Foilsithe ar 

Seolann an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich tionscadal ‘Béiltí ar Rothaí’ sa Tulach, Baile na hAbhann, Gaillimh

Agus é ag caint inniu (5 Deireadh Fomhair 2012) nuair a sheol sé seirbhís nua ‘Béiltí ar Rothaí’ atá curtha ar fáil ag Tearmann Éanna, an Tulach, Baile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe, dúirt an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnachadh Mac Fhionnlaoich T.D., "go bhfuil seirbhísí den scoth agus d’ard chaighdeán a chur ar fáil ag Tearmann Éanna d’aosaigh agus d’easláin i deisceart Chonamara". Mhol an tAire Stáit an ról a bhí ag Pól Ó Foighil - atá anois ar shlí na fírinne - i bhforbairt na n-áiseanna agus na seirbhísí atá ar fáil ar an Tulach agus ag Tearmann Ainín in aice le Coláiste Lurgan, Indreabhán. “Is eiseamláir an tionscnamh seo do cheantar eile” a dúirt an tAire Stáit, “é suite i lár ceantair láidir Gaeltachta le seirbhís iomlán trí Ghaeilge ar fáil agus coiste iontaofa taobh thiar dó” a dúirt sé.

Thug an tAire Stáit suntas don réimse leathan seirbhísí agus imeachtaí atá ar bun ag Tearmann Éanna agus mhol sé an Coiste deonach atá i mbun an tionscadal seo agus iad ag freastal ar an aicme pobail is leochailí sa cheantar eadhon iad siúd atá ag dul in aois nó tinn.