Foilsithe ar 

Tús á chur le comhairliúcháin poiblí maidir leis an bpróiseas roghnúcháin i ndáil le Bord Údarás na Gaeltachta

D'fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers T.D., inniu (16 Feabhra 2022) go bhfuil tús á chur láithreach le comhairliúchán poiblí mar chuid den athbhreithniú ar an bpróiseas roghnúcháin/toghcháin i ndáil le Bord Údarás na Gaeltachta, a gealladh go ndéanfaí sa Chlár Rialtais. Fágann sé seo go mbeidh an deis á tabhairt don phobal agus d’eagraíochtaí gur spéis leo, a dtuairimí agus a moltaí faoin ábhar a roinnt i scríbhinn leis an Roinn idir seo agus 25 Márta 2022.

 

D’fhógair an tAire Stáit Chambers chomh maith go bhfuil súil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Poiblí, sainchomhairleoireacht a cheapadh le hanailís agus athbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar agus moltaí ina leith a sholáthar don Roinn maidir leis an gcur chuige roghnúcháin/toghcháin is fearr don todhchaí. Cuirfear san áireamh moltaí agus tuairimí faoin ábhar a fhaightear de thoradh an phróisis chomhairliúcháin phoiblí i dtreo an obair ar fad a bheith críochnaithe i mí Iúil 2022 nó mar sin.

 

Dúirt an tAire Stáit Chambers:

 

“Tá áthas orm go bhfuil an deis á cur ar fáil idir seo agus 25 Márta 2022 don phobal agus d’eagraíochtaí ar spéis leo, moltaí agus tuairimí faoin ábhar a roinnt i scríbhinn faoin gcaoi a roghnaítear agus a cheaptar Bord an Údaráis. Fáilteoimid go mór roimh tuairimí agus moltaí faoin ábhar. Is é an cuspóir foriomlán leis an bpróíseas féachaint chuige go bhfuil fáil ag an Údarás ar an saineolas agus ar na scileanna ábhartha cuí atá riachtanach maidir le feidhm an bhoird– rud atá ar leas foriomlán an Údaráis agus na bpobal ar a ndéanann sé freastal i ndeireadh báire mar fhoras stáit. Creidim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh glór agus ionchur cuí ag pobail na Gaeltachta san obair dhúshlánach a dhéanann an Bord ar leas an Údaráis agus phobal na Gaeltachta.”   

 

CRÍOCH

 

Press and Information Office

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Tel: 087 6737338 / 087 7374427 Email: press.office@tcagsm.gov.ie Website:  Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia To unsubscribe from these emails, please click HERE.

 

 

Nótaí don Eagarthóir

 

Comhairliúchán Poiblí: https://www.gov.ie/en/consultation/b9545-athbhreithniu-ar-an-bproiseas-roghnuchaintoghchain-i-ndail-le-bord-udaras-na-gaeltachta/

 

 

Tá sé mar phríomhchúram ar Údarás na Gaeltachta geilleagar na Gaeltachta a fhorbairt chun caomhnú agus saibhriú na Gaeilge mar phríomhtheanga inti a threisiú. Lena chuspóirí a bhaint amach, leanann Údarás na Gaeltachta, a bunaíodh i 1980, aidhmeanna straitéiseacha sna réimsí forbartha tionscail, réigiúnaigh, pobail agus pleanála teanga. Tá an tÚdarás bainteach chomh maith le gníomhaíochtaí forbartha pobail, cultúrtha agus turasóireachta. Feidhmíonn an tÚdarás faoi na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta 1979-2010 agus Acht na Gaeltachta 2012.

 

Bord an Údaráis

 

Is tar éis próiseas roghnúcháin/ainmniúcháin a ceaptar comhaltaí an bhoird faoi láthair. Bhíodh tromlach na gcomhaltaí tofa ag an bpobal ar an mBord go dtí 2012, nuair a laghdaíodh líon na gcomhaltaí ó 20 go 12 mar atá anois, faoi réir na bhforálacha ábhartha d’Acht na Gaeltachta 2012.

 

Faoin socrú reatha, tá an bord comhdhéanta de chúigear comhalta a ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla ábhartha a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu,  chomh maith le seachtar comhalta eile a roghnaítear bunaithe ar chomórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (PAS). Is é an tAire a cheapann Cathaoirleach an Bhoird.

 

Faoi réir na bhforálacha ábhartha den Acht, is ar feadh tréimhse cúig bliana a mhaireann an ceapachán – cé is móite de na contaetha a bhfuil ceantar beag Gaeltachta i gceist, eadhon: Contaetha Chorcaí, Phort Láirge agus na Mí. I gcás na gcontaetha seo is ar feadh tréimhse dhá bhliain a mhaireann an ceapachán agus is ar bhonn an róta a leanas a mhaireann an tréimhse:  An Mhí, Corcaigh agus Port Láirge.

 

Ós rud é gur ceapadh an Bord reatha i mí Eanáir 2018, tiocfaidh deireadh lena shaolré i mí Eanáir 2023. Is é seo an dara bord atá ceaptha faoi na socruithe reatha réamhluaite. Tá cúigear ban ar an mBord faoi láthair, an líon is mó ban a bhí ar an mbord riamh (ionann le níos mó ná 40%).