Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, 4ú Comhdháil Dhomhanda Bhliantúil ar Éifeachtúlacht Fuinnimh na Gníomhaireachta Fuinnimh Idirnáisiúnta, Caisleán Bhaile Átha Cliath

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil in aghaidh Soláthair

Móradh daoibh ar maidin.

Is deas liom fáilte a chur romhaibh go léir go Baile Átha Cliath agus chun an 4ú Comhdháil Dhomhanda ar Éifeachtúlacht Fuinnimh a oscailt go foirmiúil.

Thar ceann an Rialtais, ba mhaith liom fáilte ar leith a chur roimh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Dr Fatih Birol, foireann an GFI agus, go háirithe, Brian Motherway, as bhur n-aonad éifeachtúlachta fuinnimh.

Tá an t-ionad seo oiriúnach. Tá i gCaisleán Bhaile Átha Cliath breis agus míle bliain de stair na hÉireann.

Is é an áit a gcuirimid fáilte roimh ár n-uaisle eachtracha, an áit a gcuirimid féastaí Stáit ar siúl, agus an áit a ndéanaimid ár nUachtaráin a insealbhú. Don lá inniu agus amárach, is é an áit a ndéanfaimid plé ar shaincheisteanna a imreoidh tionchar ar ár bpláinéad dár saolré agus ina dhiaidh sin.

Faoi mar a thuigim, seo an chéad uair a chuir sibh bhur gcomhdháil éifeachtúlachta fuinnimh ar siúl lasmuigh de Pháras. Tá onóir orainn gur sinne bhur gcéad óstach seachtrach agus tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as bhur gcuid ama anseo in Éirinn.

A chairde dhílse, tráth ríthábhachtach dár bpláinéad é an t-am i láthair. Cinnfidh na cinntí agus na gníomhartha a dhéanfaimid sna chéad chúpla bliain eile amach anseo ár dtodhchaí agus todhchaí na glúine amach anseo.

Caithfidh díriú gan staonadh ar éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú a bheith lárnach inár bhfreagairt d’athrú aeráide. Caithfimid comhoibriú agus oibriú as lámh le daoine timpeall an domhain, an méid a d’fhoghlaíomar a roinnt, agus bealach níos inbhuanaithe a aimsiú chuig an todhchaí.

In Éirinn, creidimid go gcabhróidh ár mballraíocht den GFI le fada an lá linn chun an bealach sin a aimsiú. Tá sibhse i gceartlár an phlé dhomhanda ar fhuinneamh agus éifeachtúlacht fuinnimh. Agus cuireann sibhse luach leis trí thacú le beartais a chuireann barr feabhais ar iontaofacht, inacmhainneacht agus inbhuanaitheacht ár bhfuinnimh.

Faoi cheannaireacht an Dr Birol, tá an tírdhreach domhanda fuinnimh á athrú ó bhonn. Tá mol domhanda déanta den GFI i dtaobh teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain agus éifeachtúlacht fuinnimh, ach go háirithe.

Trí bhur ndoirse a oscailt do gheilleagair, agus trí ghlacadh, mar chumann, le baill de roinnt de na geilleagair is mó agus is tapúla fás ar domhan, ar nós na Síne agus na hIndia, tá bhur sainordú leathnaithe agaibh. Is é bhur bpríomhfhoilseachán, Dearcadh i leith Fhuinneamh an Domhain (‘World Energy Outlook’), an t-údarás ab fhearr maidir le sonraí agus anailís fuinnimh a bhuíochas le bhur ndíriú ar shlándáil dhomhanda fuinnimh.

Tá Éire réidh agus toiliúil chun glacadh lena páirt san iarracht idirnáisiúnta chun éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach. Bhí gliondar croí orm, dá bharr, glacadh le bhur gcuireadh chun gníomhú mar Phátrún Oinigh le Coimisiún Domhanda nua um Éifeachtúlacht Fuinnimh.

Cuireann an Coimisiún seo a dtacaíonn an GFI leis, deis mhaith ar fáil chun beartais a shainaithint ar féidir iad a chur i bhfeidhm laistigh d’amfhráma gearr a chuirfidh le gníomhaíocht i dtaobh éifeachtúlacht fuinnimh go domhanda.

Tá go leor tar éis titim amach anseo ó thug tú cuairt orainn in Aibreán chun Athbhreithniú an GFI ar Bheartais Fuinnimh na hÉireann a sheoladh. Rinne an t-athbhreithniú sin an dul chun cinn daingean a rinne Éire i dtaobh éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú a aithint agus a fháiltiú. Tugtar faoi deara, chomh maith, áfach, go dteastóidh mórathrú in iarrachtaí beartais chun an acmhainn éifeachtúlachta fuinnimh a shaothrú.

D’éisteamar le do theachtaireacht. Tá éifeachtúlacht fuinnimh i gcroílár ár bPlean Gníomhaíochta ar Son na hAeráide a sheolamar Dé Luain seo caite agus cuireann sé na mórthruithe ar fáil a theastaíonn.

Leagtar amach sa phlean uaillmhianach seo conas a bheartaímid ár n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú sna blianta amach romhainn agus gníomhú ar son na haeráide agus bithéagsúlacht a chuimsiú isteach inár mbeartais idirnáisiúnta forbartha agus eachtracha. Ina theannta sin, beidh aer níos glaine, tithe níos teo agus caighdeán na beatha níos fearr againn dá bharr agus cabhróidh sé le poist nua, tithíocht nua agus sláinte nua na todhchaí a chruthú.


Creidimid nach gá an córas a chur as riocht chun é a bhaint amach. Is éard is gá dúinn a dhéanamh ná an córas a athrú.

Oiriúnú, athchóiriú agus nuachóiriú. Réabhlóid aeráide atá cosúil leis na réabhlóidí digiteacha, tionsclaíocha agus talmhaíochta a thit amach roimhe seo, go pointe áirithe. An chéad chéim eile d’fhorbairt dhaonna.

Cruthaíonn gníomhú ar son na haeráide deiseanna ollmhóra. Poist nua, gnó nua agus saibhreas nua á gcruthú trí fhuinneamh in-athnuaite, insliú foirgnimh agus foraoiseacht.

Iompórtálacha laghdaithe breoslaí iontaise agus b’fhéidir fiú an fhéidearthacht go ndéanfar easpórtálaí leictreachais d’Éirinn.

Margaí nua do bhia a tháirgtear go hinbhuanaithe, an lorg carbóin is ísle agus na caighdeáin leasa ainmhithe is airde.

Aithnítear inár bplean nach féidir glacadh leis na seanbhealaí a dhéantar rudaí a thuilleadh. Mar sin, aithnítear idirghabháil ann chun borradh astaíochtaí a scaradh ó bhorradh geilleagrach ar leibhéal earnála.

Agus amhlaidh á dhéanamh, réitíonn sé an bealach do theaghlaigh, gnólachtaí agus earnáil phoiblí na hÉireann chun na hathruithe a dhéanamh a bhíonn deacair agus costasach, amanna, a theastaíonn. Cuirfidh an Plean le Plean nua Fuinnimh agus Aeráide nua na hÉireann, chomh maith.

Agus is eol dom go ndéanfaidh an tAire Bruton plé níos mó ar an obair seo níos déanaí ar maidin.

Tá athrú ag teacht ar chúrsaí maidir le hathrú aeráide – idir thuartha drochratha agus trácht ar dheiseanna. Is léir seo in bhur ndíriú ar nuálaíocht agus digitiú na héifeachtúlachta fuinnimh ag comhdháil an lae inniu.

Faoi mar is eol daoibh, is iomaí cur chuige is féidir a ghlacadh i leith éifeachtúlacht fuinnimh, idir ghníomhartha nach bhfuil costasach ar nós athrú iompraíochta ar thaobh amháin den phingin agus iarfheistiú domhain creatlach foirgníochta ar an taobh eile den phingin.

In idir an dá rud, tá féidearthacht ollmhór ann go ndéanfaidh an teicneolaíocht agus réitigh chliste rudaí a athrú ó bhonn. Is féidir leo cabhrú linn chun ár dtithe, foirgnimh agus gnólachtaí a oibriú agus a reáchtáil níos fearr trí uirlisí agus réitigh nua a sholáthar chun ár n-úsáid fuinnimh a bhainistiú.

Cuireann an díriú méadaithe ar dhigitiú fíor-dheis ar fáil d’Éirinn nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil ceann de na lárionaid teicneolaíochta Eorpacha lonnaithe in Éirinn.

Téama eile ag an gcomhdháil seo is ea an t-airgeadas, agus saincheist eile ríthábhachtach é seo. Ní bheidh aon Státchiste leis féin in ann an leibhéal caiteachais ar éifeachtúlacht fuinnimh agus an clár aeráide níos fairsinge a theastaíonn sna blianta amach romhainn a chistiú go hiomlán. Ní féidir linn na hathruithe a theastaíonn a chur i bhfeidhm ach trí infheistíocht a shaothrú ó na hearnálacha poiblí agus príobháideacha.

Mar sin, caithfidh an domhan airgeadais oiriúnú do réadúlacht nua an athraithe aeráide. Caithfimid leis seo in Éirinn mar dheis – deis chun ár n-earnáil seirbhísí airgeadais a bhreisfhorbairt a bhfuil airgeadas inbhuanaithe ag a ceartlár agus a chinntiú, i gcomhthráth, go bhfuil na hacmhainní againn a theastaíonn chun athrú a chur i bhfeidhm.

Táimid tar éis dul i mbun gnímh cheana féin. Mar shampla, thiomsaigh ár nGníomhaireacht Bainistíochta Cisteáin Náisiúnta €3 billiún i nDeireadh Fómhair na bliana seo caite i ndiaidh dóibh a chéad “banna glas” a dhíol - ba é seo an chéad uair a thiomsaíomar caipiteal do thionscadail a chruthaigh tairbhí comhshaoil ar an mbealach seo.

Táimid ag oibriú, chomh maith, chun príomh-lárnionad domhanda a dhéanamh d’Éirinn le haghaidh airgeadas inbhuanaithe ar mhaithe le bonneagar a fhorbairt agus gníomhú ar son na haeráide.

Mar sin, mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh go léir as teacht go Baile Átha Cliath. Is féidir linn foghlaim óna chéile faoi conas is fearr is féidir linn an clár éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn. Tionól é seo de na saineolaithe is fearr ar domhan agus cabhróidh an díospóireacht a chruthóidh sibh le freagairt dhomhanda a chruthú.

Guím gach rath ort leis an gcomhdháil.

Go raibh maith agaibh.