Foilsithe ar 

Scéim Nua Sparánachtaí do Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2022/2023

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, scéim nua sparánachtaí inniu, i gcomhpháirtíocht le hAcadamh Ríoga na hÉireann, don chéim dheireanach de Dheich mBliana na gCuimhneachán.

 

Is é cuspóir na scéime sparánachtaí, taighde áitiúil nua agus staidéar ar stair áitiúil a spreagadh, agus scrúdú fiúntach a dhéanamh ar imeachtaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta le linn na Troda ar son na Saoirse agus an Chogaidh Chathartha. Is deis thráthúil í chun aitheantas a thabhairt don obair shuntasach a rinne na staraithe áitiúla chun réimsí staidéir a bhaineann le himeachtaí áitiúla agus le téamaí gaolmhara le linn na tréimhse seo a chur chun cinn.

 

Táthar ag glacadh le hiarratais ar scéim 2022 anois. Le haghaidh tuilleadh eolais agus treoirlínte na scéime, féach ar https://www.ria.ie/decade-centenaries-bursary. Is féidir liosta de théamaí taighde molta chun cabhrú le hiarratasóirí a fháil ansin freisin. Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratais ná Dé Céadaoin, 27 Aibreán 2022 ar 5:30 i.n.

 

Bronnfar sparánachtaí ar staraithe áitiúla gach bliain in 2022 agus 2023, chun taighde áitiúil agus staidéar nua ar stair áitiúil a spreagadh, chun réimsí taighde a bhaineann leis an Troid ar son na Saoirse agus tréimhse an Chogaidh Chathartha laistigh dá bpobail a chur chun cinn. Coimeádfar clár gníomhaíochtaí for-rochtana freisin chun tacú le rannpháirtíocht phoiblí. Tá sé beartaithe go bhfógrófar faighteoirí na ndámhachtainí don bhliain 2022 i mí an Mheithimh.

 

Táthar ag súil go mbronnfar suas le 8 ndámhachtain faoin scéim gach bliain. Le tuiscint a fháil ar riachtanais airgeadais éagsúla na dtionscadal, lorgófar iarratais ar mhéideanna idir €1,000 agus €10,000.

 

Dúirt an tAire Martin:

 

“Tá lúcháir orm an scéim sparánachtaí nua seo a fhógairt don chéim dheireanach de Dheich mBliana na gCuimhneachán. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le hAcadamh Ríoga na hÉireann as a ndíograis agus a n-uaillmhian i riaradh na scéime. Le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán, leag an Sainghrúpa Comhairleach do Chuimhneacháin Chéad Bliain béim ar an tábhacht a bhaineann le deiseanna fiúntacha a chruthú chun tacú le taighde agus scoláireacht bhunaidh. Is deis iontach í seo do staraithe áitiúla – gairmiúla nó amaitéaracha, anseo in Éirinn nó thar lear, a bhfuil a gcuid taighde dírithe ar réigiún nó ceantar in Éirinn nó ar fhoinsí atá lonnaithe in Éirinn. 

 

Aithníonn an scéim sparánachtaí seo freisin an ról tábhachtach atá ag leabharlanna poiblí agus cartlanna i gcroílár a bpobail, mar chaomhnóirí ar ábhar uathúil cartlainne a bhfuil tábhacht áitiúil iontach ag baint leo. Fáiltítear freisin roimh iarratais ó thaighdeoirí a oibríonn i gcomhpháirtíocht lena leabharlanna áitiúla nó le cartlanna áitiúla agus le ranna staidéir áitiúla. Cuirfear na hábhair go léir a chruthófar faoin scéim sparánachtaí seo ar fáil don phobal, de réir éiteas ionchuimsitheach Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán. 

 

Soláthróidh an taighde nua scoláireacht fhíorluachmhar chun tacú le comhráite barántúla, bunaithe ar fhíricí laistigh de phobail agus go náisiúnta, agus muid ag foghlaim faoi agus ag déanamh machnaimh ar imeachtaí agus téamaí casta íogaire i dtréimhse na Troda ar son na Saoirse agus an Chogaidh Chathartha.”

 

Dúirt an Dr Mary Canning, Uachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann:

 

“Tá an-áthas ar an Acadamh a bheith i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an Sainghrúpa Comhairleach do Chuimhneacháin Chéad Bliain don scéim sparánachtaí seo. Tabharfaidh an scéim sparánachtaí nua seo deis do staraithe áitiúla agus scoláirí neamhspleácha beocht a chur i stair bhríomhar a gceantair le linn ceann de na tréimhsí is tábhachtaí i bhforbairt ár náisiúin. Cuirfidh an stair áitiúil a thagann chun cinn le téamaí eile Chlár Dheich mBliana an gCuimhneachán agus feabhsóidh sé ár dtuiscint agus ár meas ar phríomhfhorbairtí stairiúla.”

 

Dúirt an Dr Maurice Manning, Cathaoirleach an tSainghrúpa Comhairleach do na Cuimhneacháin Chéad Bliain: 

 

“Is ar bharántúlacht stairiúil agus ar fhionnachtain chartlainne atá Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán bunaithe, ag leagan béime ar an tábhacht a bhaineann le bunthaighde leanúnach ag leibhéal náisiúnta agus pobail; rochtain phoiblí oscailte ar fhoinsí barántúla stairiúla; agus stair bhéil, scéalta, páipéir phearsanta agus earraí inbhailithe ón tréimhse a bhailiú agus a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.

 

Cuirfidh an scéim shamhlaíoch, mhachnamhach agus fhiúntach seo de sparánachtaí nua go mór leis an tréimhse dheireanach de Dheich mBliana na gCuimhneachán. Cuireann sé cur chuige inrochtana ar fáil chun an scoláireacht fhíorluachmhar, an taighde bunaidh agus na peirspictíochtaí nua a thagann chun cinn trí obair na ndaoine sin i staidéar na staire áitiúla a spreagadh agus a aithint. Chuir staraithe áitiúla go mór lenár dtuiscint ar an bhfianaise stairiúil ar a bhí ag tarlú inár dteaghlaigh, inár bpobail agus inár ndúichí le linn na tréimhse réabhlóidí, agus iad ag aithint i gcónaí na féiniúlachtaí agus na traidisiúin éagsúla atá mar chuid dár stair agus de mhuintir na hÉireann ar fud an domhain.”

 

CRÍOCH

 

An Phreasoifig agus an Oifig Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán gréasáin:  An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: AnRoinnTurasóireachtaCultúirEalaíonGaeltachtaSpóirtagusMeán Chun díchlárú ó na ríomhphoist seo, brúigh ANSEO.

 

 

Nótaí don Eagarthóir

 

Seo a leanas téamaí molta do Sparánachtaí Dheich mBliana na gCuimhneachán:

 

  • Taighde nua chun iniúchadh a dhéanamh ar oidhreachtaí, ar phearsantachtaí, ar áiteanna, ar imeachtaí agus ar théamaí áitiúla a bhfuil tábhacht ar leith leo laistigh de chontaetha, de pharóistí agus de phobail.
  • Taighde nua chun cinniúint na bpobal mionlach ar dhá thaobh na teorann tar éis na críochdheighilte a fhiosrú;
  • Taighde nua chun cuidiú agus taithí na mban le linn na tréimhse seo a fhiosrú, e.g. rannpháirtíocht na mban i róil pholaitiúla, mhíleata, ghairmiúla agus baile;
  • Taighde nua ina ndéantar iniúchadh ar Éirinn sa Domhan Mór, lena n-áirítear naisc áitiúla, imirce agus ról dhiaspóra na hÉireann sna himeachtaí a tharla le linn na tréimhse seo.
  • Taighde nua ina bhfiosraítear sochaí athraitheach le linn na tréimhse, ag díriú ar stair shóisialta; gluaiseachtaí móréilimh sóisialta, cultúrtha agus cathartha; an Ghaeilge; smaointeoireacht chruthaitheach agus na healaíona; spórt; agus nuálaíocht;
  • Taighde nua ina bhfiosraítear náisiúntacht, féiniúlacht, agus Tógáil Stáit – bunú Shaorstát Éireann agus na dúshláin a bhí roimh an Stát agus é ag teacht chun cinn;
  • Taighde nua a scrúdaíonn an chaoi a ndearnadh comóradh ar imeachtaí na tréimhse seo i dteaghlaigh, i bpobail agus i bparóistí le céad bliain anuas – conas a d’fhorbair próiseas an chomórtha;
  • Taighde comparáideach nua ina bhfiosraítear an tréimhse seo in Éirinn agus téamaí gaolmhara i gcomhthéacs Idirnáisiúnta.