Foilsithe ar 

€1.6 milliún ceadaithe ag an Aire Kyne chun tacú le naoi gcúrsa Gaeilge

Tá maoiniú € 1.63 milliún ceadaithe ag Sean Kyne TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge chun tacú le cúrsaí Gaeilge in institiúidí ardoideachais lena n-áirítear OÉ, Gaillimh, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Mhá Nuad chomh maith le hÓstaí an Rí agus an eagraíocht oiliúna Gaeilge, Gaelchultúr.

Tríd an maoiniú seo, tacaítear  le réimse sainchúrsaí tríú leibhéal Gaeilge do mhic léinn ar nós aistriúcháin, dlí agus ateangaireachta a chuireann ar a gcumas deiseanna a thapú in Éirinn agus thar lear, go háirithe ag leibhéal an AE.

Is gealltanas faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge agus faoi Phlean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais don Ghaeilge atá sa Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge faoina gcuirtear maoiniú ar fáil do 12 cúrsa tríú leibhéal ar an iomlán chun tacú leis an obair leanúnach atá ar bun chun an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil agus oibre iomlán san Aontas Eorpach.

Dheimhnigh an tAire Kyne an maoiniú nuair a thug sé cuairt ar Ghaelchultúr:

Léiríonn an maoiniú bhreise seo de € 811,953 agus € 817,539 don dá bhliain acadúil amach romhainn (2019/20 agus 2020/21) ár dtiomantas do chúrsaí Gaeilge ardleibhéil agus praiticiúla tríú leibhéil ar fud na tíre.

Tabharfaidh réimse cúrsaí, lena n-áirítear máistreachtaí nó ard-dioplómaí san aistriúchán, sa dlí agus san ateangaireacht na scileanna atá riachtanach chun glacadh le deiseanna fostaíochta anseo sa bhaile agus thar lear.