Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, Chéad Tuarascáil Bhliantúil Thionscadal Éireann 2040 a Sheoladh, Ollscoil Luimnigh

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil in aghaidh Soláthair

Ar an gcéad dul síos, tráthnóna maith agaibh go léir.

Agus go raibh míle maith agat, a Mary, as mé a chur in aithne. Tá gliondar croí orm go bhfuil an oiread sin comhghleacaithe, baill de Comhairle Luimnigh, agus an Feisire Parlaiminte Seán Kelly agus na Seanadóirí, Ciarán O’ Donnell agus Anne-Marie Burn, inár dteannta.

Sheolamar Tionscadal Éireann 2040 - ár bplean lena chinntiú go dtagann forbairt agus rath ar gach cuid dár dtír - san Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach 15 mhí ó shin.

Tionscadal ar leith é Tionscadal Éireann 2040, ní hé an chéad uair a raibh Plean Forbartha Náisiúnta againn, ní hé an chéad uair a raibh Straitéis Spásúlachta Náisiúnta againn. Ach is é an chéad uair a chuireamar an dá rud le chéile ar bhealach fíordhílis.

Plean Spásúlachta Náisiúnta a dtacaíonn fíor-airgead agus fíor-Phlean Forbartha leis.

Fís cheannasach agus uaillmhianach é do thodhchaí na tíre. Agus inniu, bliain amháin níos déanaí, is féidir linn a dheimhniú go bhfuiltear ag tabhairt faoin bhfís seo a fhíorú.


Ceapaim gurb é an rud is tábhachtaí faoi Thionscadal Éireann 2040 ná nach tionscadal aonair é. Tá na céadta agus na mílte tionscadal aonair fud fad na tíre ann, i ngach cathair agus gach contae. €116 billiún atá ann atá á infheistiú i gcaitheamh deich mbliana, i bhforbairt réigiúnach chothrom, i dtaobh ár ngeilleagair agus pobail tuaithe a neartú, agus borradh dlúth a chinntiú inár bpríomhchathracha, Luimneach agus, chomh maith leis sin, inrochtaineacht fheabhsaithe réigiúnach, a chinntíonn gur féidir linn dul ó áit amháin go dtí an chéad áit eile ina measc sin.

Agus ceapaim gur féidir libh cuid den toradh sin a thabhairt faoi deara san fhís infheistíochta sin sa champas seo. Anseo inniu i Leabharlann Glucksman, a chistigh an clár caipitil phoiblí an tríú cuid den chostas, €10 milliún. Tá an leabharlann, gan aon amhras, ar cheann de na Leabharlanna Ollscoile is iontaí agus is nua-aimseartha in Éirinn. Tá córas ARC ann a bhaineann úsáid as teicneolaíocht nua nuálach chun leabhair a stóráil agus a aisghabháil agus is iontach an bealach a stóráiltear agus a aisghabhtar na leabhair a fheiceáil.

Agus, dar ndóigh, tá a mhacasamhail de shamplaí i ngach contae in Éirinn. Ní hionann na hainmneacha atá orthu, ach is ionann an teachtaireacht agus an coincheap. Tá Tionscadal Éireann 2040 ar bun, agus tá pobail á n-athrú aige. Tá na fóid á gcasadh, tá na sluaistí sa talamh agus, i gcásanna áirithe, gearradh ribíní. Agus tá tógáil ar siúl againn don todhchaí.


Tá thart ar 3.5% dár n-ioncam náisiúnta, ón airgead go léir a thuillimid mar thír, á infheistiú i mbonneagar poiblí i mbliana. Mar sin, mar thír a rinne tearcinfheistiú ar feadh go leor blianta agus ar go leor cúiseanna éagsúla, i mbonneagar poiblí, tá an lár-réimse bainte amach anois againn, de réir caighdeáin Eorpacha. Agus bainfimid a mhéid le thart ar 4% amach, san ardréimse de réir caighdeáin Eorpacha i dtaobh infheistíochta i mbonneagar poiblí luath go leor.

Sheolamar ceithre chiste, chomh maith, luach €4 billiún de chistí cinniúnacha, tionscadail chomhoibritheacha agus iomaíocha chun na spriocanna seo a bhaint amach. Is iad na cistí siúd, faoi mar is eol daoibh, an ciste d’Athghiniúint Uirbeach, an ciste um Ghníomhú ar Son na hAeráide agus an ciste Teicneolaíochtaí Bunathraitheacha. Agus bronnadh cistiú ar 200 tionscadal cheana féin ó na ceithre chiste seo.

Sráidbhailte, bailte, agus cathracha a athghiniúint, agus infheistiú i ngníomhú ar son na haeráide agus i dteicneolaíochtaí nua, chomh maith.


Rinneadh trí cheathrú milliún euro a infheistiú anseo, mar shampla, in Ollscoil Luimnigh, sa tionscadal Ceantar Digiteach. Níos faide chun cinn, infheistíodh €2 milliún i dTionscadal Opera sa chathair seo.

Agus infheisteofar €22 billiún i nGníomhú ar son na hAeráide i gcaitheamh na chéad deich mbliana eile amach romhainn.

Agus infheisteofar €8.6 billiún breise in iompar inbhuanaithe a chabhróidh linn ár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go substainteach, agus baineann an-tábhacht leis seo dár bpláinéad agus chun brú tráchta a laghdú, chomh maith, a thabharfaidh níos mó ama do dhaoine lena chaitheamh lena dteaghlaigh agus níos lú ama á chaitheamh acu ina ngluaisteáin.

Tá go leor athraithe le 15 mhí anuas, mar shampla, tá tionscadail a gealladh le fada an lá ar bun agus dul chun cinn maith á dhéanamh acu, an rúidbhealach ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, atá á thógáil anois nó an bóthar nua go Sligeach, atá á thógáil anois ina measc sin.


Agus b’álainn dom, díreach ar maidin, bheith i láthair ag Comhairle Luimnigh, áit ar shíníomar an conradh deartha don M50 nua – conradh €15 milliún a cheanglóidh Corcaigh agus Luimneach le mótarbhealach ardchaighdeáin, agus é mar chuid de chonair nua iompair a cheanglaíonn Corcaigh agus Luimneach agus Sionainn agus Gaillimh agus fíorchonair gheilleagrach a thógáil níos faide ó thuaidh feadh bhord farraige an iarthair. Tá cuid de déanta, agus tá an chéad tionscadal mór á dhearadh agus síníodh an conradh ar maidin.

Seo an tionscadal aonair bóithre is mó in Éirinn go ceann deich mbliana, agus is é an tionscadal aonair is mó i Mumha faoi Thionscadal Éireann 2040.

Tá tithe nua a thógáil i gceist le Tionscadal Éireann 2040, chomh maith. Mar gheall go bhfuil an daonra ag dul i méid agus go meastar go mbainfidh sé 6 milliún duine amach faoin mbliain 2040, beidh orainn go leor tithe agus árasáin eile a thógáil in Éirinn.

Tógadh 18,000 teach agus árasán nua anuraidh in Éirinn. Is ionann sin agus líon níos mó ná in aon bhliain eile le deich mbliana anuas.

Ach ní leor é, go fóill.


Caithfimid thart 30,000-35,000 teach nua a thógáil gach bliain chun freastal ar na éileamh faoi chois ar thithíocht atá inár dtír. Ní féidir é a dhéanamh thar oíche, cé gur mhian liom go bhféadfaí. Nuair a chuirtear san áireamh an méid a tharla sa tír 9 mbliana ó shin, ghlacfadh sé roinnt ama i gcónaí chun ár n-earnáil tógála a atógáil.

Is é ár sprioc chun thart ar 25,000 teach nua a thógáil i mbliana, agus líon níos mó idir 30,000 agus 35,000 a thógáil sna blianta ina dhiaidh sin.

Anuas ar ár ndéimeagrafaic, tá tionscadail nua scoile á dtógáil againn. Agus ceapaim gur thug cuid díobh an t-ardchaighdeán a bhain na scoileanna nua a tógadh amach timpeall na tíre agus gurb eol go maith daoibh a iontaí atá cuid de na foirgnimh nua siúd. Caithfimid foirgnimh scoile a aimsiú chun freastal ar 40,000 scoláire nua i gcaitheamh na chéad chúpla bliain eile amach romhainn, a chuirfidh foirgnimh den chéad scoth in ionad foirgnimh réamhdhéanta.


Tá an Ghníomhaireacht Forbartha Talún ann, chomh maith, a chinntíonn cur chuige níos éifeachtaí agus níos straitéisí i leith pleanála agus talamh a chnuasach, agus úsáid á baint as tailte stáit agus tailte príobháideacha a cheannach chun borradh inbhuanaithe uirbeach a bhaint amach, chomh maith le páirt lárnach a ghlacadh in athghiniúint agus forbairt ár mbailte agus ár gcathracha. Tá ceannaireacht á glacadh ag Luimneach trí thionscadal Luimneach 2030 ina thaobh sin ar go leor bealaí. Ceapaimid, chomh maith, go mbainfidh luachanna talún cobhsaíocht amach trí bhainistíocht níos fearr a dhéanamh ar thalamh agus go ndéanfaidh sé na buaicluachanna an-arda a tháinig ar thalamh agus na lagluachanna a tháinig ar an margadh réadmhaoine a bhí i gceist in Éirinn leis roinnt mhaith blianta anuas a chothromú.

Caithfimid stop a chur le córais bhorrtha agus chliste sa tithíocht agus córais bhorrtha agus chliste sa mhargaíocht réadmhaoine, agus glacann an beartas seo páirt lárnach chun sin a dhéanamh.

Díreoidh an GFT, chomh maith, láithreach bonn ar thithíocht inacmhainne a sholáthar, tithíocht ina measc ar thalamh faoi úinéireacht an stáit, agus leagadh an dualgas air chun 150,000 teach nua a thógáil i gcaitheamh na chéad 20 bliain eile.


I dtaobh nascacht réigiúnach, críochnófar dhá thionscadal mhóra bóithre go gairid: an M11 ó Ghuaire go hInis Córthaidh agus Seachbhóthar Ros Mhic Thriúin an N25. Chomh maith leis sin, tá dul chun cinn déanta anois ar obair ar an Scéim Bóthair ó Luimneach go Faing, a cheanglóidh port ríthábhachtach Fhainge leis an ngréasán bóithre móra, an Seachbhóthar ar Áth Dara ina measc, dar ndóigh. Agus sin an fáth gur luaigh mé ar maidin gur shíníomar an conradh don M20 a thabharfaidh é sin a fhad le céim an Bhoird Phleanála. Agus táimid chun an M20 a thógáil - píosa mór de bhonneagar ríthábhachtach náisiúnta a theastaíonn chun Luimneach agus Corcaigh a cheangal.

Ceapaim, chomh maith, go mbaineann tábhacht mhéadaitheach le nascacht Idirnáisiúnta, go háirithe i gcomhthéacs Brexit. Mar sin, tá infheistíocht á déanamh againn i limistéir ríthábhachtacha - poirt mhóra ár stáit, Baile Átha Cliath, Corcaigh agus Sionainn-Faing. Agus inár n-aerfoirt, chomh maith, agus is deas liom go dtugtar le fios i gcuntais bhliantúla Aerfort na Sionainne líonta méadaithe paisinéirí agus ioncaim mhéadaithe anuraidh. Tá súil againn le borradh breise in 2019, chomh maith.


Is féidir linn na tairbhí a thabhairt faoi deara anseo in Ollscoil Luimnigh a chruthaíonn infheistíocht a dhéanamh san ardoideachas. Is eol dom cé chomh rathúil a bhí Ollscoil Luimnigh agus conas atá difear an-mhór déanta aige don Chathair seo.

Níos mó mic léinn ón gcathair a cheadú fanacht anseo, mic léinn a mhealladh ó chodanna den tír agus thar lear, cabhrú linn infheistíocht agus poist a mhealladh isteach san Iarthar Láir agus cuideachtaí neamhspleácha a dhéanamh de go leor leor cuideachtaí. Is mian linn a mhacasamhail a dhéanamh san oirdheisceart, i ndiaidh gur forbraíodh ollscoil teicneolaíochta ansin i bPort Láirge. Táimid an-mheáite ar an tionscadal sin a thabhairt chun críche go han-luath.

Áirítear le tionscadail eile, dar ndóigh, i gcodanna eile den tír an Ollscoil Teicneolaíochta i mBaile Átha Cliath agus na Cearnóga Láir agus Thoir ag Gráinseach Ghormáin a fhorbairt.

Beidh €15 milliún ag dul i dtreo athchóiriú agus fheistiú thionscadal Ó Cuanach ag Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh, nach bhfuil rófhada ón áit seo.


Faoi mar a luaigh mé, b’fhéidir gurb é an limistéar infheistíochta is mó faoi Thionscadal Éireann an ceann is tábhachtaí don todhchaí, agus Gníomhú ar Son na hAeráide atá i gceist leis. Le bliain anuas, tá infheistíochtaí fíorthábhachtacha déanta againn sa limistéar sin. D’infheistigh an Bord Soláthair Leictreachais, mar shampla, €250 milliún i dtionscadail ghiniúna in-athnuaite agus baineann ríthábhacht leis sin má táimid chun ár n-oibleagáidí a bhaint amach i dtaobh Gníomhú ar son na hAeráide. Tá thart ar 30% nó 40% den fhuinneamh a tháirgtear in Éirinn in-athnuaite anois ach, i bhfírinne, caithfimid thart ar 70% a bhaint amach agus is gá do BSL agus Eirgrid araon infheistíocht mhór a dhéanamh ann sin.

Tá Idirnascaire fomhuirí ar fiú €1 billiún é idir Éirinn agus an Fhrainc i gceist le cuid den mhéid atá á dhéanamh ag Eirgrid anois, a cheanglaíonn ár gcóras leictreachais anseo in Éirinn leis an gcóras sin ar mhór-roinn na hEorpa. Mar sin, nílimid díreach ceangailte leis an mBreatain amháin, agus baineann fíorthábhacht leis sin, chomh maith, ar an iomaí cúis.

Sa mhullach air sin, tá clár mór infheistíochta ar siúl in Uisce Éireann. Tá €2 billiún á infheistiú ag an gcuideachta stáit sin inár líonra uisce, a chinntíonn go bhfeabhsaíonn cáilíocht ár n-uisce óil, go mbíonn i bhfad níos lú fógraí ina moltar an t-uisce a bheiriú, agus táim cinnte go bhfuil i bhfad níos lú díobh ann anois, go sceitheann i bhfad níos lú uisce ón gcóras agus, chomh maith leis sin, go gcuirimid stop le dramhaíl dhaonna a scaoileadh isteach inár bhfarraigí.


Ceapaim, ina theannta sin, maidir le cúrsaí cultúir agus oidhreachta, gur príomhshaothar é tionscadal Opera i gcroílár Chathair Luimnigh a chuirfidh leis an méid a chuireann an chathair seo ar fáil ó thaobh cúrsaí cultúrtha de. Is amhlaidh an scéal maidir le tionscadail eile, ar nós Raon Yeats i Sligeach nó Páirc na nEalaí i mBun Cranncha, ar bronnadh airgead orthu go léir faoin gCiste Tuaithe.

B’fhéidir gur fearr a d’inseofaí scéal Thionscadal Éireann 2040 trí shúil a chaitheamh ar léarscáil ár dtíre. D’fhéadfá aon dá bhaile a phiocadh agus líne a tharraingt eatarthu. Agus thiocfá ar shamplaí feadh an bhealaigh ar bhailte agus sráidbhailte agus pobail a bhain tairbhe agus a bhainfidh tairbhe go gairid amach anseo ón obair atá ar siúl. Cé acu más tithíocht bhreise nó scoileanna nua nó an ciste caipiteal spóirt nó athnuachan bhaile nó sráidbhaile a bhíonn i gceist.


Ní féidir linn filleadh. I ndiaidh go leor blianta a chaitheamh in Éirinn agus athdhaingniú á dhéanamh trí ghearradh siar, táimid ar ár seanléim arís. Tá borradh ag teacht ar an ngeilleagar, tá an leibhéal is ísle bainte amach ag an dífhostaíocht le haon bhliain déag anuas, tá ioncaim ag dul i méid, agus tá an buiséad comhardaithe.

Mar sin, den chéad uair le tréimhse fhada, tá airgead againn is féidir linn a infheistiú, agus sin díreach a dhéanfaimid.

Táimid ag dul chun cinn go seoigh agus tá an ghaoth inár seolta. Tá Tionscadal ann a bhfuil ag éirí leis do gach duine dár ndaoine, anois agus amach anseo.

Go raibh míle maith agaibh.