Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Stáit McHugh fáilte roimh leithdháiltí na cáinaisnéise don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin do 2018

Mar Aire Stáit dár dteanga dhúchais, dár gceantair Ghaeltachta agus dár n-oileáin, tuigim go rímhaith an dualgas atá orm úsáid na Gaeilge ar fud na tíre, agus ar fud na bpobal atá ina lár, a chosaint agus a fheabhsú.
Fáiltím roimh an maoiniú breise do mo Roinn i gCáinaisnéis 2018 a fógraíodh inniu, le méadú breise de €2.5m á chur ar fáil - rud a fhágann maoiniú breise de níos mó ná €5m thar dhá bhliain.
Tá an Rialtas seo dírithe ar theacht leis an tiomantas dár gcultúr atá le feiceáil i mórán de na heagraíochtaí díograiseacha atá ar fud an Stáit, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.
Tá aitheantas tugtha don obair chrua seo sa Cháinaisnéis le suim iomlán an bhliain seo chugainn de €62.595 milliún don teanga, don Ghaeltacht agus do na hoileáin.
San áireamh i mo chuid pleananna don bhliain seo chugainn tá:
€1.4m breise chun tacú leis an Phróiseas Pleanála Teanga faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge;
€400,000 de mhaoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta chun infheistiú ina chláir caipitil agus chun tacaí a mhéadú do chomharchumainn agus d’eagraíochtaí forbartha pobail na Gaeltachta, rud a fhágann go bhfuil an maoiniú caipitil don Údarás méadaithe go €7m;
Leithdháileadh breise de €687,000 do Scéimeanna Tacaíochta Teanga na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht.
San áireamh i mbuiséad na bliana seo chugainn tá suim shuntasach de €14.028 milliún le cur ar fáil don Fhoras Teanga, a chuimsíonn Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise. Is figiúirí táscacha iad seo atá faoi réir fhaomhadh na Meastachán amach anseo agus faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i gcás an Fhorais Teanga.
Beidh tacaíocht don Ghaeilge agus forbairt inbhuanaithe phobail na n-oileán ina bpríomhthosaíochtaí domsa go fóill in 2018. Tá grá dár dteanga agus dár gcultúr ag dul i méid i gcónaí; is é seo a fhágann gur dream ar leith muid. Bíonn an sárobair a bhíonn ar bun i gceantair Ghaeltachta chun úsáid na teanga a chaomhnú agus a fhorbairt ar siúl taobh leis an obair inár n-earnáil oideachais ar fud na tíre agus an t-éileamh ar áiteannta i nGaelscoileanna agus in institiúidí dara agus tríú leibhéal Gaeilge ag dul i méid achan bhliain.
Is príomhthosaíocht do mo Roinnse é cur i gcrích na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus is cúis áthais dom go bhfuil méadú ar an maoiniú don Ghaeilge, de réir an ghealltanais atá tugtha i gClár an Rialtais.
Tá mé sásta ach go háirithe leis an €1.4m breise atá curtha ar fáil chun tacú leis an phróiseas pleanála teanga. An mhí seo a chuaigh thart, d'fhógair mé go bhfuil an chéad trí phlean teanga Gaeltachta ceadaithe, rud a thugann deis anois na pleananna sin a bhogadh ar aghaidh go dtí an chéim is tábhachtaí den phróiseas pleanála teanga, is é sin cur i bhfeidhm na bpleananna teanga. Beidh an maoiniú breise seo ríthábhachtach de réir mar a bheidh breis pleananna teanga á gceadú agus á mbogadh ar aghaidh go dtí an cur i bhfeidhm sa bhliain atá amach romhainn.
Tá mé sásta fosta gur éirigh liom €400,000 de mhaoiniú breise a chinntiú d’Údarás na Gaeltachta chun infheistiú ina chláir caipitil agus chun méadú ar a thacaí do chomharchumainn agus d’eagraíochtaí forbartha pobail na Gaeltachta. Tabharfaidh an méadú seo ar mhaoiniú figiúr bunlíne caipitil na heagraíochta suas go €7m agus méadófar fosta an t-allúntas do chomharchumainn agus d’eagraíochtaí forbartha pobail na Gaeltachta. Tá ról lárnach ag an Údarás sa phróiseas pleanála teanga, i gcoinneáil poist ina chliantchuideachtaí agus i mealladh níos mó infheistíochta isteach sna ceantair Ghaeltachta agus tá mé muiníneach go dtabharfaidh a n-allúntas foriomlán deis dóibh a sainchúram a chomhlíonadh sa bhliain atá le teacht.
Tá allúntas breise de €687,000 ceadaithe fosta do Scéimeanna Tacaíochta Teanga na Roinne taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá curtha go mór ag na scéimeanna seo le cuid den obair is nuálaí atá ar bun maidir leis an teanga le blianta beaga anuas agus tá mé ag dréim le níos mó dul chun cinn sna réimsí seo in 2018. Bainfear úsáid fosta as an maoiniú breise atá á chur ar fáil i mbliana chun cláir éagsúla foghlama Gaeilge a mhaoiniú taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, rud a bhfuil sé mar aidhm leis líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a mhéadú.