Foilsithe ar 

Oscailt oifigiúil Oireachtas na Samhna 2012 ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidreachta agus Gaeltachta

Ag labhairt dó ag seoladh oifigiúil Oireachtas na Samhna 2012 i Leitir Ceanainn inniu, dúirt an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadha Mac Fhionnlaoich T.D., go raibh lúcháir air an fhéíle a oscailt go hoifigiúil. Rinne sé comhghairdeas le lucht eagraithe an Oireachtais as féile eile den scoth a bheith eagraithe.

Dúirt an tAire Stáit gurb é Féile na Samhna croílár agus buaicphointe an Oireachtais agus go bhfuil an-mheas ar Oireachtas na Gaeilge mar gheall ar an raon leathan imeachtaí a eagraítear i rith na bliana chun na healaíona dúchasacha, a cheiliúradh. Cuirtear an-bhéim ag an fhéile ar gach gné de na healaíona traidisiúnta – amhránaíocht, ceol, rince, scéalaíocht, lúibíní, agallaimh beirte agus drámaíocht.

Dúirt an tAire Stáit "Tá ealaíona dúchasacha na hÉireann á gceiliúradh ag gach Oireachtas le breis agus céad bliain anuas. Má tá athruithe móra tagtha ar an Fhéile sa tréimhse sin, agus tá, is athruithe chun feabhais iad go léir., Tá ardán an Oireachtais curtha os comhair an domhain mhóir, a bhuíochas sin do TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus BBC Uladh, chomh maith leis na meáin chlóite ar fad."

Dúirt an tAire Stáit fosta go bhfuil sé soiléir go bhfuil suim an aosa óige san Oireachtas ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas agus gur cúis áthais agus dóchais é seo.

Thagair an tAire Stáit don tionchar ollmhór a bhíonn ag an Oireachtas ar an gheilleagar áitiúil agus thréaslaigh sé leis an choiste eagraithe áitiúil, ach go háirithe, as a ndúthracht ag ullmhú don fhéile mhór seo le bliain anuas.