Foilsithe ar 

Leithscéal an Stáit arna Ghabháil ag an Taoiseach, Dáil Éireann

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil in Aghaidh Soláthair

A Chinn Chomhairle,

Mar Thaoiseach, gabhaim leithscéal, thar ceann an Stáit, leis na mná agus a ndaoine muinteartha a d’fhulaing iliomad teipeanna ar an mbealach a oibríodh scagthástáil ceirbheacs inár dtír i gcaitheamh go leor blianta.

Gabhaim an leithscéal i ndiaidh dom casadh agus éisteacht le go leor díobh siúd a bhí thíos leis agus gabhaim an leithscéal le treoir ó thuarascáil Fiosrúcháin Scally.

Gabhaimid leithscéal inniu leo siúd ar scriosadh a saol, leo siúd ar milleadh a saol, agus leo siúd a bhféadfadh a saol a bheith an-difriúil.

Is eol dúinn nach féidir le cláir scagthástála ceirbheacs gach ailse a bhrath, ach aithnímid, áfach, an iomaí teip a tharla.

Gabhaimid leithscéal as:

  • teipeanna ar rialachas cliniciúil
  • teipeanna ceannaireachta agus bainistíochta
  • teip ar an bhfírinne iomlán a insint agus chun sin a dhéanamh ar bhealach tráthúil
  • an náire, an dímheas agus an feall
  • an t-athdhearbhú bréagach
  • na hiarrachtaí a rinneadh chun beag is fiú a dhéanamh de thromchúise na tubaiste seo.

Gabhaimid leithscéal leo siúd a thug a gcosa leo agus a bhfuil rian na tubaiste seo greanta go domhain orthu go fóill, ar a gcorp agus ar a n-intinn. Faoi mar atá ar a dteaghlaigh.

Gabhaimid leithscéal leo siúd atá anseo inár láthair. Leo siúd atá ag féachaint ón mbaile agus nár sceith le duine ar bith eile é. Gabhaimid leithscéal leo siúd atá imithe ar shlí na fírinne agus nach féidir a bheith anseo.

Aithnímid an teip a bhí ar CervicalCheck.

Tá leithscéal an lae inniu ró-dhéanach i measc roinnt daoine a bhí thíos leis. I measc daoine eile, ní bheidh an leithscéal leordhóthanach riamh.

Gabhtar leithscéal an lae inniu leis na daoine go léir sa Stát ar cliseadh orthu. Agus leis na teaghlaigh a rinne an íobairt mar gheall ar na teipeanna siúd.

Seirbhís lochtach, gealltanais nár sásaíodh, saol briste – tubaiste a d’fhág briseadh croí ar thír. Córas a raibh teip i ndán dó.

Gabhaimid leithscéal lenár mná céile, ár n-iníonacha, ár ndeirfiúracha, ár máithreacha.

Leis na fir a chaill croílár a saoil agus ar gá dóibh iarracht a dhéanamh gach lá chun cúrsaí a chur ina gceart. Na haithreacha singil agus na seantuismitheoirí.

Leis na leanaí a mbeidh bearna mhór ina saol i gcónaí.

Leo siúd go léir atá faoi bhrón de bharr an mhéid a sciobadh uathu. Na laethanta sonra nach mbeidh ann go deo.

B’fhéidir nach gcuireann leithscéal Stáit clabhsúr ar fáil, ach tá súil agam go gcabhróidh sé leis an teacht aniar.

Chas mé le roinnt díobh agus le bhur dteaghlaigh agus chuala mé bhur scéalta, scéalta a insíodh dom le dínit, misneach agus iomláine. Saol teaghlach iompaithe bun os cionn.

An crá croí nuair a chailltear daoine muinteartha.

Ciontacht na ndaoine siúd a thug a gcosa leo, agus a cheapann gurb iad siúd na daoine a raibh ‘an t-ádh’ orthu. Iad siúd a chaill a bpoist agus a ngairmeacha beatha, a gcumas chun leanaí a thabhairt ar an saol, an féinmheas a bhraitheann siad. Iad siúd a bhraitheann millte taobh istigh, a bhraitheann gur bhain siad an fhéidearthacht dá bpáirtnéir chun leanbh a shaolú. Todhchaí atá sciobtha uathu.

Ní dhéanfaidh leithscéal Stáit gach rud atá briste a dheisiú, ná ní dtabharfaidh sé gach rud ar ais a cailleadh, ach is féidir linn fiúntas éigin a thabhairt dó.

A bhuíochas le trí thuarascáil an Dr Scally ar CervicalCheck, tá roinnt fírinní aimsithe againn.

Tá go leor fíricí ar eolas anois againn.

Ní bheidh roinnt rudaí ar eolas riamh againn.

Ach is féidir linn dul i mbun gnímh in aghaidh an mhéid is eol dúinn agus a chinntiú nach dtarlaíonn sé seo arís.

Ghlac an Rialtas le gach ceann de na moltaí a leagtar amach i dtuarascálacha an Dr Scally agus cuirfear gach ceann díobh i bhfeidhm.

Anois, i bhfocail Vicky Phelan, ba mhian liom go mbíonn rud éigin maith mar thoradh ar an méid seo go léir.

Ag labhairt mar dhochtúir, agus mar pholaiteoir, deartháir agus mac, is eol dom na ceachtanna gur gá dúinn a fhoghlaim.

Teastaíonn cultúr níos fearr uainn inár seirbhís sláinte, cultúr a chaitheann le hothair le meas agus a insíonn an fhírinne i gcónaí. Cultúr nach mbíonn atharthaíoch riamh - ní hé an dochtúir is eolaí i gcónaí. Caithfimid an t-eolas iomlán a roinnt i gcónaí lenár n-othair, a admháil go ndearnadh botúin, agus tús áite a thabhairt don duine. Níl eolas ar bith ann faoi othar nár cheart a chur in iúl don othar. Níor cheart go mbraithfeadh othar riamh go bhfuil aon rud á cheilt ag an gcóras. Níor cheart dúinn gníomhú ná níor cheart go dteipfeadh orainn gníomhú mar gheall go bhfuil eagla orainn roimh dhlíthíocht nó go gcuirfear milleán orainn.

Rinne an bhaint a bhí ag daoine a thacaíonn le hothair, ar nós Stephen Teap agus Lorraine Walsh agus daoine eile ár bhfreagairt a mhúnlú agus a fheabhsú.

Tá an beartas Nochta Oscailte leasaithe againn chun go mbeidh an t-eolas iomlán ag othair amach anseo faoina gcúram agus cóir leighis. Cuirfear ar an eolas iad nuair nach n-éiríonn le rudaí, casfar leo le plé a dhéanamh ar an méid a tharla, agus gabhfar leithscéal ó chroí leo má rinneadh botún fad a bhí cúram á thabhairt dóibh. Thar aon ní eile, caithfear le hothair le hatrua agus ionbhá.

Déanfar foráil sa Bhille nua um Shábháilteacht Othar go ndéanfar teagmhais thromchúiseacha intuairiscithe a thabhairt le fios agus deimhneofar ann dualgas reachtúil ionracais.

Bunóimid Comhairle nua Neamhspleách um Shábháilteacht Othar go gairid. Is é an chéad chúram a leagfar ar an gComhairle ná chun athbhreithniú mionsonraithe a dhéanamh ar na beartais reatha maidir le Nochtadh Oscailte ar fud an tírdhreacha iomláin cúram sláinte.

Mar Stát, tá de chuspóir againn galar a dtagtar go rí-annamh air in Éirinn a dhéanamh d’ailse cheirbheacs. Tá sé nach mór dodhéanta deireadh a chur le galar ach is féidir linn an sprioc sin a bhaint amach den chuid is mó.

Mar sin, táimid ag aistriú chuig bun-scagthástáil a dhéanamh ar phapalómaivíreas daonna, agus beidh Éire ar cheann de na chéad tíortha ar domhan a ghlacfaidh leis an scagthástáil nua níos cruinne seo.

Tá an vacsaín le haghaidh papalómaivíreas daonna, a bhfuil forbairt ag teacht air i gcónaí, á thabhairt isteach againn, chomh maith, i measc buachaillí.

Tá oideachas agus eolas á chur ar fáil againn do thuismitheoirí faoi na tairbhí a bhaineann leis an vacsaín.

Tá infheistiú á dhéanamh againn i saoráidí níos fearr in Éirinn, ar nós saotharlann náisiúnta scagthástála ceirbheacs, i gcomhar le hOspidéal an Choim. Glacfaidh sé roinnt ama ar an tsaoráid fheabhsaithe seo a fhorbairt ach cuirfidh sé cothromaíocht níos fearr ar fáil idir soláthar seirbhísí saotharlainne poiblí agus príobháideacha don chlár scagthástála ceirbheacs, agus tabharfaidh sé tús áite i gcónaí do cháilíocht, seachas costas. Tabharfaidh sé níos mó tástála ar ais go hÉirinn.

Is gá dúinn muinín a athbhunú as scagthástáil.

Chomh maith leis sin, tá orainn éisteacht leo siúd a d’fhulaing agus foghlaim óna gcuid scéalta chun gur féidir linn an ceartas a bhaint amach.

Bhunaíomar Binse CervicalCheck in Iúil, ar binse reachtúil é a dhéileálann le saincheist an dliteanais i gcásanna CervicalCheck. Ní bheidh sé gan locht, ach beidh sé níos tapúla, agus beidh breitheamh tiomnaithe agus saineolaithe neamhspleácha aige agus ní bheidh sé chomh teasaí agus a bhíonn cúirt.

Tá an ceart go fóill ag mná chun dul a fhad leis an gcúirt.

Bhunaíomar scéim cúitimh ex-gratia dóibh siúd a ndearna neamhnochtadh an iniúchta ar CervicalCheck difear dóibh chun cúiteamh airgeadais a sholáthar gan an gá a bheith ann le dul a fhad leis an gcúirt.

Níor bhain airgead leis seo riamh, áfach. Bhain cuntasacht leis, an méid a tharla agus an fáth gur tharla sé, ceartas a sholáthar agus an tsíocháin a bhaint amach. B’éard a bhain leis ná an méid a tharla a aithint go bríoch, agus a dhearbhú nach dtarlóidh é seo riamh arís do dhuine ar bith eile.

Tá botúin bhreise tugtha faoi deara againn i roinnt de na saotharlanna ó foilsíodh Tuarascáil Scally, a bhí mar chúis le mearbhall agus imní, agus tá níos mó le déanamh againn, dá bharr, chun muinín a athbhunú. Táimid meáite air sin a dhéanamh.

A Chinn Chomhairle,

Níor cheart gur tharla an méid a tharla don oiread sin ban agus teaghlach. Cé nár bhain faillí le gach cás, ba dheis nár tapaíodh a bhí i ngach cás chun diagnóis níos luaithe a dhéanamh agus chun cóir leighis a chur orthu níos luaithe.

Ba theip a bhí ann ar ár seirbhís sláinte, ár Stát, a ghníomhaireachtaí, a chórais agus a chultúr.

Tá an fhírinne agus na fíricí aimsithe againn.

Tá na hathruithe á ndéanamh againn chun rudaí a chur ina gceart.

Is gá dúinn muinín a athbhunú agus caidreamh a dheisiú.

Thar ceann an Rialtais agus an Stáit, tá brón orm gur tharla sé. Agus gabhaim leithscéal le gach duine a gortaíodh nó a ndearnadh éagóir orthu. Geallaimid a chinntiú nach dtarlaíonn sé riamh arís.