Foilsithe ar 

Spreagadh maoinithe nua chun ollfhoinsí foclóireachta Gaeilge ar líne agus Clár na Leabhar Gaeilge a thabhairt cothrom le dáta agus cur leo

Agus tús á chur ag Foras na Gaeilge in 2022 le tionscadal nua foclóireachta as seo go ceann cúig bliana, is cúis áthais do Jack Chambers T.D., Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, a fhógairt go bhfuil maoiniú ar leith, anuas ar ghnáthbhuiséad an Fhorais, á chur ar fáil ag a Roinn don tionscadal.

 

Chun tús a chur leis an tionscadal, tá €365,000 curtha ar fáil do 2022 le haghaidh fhorbairt an tionscadail nua agus le haghaidh nuashonrú agus breisiú ar na hacmhainní reatha foclóireachta ar focloir.ie agus teanglann.ie.

 

Chomh maith leis sin, tá maoiniú breise aon uaire dar luach €300,000 curtha ar fáil ag Roinn an Aire Chambers do Chlár na Leabhar Gaeilge. Rachaidh formhór an mhaoinithe seo i dtreo na bhfoilsitheoirí Gaeilge, le ciste €250,000 san iomlán ann chun cuidiú leis na tithe foilsitheoireachta teacht chucu féin níos fearr i ndiaidh iarmhairtí Covid-19.  Beidh Foras na Gaeilge freisin ag cur leis an gciste atá ar fáil chun an Scéim Meantóireachta agus deiseanna eile oiliúna a fhorbairt le linn 2022.

 

Agus é ag fógairt an mhaoinithe bhreise seo, dúirt an tAire Chambers:

 

Tá tábhacht ar leith leis an bhfoclóireacht agus leis an bhfoilsitheoireacht do theanga ar nós na Gaeilge. Tá an-áthas orm a bheith in ann maoiniú breise €300,000 a chur i dtreo Chlár na Leabhar Gaeilge do 2022 chun tacaíocht bhreise a thabhairt d'earnáil na foilsitheoireachta, a raibh dúshláin ar leith le sárú acu le dhá bhliain anuas.

 

Ó thaobh na foclóireachta de, tá €365,000 curtha ar fáil ag mo Roinn d’Fhoras na Gaeilge in 2022 chun tús ceart a chur leis an tionscadal nua foclóireachta ina mbeidh mórfhoclóirí comhaimseartha Gaeilge-Gaeilge agus Gaeilge-Béarla á bhforbairt.  Cuirfidh na foclóirí nua seo an Ghaeilge ar comhchéim leis na mórtheangacha eile ó thaobh soláthar foclóireachta de.

 

Is chun leas phobal uile an oileáin an infheistíocht seo. De thairbhe na hinfheistíochta seo, beidh áiseanna foclóireachta den chaighdeán is airde ar fáil do phobal iomlán na teanga, idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí inniúla. Chomh maith leis sin, beidh tacaíocht bhreise ar fáil dóibh siúd atá i mbun foilsitheoireachta sa teanga, agus tabharfaidh sé seo scóip don Fhoras sa bhliain atá romhainn tacaíocht a thabhairt do chur chun cinn na teanga i réimsí eile i measc an phobail.

 

Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge:

 

Seo dea-scéala d’Fhoras na Gaeilge ó thaobh ár gcuid oibre i réimse na foclóireachta agus na foilsitheoireachta. Baineann tábhacht ar leith leis an bhfocal scríofa i dteanga ar bith agus cuirfidh an maoiniú breise seo ar ár gcumas tógáil ar an mbunchloch atá leagtha síos le blianta beaga anuas le foilsiú an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, atá anois ar an dara cló den leagan clóite agus os cionn 2.5 milliúin úsáideoir in aghaidh na bliana ag tarraingt ar an leagan ar líne.

 

Ó thaobh Chlár na Leabhar Gaeilge, cuirfidh an maoiniú breise seo ar ár gcumas cur leis an Scéim Meantóireachta agus tabharfaidh an tacaíocht bhreise seo deis d’Fhoras na Gaeilge tacú le forbairt na teanga i measc an phobail ar fud an oileáin.

 

Gabhaimid buíochas leis an Aire Chambers as tacaíocht leanúnach a Roinne.

 

CRÍOCH