Foilsithe ar 

Seolann an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich taispeántas ealaíne Kenneth King: A Shaol & a Shaothar i nDoirí Beaga

Dé hAoine, 15 Samhain—Beidh Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, sa Ghailearaí i nDoirí Beaga, Co. Dhún na nGall, ag 7.30pm anocht chun taispeántas ealaíne de chuid Kenneth King a oscailt.

I nDeilginis cois farraige, Co. Bhaile Átha Cliath, a d’fhás Kenneth King suas. Tar éis dó seal a chaitheamh mar shéiplíneach i gcabhlach na Breataine, chas sé ar an bpéintéireacht go lánaimseartha i 1976 agus tá sé i mbun oibre ina stiúideó i nGleann Cholm Cille i dTír Chonaill ó shin i leith. Baineann sé úsáid as longa cabhlacha, longa trádála, mairnéalaigh, tithe solais agus tírdhreacht chósta na hÉireann — .i. saol na mara is dual agus is dúchas dó — ina chuid saothair.

Ag labhairt roimh an seoladh dó, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich: “Is onóir domsa agus do mo Roinn a bheith ag tacú leis an togra seo. Is léir ar shaothar Kenneth King a ghean agus a ghrá don fharraige agus do shaol na mbád agus tagann na mothúcháin sin trasna go láidir sna pictiúirí go léir.”

Ritheann an taispeántas, atá á eagrú ag Marianne O’Kane Boal i gcomhar le hOideas Gael agus le tacú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó 15 Samhain go 20 Nollaig. Tá leabhar mór a ghabhann leis an taispeántas, Kenneth King – Life and Work, foilsithe ag Bad Toy Publications, leabhar a thugann léargas grinn ar shaol agus saothar an ealaíontóra.