Foilsithe ar 

€1 mhilliún ar fáil d'athbheochan bunaithe ar an oidhreacht i mbailte stairiúla na hÉireann do 2020

  • Tionscadail chaomhnaithe bunaithe ar an oidhreacht
  • An oidhreacht ag cur le caighdeán maireachtála  inár mbailte stairiúla

Sheol an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, Tionscnamh na mBailte Stairiúla 2020 inniu faoina gcuirfear €1 mhilliún ar fáil d'athbheochan bunaithe ar an oidhreacht i mbailte stairiúla.

Gnóthas comhpháirteach idir an Roinn agus an Chomhairle Oidhreachta atá i dTionscnamh na mBailte Stairiúla (HTI) 2020.  Cuireann sé leis na tionscadail HTI, a d'éirigh go maith leo in 2018 agus 2019, inar cuireadh maoiniú ar fáil do thionscadail chaomhnaithe bunaithe ar an oidhreacht in dhá bhaile dhéag ar fud na tíre.

Seo a leanas na bailte a fuair maoiniú in 2019 - Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall, Cill Rois, Contae an Chláir, Mainistir na Búille, Contae Ros Comáin, an Uaimh, Contae na Mí, an tAonach, Contae Thiobraid Árann agus Béal an Átha, Contae Mhaigh Eo.

Dúirt an tAire le linn an fhógartha:

Tá ríméad orm bliain eile de Thionscnamh na mBailte Stairiúla a sheoladh trína gcuirtear borradh faoi bhailte stairiúla na tíre seo. Cuirfear €1 mhilliún ar fáil idir roinnt bailte agus cuideoidh sé sin leis an infheistíocht agus athbheochan a spreagadh. Dúirt an tAire ina dhiaidh sin 'Tríd an tionscnamh seo, leantar de mo thiomantas chun teacht aniar ár n-acmhainní oidhreachta a mhéadú de réir mar a leagtar amach sa 'Phlean um Oiriúnú d'Athrú Aeráide don Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta' a d'fhoilsigh mo Roinnse le gairid.

Léirítear tríd an gcleachtas maidir le hathbheochan bunaithe ar an oidhreacht a bhfuil aitheantas faighte go hidirnáisiúnta aige, gur féidir úsáid a bhaint as an oidhreacht chun áit tharraingteach a chruthú inar féidir le daoine maireachtáil, oibriú agus cuairt a thabhairt uirthi. Trí fhuinneamh nua a chur ar ais i gcroílár baile, bíonn buntáistí eacnamaíochta ag baint leis sin mar go dtagann méadú ar líon na gcustaiméirí agus na gcuairteoirí agus bíonn beocht in áitribh thráchtála agus chónaithe a bhí folamh tráth.

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta, Michael Parsons Uasal, agus é ag caint ar Thionscnamh na mBailte Stairiúla: ‘Bíonn cláir mar seo ag brath ar chomh mór is a thugann an pobal agus gnónna áitiúla aire dá mbaile stairiúil. Le tacaíocht ón rialtas áitiúil agus ón rialtas náisiúnta is féidir linn an oidhreacht a úsáid chun saol na ndaoine ar fad a fheabhsú i mbailte stairiúla na tíre.’

Ba chóir go mbeadh acmhainní suntasacha cultúir agus oidhreachta ag baile atá ag iarraidh leas a bhaint as Tionscnamh na mBailte Stairiúla agus ba chóir go mbeadh daonra táscach íosta 1,500 áitritheoir ann.

Reáchtálfaidh an Chomhairle Oidhreachta ceardlann do phearsanra údarás áitiúil a bhfuil suim acu iarratas a dhéanamh ar HTI 2020 ina n-oifigí i gCill Chainnigh an 10 Eanáir 2020. Beidh údaráis áitiúla ábalta cur isteach ar HTI 2020 ón 5 Nollaig 2019. Ní mór iarratais a chur ar aghaidh trí chóras deontas ar líne na Comhairle Oidhreachta. Is an 7 Feabhra 2020 an dáta deiridh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Thionscnamh na mBailte Stairiúla, téigh chuig http://www.heritagecouncil.ie/historic-towns-grant-scheme

 

Nóta d'Eagarthóirí

Maidir leis an gComhairle Oidhreachta: Bunaíodh an Chomhairle Oidhreachta faoin Acht Oidhreachta 1995 agus tá freagracht uirthi as beartais agus tosaíochtaí a mholadh maidir leis an oidhreacht náisiúnta. Oibríonn sí i gcomhar le réimse gníomhaireachtaí, pobal agus daoine aonair chun oideachas, sásamh agus tuiscint maidir leis an oidhreacht náisiúnta a chur chun cinn. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig: www.heritagecouncil.ie.

Maidir le Tionscnamh na mBailte Stairiúla 2020: Arna riar ag an gComhairle Oidhreachta, tá sé i gceist leis an gclár HTI tacú le líon beag bailte in 2020. Ní ghlacfar ach le hiarratais ó údaráis áitiúla agus leithdháilfear maoiniú ar bhonn iomaíoch de réir na gcritéar measúnachta arna leagan amach sna treoirlínte ag http://www.heritagecouncil.ie/historic-towns-grant-scheme.

Is é an Grúpa Stiúrtha Náisiúnta do HTI a dhéanfaidh iarratais a mheas agus a chuirfidh moltaí ar fáil do Bhord na Comhairle Oidhreachta maidir le maoiniú faoin gclár.