Foilsithe ar 

€26,000 Breise Ceadaithe ag Aire Stáit Mchugh Don Tionscnamh ‘Ciste 125’ Faoi Bhliain Na Gaeilge 2018

Tá €26,000 breise ceadaithe ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D. inniu le freastal ar an éileamh faoi Chiste 125, tionscnamh faoi Bhliain na Gaeilge 2018. 

Faoin deontas €450,000 a cheadaigh an tAire Stáit ag tús na bliana, tá Foras na Gaeilge i bhfeighil chlár leathan imeachtaí do Bhliain na Gaeilge 2018, Ciste 125 san áireamh.

Threisigh Aire Stáit McHugh an tábhacht a bhaineann le Ciste 125 toisc go bhfuil sé oscailte do ghrúpaí, eagraíochtaí, coistí agus clubanna a bhfuil sé i gceist acu imeacht nó tionscadail a reáchtáil ar an talamh do Bhliain na Gaeilge 2018 agus do chur chun cinn na Gaeilge.  

Faoi Chiste 125, cuireadh ciste €125,000 ar leataobh chun deontais bheaga sa réimse €500- €1,000 a chur ar fáil do ghrúpaí i mbun imeachtaí nó tionscadail ábhartha le linn Bhliain na Gaeilge 2018.  Cuireadh €50,000 ar fáil d’imeachtaí sa chéad 6 mhí den bhliain agus €75,000 ar fáil d’imeachtaí sa dara leath den bhliain.

Dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh ríméad air go bhfuil an-éileamh ar Chiste 125

Tar éis €50,000 a chur ar fáil do 80 grúpa faoin gcéad bhabhta, chuir os cionn 200 grúpa isteach ar an dara babhta.  Tuigtear dom go bhfuil 120 deontas ceadaithe ag Conradh na Gaeilge ar ollchostas €75,000 ach d’fhág sé sin 52 grúpa, a chuir isteach iarratas bailí, nach mbeadh in ann maoiniú a fháil faoi Chiste 125.  Tuigtear dom freisin go mbeidh an dara babhta de Chiste 125 ag freastal ar 26 contae ar fud an oileáin agus 15 iarratas thar lear freisin.   Sna cúinsí sin, bhí ríméad orm €26,000 sa bhreis a cheadú do Chiste 125 le cinntiú go gcuirfear maoiniú ar fáil don 52 grúpa breise sa chás seo.

Is féidir teacht ar gach eolas faoi Bhliain na Gaeilge 2018, arna sheoladh ag an Taoiseach Leo Varadkar, i mí na Nollag 2017, ar-líne ag www.gaeilge2018.ie