Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, an tUasal Enda Kenny TD ag an 13ú Comhdháil Réigiúnach Eorpach ISPCAN maidir le Cosc ar Mhí-Úsáid agus Faillí ar Leanaí,

Réamhrá

Tá ríméad orm cuireadh a fháil chuig an ócáid seo tráthnóna chun an 13ú Chomhdháil Idirnáisiúnta Réigiúnach Eorpach den Chumann um Chosc ar Mhí-Úsáid agus Faillí Leanaí a sheoladh ag a bpléifear na saincheisteanna a bhaineann le mí-úsáid agus faillí ar leanaí.

Ba mhaith liom fáilte a chur go hÉirinn roimh thoscairí ó thar lear agus fáiltím, go háirithe, roimh bhur gcinneadh an Chomhdháil Réigiúnach a eagrú anseo i mBaile Átha Cliath.

Ar na saincheisteanna tromchúiseacha seo a mbíonn impleachtaí móra don tsochaí ón mbun aníos. Dár leanaí, dár dteaghlaigh.

Is é nádúr na hoibre go mbíonn go leor den obair a dhéantar sa réimse seo frithghníomhach.

Ach is deis luachmhar í an chomhdháil seo chun dul i mbun machnaimh agus cuimhnimh.

Gheobhaidh sibh an deis bhur dtaithí gairmiúil féin a roinnt lena gcomhghleacaithe chomh maith le nithe a bhfuil imní oraibh fúthu, nithe a bhfuil sibh ag súil leo agus a gcuid smaointe a roinnt lena chéile.

Oidhreacht

Le deich mbliana anuas tá ar thír i ndiaidh tíre ar fud an domhain mhóir aghaidh a thabhairt ar scannail a bhaineann le mí-úsáid ar leanaí.

Bhain go leor de na scannail sin le hinstitiúidí.

Leis an eaglais, le hoird rialta, le eagraíochtaí spóirt agus leis an tionscail siamsaíochta.

Bhunaigh tíortha fiosrúcháin agus nuair a b’fhéidir ionchúisíodh daoine.

Cuireadh suas le 20 mór-thuarascáil i dtoll a chéile in Éirinn ó na 1980idí ar imscrúduithe dá leithéid.

I ngach tír dár tharla a leithéid:

B’fhéidir gur scallamar solas ar chúinní duairce na staire;

B’fhéidir gur thugamar chun solais duáilcí a tharla san am a caitheadh;

B’fhéidir gur fhéachamar le sólás a thabhairt don té a d’fhulaing; agus

B’fhéidir gur dhúirt muid nach dtarlódh sé ‘go brách arís’.

Ach ina dhiaidh sin ar fad tá an fhírinne searbh.

Tá sé fós ag tarlú, tá mí-úsáid fós á baint as leanaí.

Ní imíonn sé.

Is smál é ar shnáithe na daonnachta.

Is dubh é atá fós ar bun.

Tá mí-úsáid leanaí forleatach – is í an fhírinne í go bhfuil leanaí ar fud an domhain ag fáil droch-úsáid fhisiciúil, ghnéis nó mothúcháin.

Faillí

Faillí anois an cineál mí-úsáide is coitianta ar leanaí.

Samhlaigh leanbh ag dul ag an scoil sa mbáisteach gan cóta geimhridh air; éadaí salacha, taise air is a bholg folamh gan bricfeasta.

Ag dul abhaile dó níl sé cinnte go mbeidh dinnéar roimhe i dteach fuar, ní baile é sin.

Is ionann cúram do leanbh sin is saol sócúilNíl uathu ach aire, aire bunúsach. Ach ní mar sin a bhíonn do go leor.

Measann WHO go ndéantar mí-úsáid ar suas le 40 milliún leanbh ar fud an domhain gach bliain.

Tá an iomarca tuairiscí againn go bhfuiltear ag teipeadh leanaí a chosaint:

Teipthe ag an tsochaí.

Teipthe ag an Stát

Teipthe ag seirbhísí.

Tá teipthe againn ar i bhfad an iomarca leanaí, leanaí óga, leochaileacha.

Tuigimid é seo agus ní leor a thuiscint go gcaithfimid déanamh níos fearr ach caithfimid a seacht ndícheall a dhéanamh.

Díriú ar Leanaí

Mar Thaoiseach ar an tír seo, atá i gceannas na tíre le dhá bhliain go leith, is é mo ghnó é sin a dhéanamh – nithe a dhéanamh níos fearr do leanaí na tíre.

Sin é an fáth a luaithe is a thángamar in Oifig gur bhfuair Leanaí aire sinsearach dá gcuid féin – Frances Fitzgerald, a labhróidh anseo amach sa tseachtain.Leis an reifreann in 2012, chuireamar athrú ar an mBunreacht le go mbeimis in ann aire níos fearr a thabhairt dár leanaí agus dár dteaghlaigh.

Mar thoradh air sin agus don chéad uair ó bunaíodh an Stát áirítear leanaí sa mBunreacht mar shaoránaigh ina gcáil féin.

Chinntíomar go bhféadfaí leanaí a bheadh ar altramas go fad-téarmach a uchtú.

Tríd is tríd, bhíomar diongbháilte athruithe a dhéanamh le go mbeadh guth ag an té is lú. Nuair a d’fhéachamar, áfach, ar mar a sholáthraíonn an Stát seirbhísí teaghlaigh agus leanaí ba léir nach mba leor athrú.

Gur athrú ó bhonn a theastódh sa chás seo.

Tús Áite do Leanaí

Faoi láthair, mar is eol do ghairmithe in Éirinn, tá obair ar bun chun an Chéad Bhille Leanaí a thabhairt chun críche.

Mar a leagtar amach sna Treoirlínte Tús Áite do Leanaí éileoidh sin go mbeidh dea-chleachtas i bhfeidhm ag gach gairmí a mbíonn baint acu le cosaint leanaí agus cinnteoidh sé na dea-chleachtais sin.

Mar thoradh ar an ardú feasachta atá ann mar gheall ar Tús Áite do Leanaí tá ardú mór cheana féin ar an líon tarchuir chuig na seirbhísí cosanta leanaí.

Ardú de bheagnach an ceathrú cuid in 2012 ann féin.

Léiríonn an t-iniúchadh píolótach den Iniúchadh náisiúnta ar Chásanna Faillí a foilsíodh i mí Meithimh go bhfuil níos mó cásanna faillí á dtuairisciú agus á n-aithint.

Ní mór a rá go bhfuil an t-ardú atá ar tharchuir ag cur brú mór ar sheirbhísí a bhí faoi bhrú cheana féin. Rud a bhfuil an tAire Fitzgerald ag obair go dian le aghaidh a thabhairt air.

Athchóiriú/Athrú ó Bhonn

Sin é an fáth a bhfuil sé cinntithe aici go bhfuil reachtaíocht curtha os comhair na Dála chun Gníomhaireacht Teaghlaigh agus Leanaí amháin agus tiomanta a bhunú don chéad uair.

An próiseas sin a bhainistiú agus athrú a chur ar sheirbhísí leanaí agus teaghlaigh an tasc aonair is mó agus an deis is mó atá ag an Aire Leanaí.

Is ionann é agus athchóiriú uaillmhianach a dhéanamh ar sheirbhís phoiblí ag an Rialtas lena mbainfidh 4,000 comhalta foirne ar fud trí ghníomhaireacht atá ann cheana agus buiséad de €600 milliún. Áirítear ar athchóiriú:

Atheagrú ar sheirbhísí cúraim;

creata nua maidir le measúnú agus le tarchur a chur i bhfeidhm;

idirdhealú a dhéanamh idir cásanna leasa leanaí agus cosanta leanaí agus é mar aidhm leis freagra tráthúil agus cothrom a thabhairt ar cásanna den chineál sin.

Cheana féin faoin Rialtas seo:

Tá táscairí nua feidhmíochta tugtha isteach chun sonraí criticiúla ar acmhainn seirbhíse agus éileamh a sholáthar:

Tá caighdeáin nua ar chosaint leanaí tugtha isteach agus cigireachtaí neamhspleácha á ndéanamh don chéad uair ar fhoirne áitiúla obair shóisialta; agus

tugadh isteach rialacháin don chéad uair chun tuairisciú a éascú ar phríomhthreochtaí ó imeachtaí cúirte iata ar chosaint agus ar leas leanaí.

Creidim go láidir nuair a bheidh na hathchóirithe seo ar sheirbhísí curtha i bhfeidhm go hiomlán chomh maith leis na treoirlínte agus reachtaíocht Tús Áite do Leanaí a bheith i bhfeidhm agus Gníomhaireacht Teaghlaigh agus Leanaí a bheith bunaithe go mbeidh oidhreacht ar leith fágtha againn.

Conclúid

Sula bhfágfaidh mé sibh i mbun machnaimh, ba mhaith liom a rá, cé go bhfuil obair mhór le déanamh fós againn go mbeidh seirbhísí leanaí mar ba mhaith linn go bhfuil an ní is tábhachtaí ar fad déanta againn is tús curtha againn leis an athchóiriú agus leis an athrú.

Sábháilteacht agus folláine leanaí atá ag déanamh imní dúinn ar fad anseo inniu. Bíodh is go bhfuil an oiread saineolais idirnáisiúnta in aon seomra amháin anseo, níl aon amhras orm ach gur Comhdháil den scoth a bheidh anseo.

Guím gach rath oraibh ina gcuid oibre agus leis an gcomhdháil agus geallaim daoibh i gcónaí go dtabharfaidh mé aird oraibh agus go dtabharfaidh mé gach tacaíocht daoibh.

Go raibh maith agaibh.