Foilsithe ar 

Togra suntasach fógartha ag an Aire Rabbitte do Cheannáras TG4 Infheistíocht  €690k  i dTogra Dáileacháin il-ardáin.

Baile Átha Cliath, 16 Nollaig 2013

D’fhógair an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Pat Rabbitte, TD, inniu go bhfuil Togra Dáileacháin Ábhair nua coimisiúnaithe agus le cur i bhfearas i gCeannáras TG4  le cabhair   infheistíochta chaipitiúil  €690k óna Roinn.

Cuirfidh an tionscadal nua seo ar chumas TG4 ábhar a sheachadadh chuig an iliomad ardán.  Leathfaidh an fhorbairt seo rochtain an ábhair ar an margadh ar fud an domhain agus éascóidh sé an bealach ina bhfuil a lucht féachana in ann teacht ar ábhar an chainéil ar na hardáin nua.

Agus an togra críochnaithe, beidh ar chumas TG4 a ábhar clár a chóiriú d’aon ardán dáilithe agus cuirfidh seo roghanna eile agus feidhmiúlacht  bhreise ar fáil don lucht féachana ar an iliomad gléas agus gaireas cliste.    Dúirt an tAire go léiríonn an togra “cumas TG4 fanacht bord ar bhord le forbairtí i dteicneolaíocht an chraolacháin agus an dáileacháin ábhair i ré seo an tsíor-athruithe”.

Nótáil an tAire go neartóidh an Togra seo cumas iomaíochta TG4 agus go gcabhróidh leis an leas is fearr is féidir á bhaint as an ábhar ar fud na n-ardán ar fad agus cumas an chaighdeáin Ard-Ghléine (HD) i ngach céim den phróiseas.    Cuireann an togra seo ar chumas TG4 freisin dul in oiriúint d’aon chaighdeáin nua tarchuir nó dáileacháin a thiocfaidh chun cinn amach anseo.

Sa mbreis ar an leas a dhéanfaidh an togra nua do TG4 féin, tá féidearthachtaí ann do chruthú tairseach dáileacháin do Aipeanna agus modhanna eile teagaisc ar-líne d’fhoghlaimeoirí , rud d’fhéadfadh dul chun tairbhe do Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge.

Sheol an tAire Rabbitte an togra le linn cuairte ar Cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe, áit ar bhuail sé le Bord TG4, leis an bhfoireann oibre agus ina bhfuair sé léargas le linn a chamchuairte ar na háiseanna nuálacha craolacháin agus stiúideo atá ansin.