Foilsithe ar 

€753,350 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne chun oibreacha caipitiúla a dhéanamh ar roinnt d’oileáin na tíre

Tá sé curtha in iúl ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD, inniu go bhfuil deontas €753,350 san iomlán ceadaithe aige chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar oileáin éagsúla amach ón gcósta.  Is do Chomhairlí Chontae Chorcaí, Mhaigh Eo, Dhún na nGall agus na Gaillimhe atá na deontais ceadaithe agus is mar seo a leanas a leithdháilfear iad:

 

Comhairle Chontae Chorcaí

€249,975

Comhairle Chontae Mhaigh Eo

€295,250

Comhairle Chontae Dhún na nGall

€110,625

Comhairle Chontae na Gaillimhe

€97,500

 

Is iad Faoide, An tOileán Mór, Inis Uí Drisceoil agus Inis Arcáin i gContae Chorcaí, Inis Bigil, Cliara agus Inis Toirc i gContae Mhaigh Eo, Oileán an Bhráighe, Árainn Mhór, agus Gabhla i gContae Dhún na nGall agus Inis Mór i gContae na Gaillimhe na hoileáin atá i gceist.

 

Dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh an-áthas air fógra mar seo a dhéanamh. 

Léiríonn an fógra seo inniu, maidir le cúnamh chun mionoibreacha a chur i gcrích ar na hoileáin, go bhfuil an Rialtas tiomanta acmhainní a chur ar fáil le go bhfeabhsófaí infreastruchtúr ar na hoileáin, nuair atá na hacmhainní sin ar fáil,” a dúirt an tAire.

 

Ina theannta sin d’fhógair sé go bhfuil síneadh 6 mhí curtha leis an gconradh farantóireachta agus bus go hInis Bigil a cuireadh tús leis ag tús na míosa seo agus go mbeidh conradh fadtéarmach á chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin.

Níl sé i bhfad ó rinne an tAire Stáit Kyne cinneadh Coiste Idir-rannach maidir le Forbairt na nOileán a bhunú.