scannánaíocht, litríocht agus ceoldrámaíocht.  Tógfaidh SEODA 2022 ar an rath a bhí ar an gcéad eagrán in 2021 a mheall lucht féachana nua i gcríocha nach mbíonn ealaíontóirí Éireannacha iontu de ghnáth. Léireofar SEODA ar chainéal YouTube Chultúr Éireann. Cuirfear sonraí iomlána SEODA ar fáil sna seachtainí atá romhainn.

 

Tabharfar tacaíocht do go leor ealaíontóirí taisteal go dtí an Bhreatain, an Eoraip agus na SA thar thréimhse Lá Fhéile Pádraig chun a gcuid saothar a chur i láthair, lena n-áirítear ag féilte scannáin Éireannacha in Toronto agus Chicago. I measc na n-ealaíontóirí a bheidh ag taisteal, beidh Silverbacks, Aoife Scott agus Sharon Shannon, a bheidh ag seinm sa Bhreatain. Rachaidh ceoltóirí Éireannacha ó go leor seánraí ar camchuairt sna Stáit Aontaithe thar an tréimhse chéanna, le Just Mustard ag tacú le camchuairt Fontaines DC agus CMAT, Screaming Orphans, Téada agus Shane Hennessy go léir ag léiriú a stíl speisialta ceoil chomhaimseartha Éireannach do lucht féachana nua agus reatha.

 

Cuirfidh Fondúireacht Ailtireachta na hÉireann i gcomhar le Lárionad Ailtireachta na hEastóine “Tá foraois i mo chlós cúil, ach tá mo theach tógtha as crainn a fhástar i bhfad i gcéin” i láthair ag Biennale Ailtireachta Tallinn. Ar taispeáint in Ionad Ealaíon Solstice san Uaimh faoi láthair, cuirfear an taispeántas i láthair i dTaillinn ar feadh tréimhse 7 seachtaine i Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair 2022.

 

Tá rince sa Chlár Deontais seo de chuid Chultúr Éireann, le United Fall ag cur “Birdboy” i láthair ag Imaginate, Féile Idirnáisiúnta na Leanaí i nDún Éideann agus Teaċ Daṁsa ag cur a sheó MÁM i láthair ag Féile Idirnáisiúnta na Bealtaine, Wiesbaden, sa Ghearmáin. I mí Mheán Fómhair, cuirfidh Liz Roche Company i gcomhpháirtíocht le Solas Nua a seó rince “Yes and Yes” i láthair in Washington DC agus in Philadelphia freisin. 

 

Rachaidh amharclannaíocht na hÉireann ar camchuairt go forleathan freisin agus Manchán Magan ar camchuairt timpeall na SA ó Mhárta go Bealtaine lena sheó mór le rá, Arán agus Im. I mí na Bealtaine freisin, cuirfidh Brannar Téater do Pháistí How To Catch A Star i láthair in Ottowa, agus ó Lúnasa go Nollaig tabharfaidh Gare St. Lazare faoi chamchuairt chomóradh 25 bliain Tríológ Beckett ar fud na SA.

 

Agus é ag tacú le healaíontóirí Éireannacha a chur chun cinn go hidirnáisiúnta, cinntíonn Cultúr Éireann go leanann lucht féachana ar fud an domhain ag baint sult as raon éagsúil de shaothar ealaíontóirí Éireannacha agus go méadaítear an fheasacht agus an tuiscint atá ar cháil chruthaitheachta na hÉireann.

 

Féach ar www.cultureireland.ie, le do thoil, i gcomhair liosta iomlán bhabhta deontas mhí na Nollag 2021.