Foilsithe ar 

Ár dTodhchaí Tuaithe: Beagnach €750,000 ceadaithe ag an Aire Humphreys ar mhaithe le seirbhísí soghluaisteachta agus iompair do chúram ailse i gCeantair Thuaithe na hÉireann

  • 14 feithicil le ceannach faoi chlár CLÁ‏R 2021

 

Tá sé fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD inniu (Déardaoin, an 2 Meán Fómhar), go gcuirfear €747,000 ar fáil d'eagraíochtaí pobalbhunaithe chun 14 feithicil a mhaoiniú d'fhonn seirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar i gceantair thuaithe.

 

Faoi chlár CLÁ‏R 2021, cuirfear tacaíocht ar fáil leis an maoiniú d'eagraíochtaí a chuireann modh iompair saor in aisce ar fáil d'othair ailse le go mbeidh siad in ann freastal ar choinní leighis.

 

Bainfear leas as na feithiclí chomh maith chun cabhrú le daoine a úsáideann cathaoir rotha nó a bhfuil deacrachtaí soghluaiseachta eile acu.

 

Úsáidfear iad freisin chun daoine a iompar chuig ionaid cúraim lae d'fhonn sos a thabhairt do dhaoine muinteartha a bhíonn ag tabhairt aire dóibh.

 

Beidh na 14 feithicil leithroinnte ar fud 10 contae lena n-áirítear Ciarraí, Corcaigh, Gaillimh, An Mhí agus Ros Comáin.

 

Ag fógairt an mhaoinithe inniu, dúirt an tAire Humphreys:

 

"Déanfar cinnte leis an maoiniú seo go mbeidh teacht ag cuid de na daoine is leochailí i bpobail na tíre ar sheirbhísí ríthábhachtacha nó go mbeidh siad ábalta freastal ar choinní leighis.”

 

Tugtar léiriú freisin ar cheann de na tiomantais i mbeartas forbartha tuaithe an Rialtais, ‘Ár dTodhchaí Tuaithe’, is é sin modhanna iompair agus inrochtaineacht a fheabhsú i gCeantair Thuaithe na hÉireann.

 

Is eagraíochtaí deonacha agus pobalbhunaithe iad na heagraíochtaí atá ag fáil an mhaoinithe seo. Cuireann siad a gcuid seirbhísí ar fáil saor in aisce agus ba mhaith liom moladh a thabhairt dóibh as an obair thar a bheith luachmhar a dhéanann siad.

 

Áirítear ar roinnt de na heagraíochtaí a d'éirigh leo:

  • Ord Mhálta, An Clár: €50,000
  • Tacaíocht Ailse Oirthear na Gaillimhe agus Lár na Tíre: €42,930
  • Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann, Ciarraí: €55,638
  • Otharcharr Pobail Naomh Criostóir, Co. Phort Láirge: €60,256.80

 

Dúirt an tAire Humphreys chomh maith:

 

"Bíonn cuid de na heagraíochtaí dá rachaidh an maoiniú seo chun tairbhe ag tabhairt daoine chuig seirbhísí cúraim lae chun sos a thabhairt do theaghlaigh a bhfuil daoine muinteartha faoi mhíchumas fisiciúil nó faoi mhíchumas foghlamtha faoina gcúram. Is den ríthábhacht go bhfaigheadh na teaghlaigh an sos sin ar mhaithe lena gcuid folláine, agus cuireann sé an-áthas orm go bhfuil mo Roinn ábalta an cúnamh seo a chur ar fáil."

 

Tá fógra an lae inniu sa bhreis ar an maoiniú €4.2m a d'fhógair an tAire Humphreys le déanaí do 104 tionscadal faoi CLÁR i ndáil le bearta sábháilteachta i scoileanna agus i bpobail agus saoráidí áineasa pobail faoin aer.

 

Beidh an tAire Humphreys ag déanamh tuilleadh fógraí faoin gclár CLÁR sna seachtainí romhainn amach.

Tá sonraí i dtaobh tionscadail faoi iamh agus is féidir iad a fháil freisin ar: https://www.gov.ie/ga/bailiuchan/e919d-clar-2021-cistiu-ceadaithe/

 

CRÍOCH

Teagmháil:

Preasoifig na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail

076 - 1006871

Press.office@drcd.gov.ie

 

Nótaí d'Eagarthóirí: 

Tá CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus is cuid de bheartas nua uaillmhianach cúig bliana na Roinne é do cheantair thuaithe na hÉireann, Ár dTodhchaí Tuaithe.

 

Is ionann CLÁR agus clár infheistíochta spriocdhírithe do cheantair thuaithe a bhfuil mar aidhm leis maoiniú a chur ar fáil do thionscadail bhonneagair bheaga i gceantair ainmnithe thuaithe.  Tá limistéir CLÁR ainmnithe i gach contae sa tír seachas i mBaile Átha Cliath, i gCill Dara agus i Loch Garman. Is féidir teacht ar shonraí na gceantar ainmnithe anois.

 

Oibríonn maoiniú CLÁR i gcomhar le cláir mhaoinithe áitiúla agus ar bhonn tosaíochtaí arna sainaithint go háitiúil. Seoladh an Clár CLÁR den chéad uair in 2001 ach stopadh ag glacadh le hiarratais in 2009. Cuireadh tús arís leis an gclár in 2016. Fógraíodh CLÁ‏R 2021 i mí Márta 2021 agus fáiltíodh roimh iarratais faoi cheithre Bheart:

Beart 1:    Tacaíocht do Scoileanna / Bearta Sábháilteachta Pobail

Beart 2:    Saoráidí Áineasa Pobail Lasmuigh

Beart 3:    Tacaíocht Folláine Pobail

(a) Gairdíní Pobail agus Cuibhrinn Phobail

(b) Soghluaisteacht agus Iompar Cúraim Ailse  

 

Beart Nuálaíochta CLÁR: Maoiniú le haghaidh tionscadail nuálacha nó píolótacha trína ndéantar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ar leith a mbíonn roimh phobail i gceantair CLÁR.