Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich deontas €8,000 don “Chrann Óg”, Na Doirí Beaga, chun tuilleadh forbairt a dhéanamh ar na healaíona i gceantar Ghaoth Dobhair

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., go raibh €8,000 á cheadú aige i leith ranganna ceoil na Crannóige i nGaoth Dobhair don scoilbhliain 2013/14 a thacóidh le chur chun cinn an cheoil agus na hamhránaíochta sa cheantar.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit go raibh sé an-sásta a bheith in ann an t-airgead seo a chur ar fáil don Chrann Óg arís i mbliana “Tá ról lárnach agus leanúnach ag an gCrann Óg i gcur chun cinn cultúr dúchasach sainiúil na Gaeltachta agus táimid go mór faoi chomaoin dóibh féin agus na múinteoirí atá fostaithe acu, agus is léir go bhfuil toradh fiúntach ar a gcuid oibre” a dúirt an tAire Stáit.