Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, Comhdháil ar ‘Coigilteas Domhanda a Chatalú chun ár Spriocanna Inbhuanaitheachta a Chur chun Cinn’

Arna eisiúint ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil i gCoinne Seachadadh

A Airí, a dhaoine uaisle.

Go raibh maith agat as teacht anseo i dtráth ríthábhachtach chun gníomhú ar son na haeráide agus ar mhaithe le hinbhuanaitheacht na haeráide. Thar ceann an Rialtais, is mian liom fáilte a chur roimh ár gcairde ó:

  • An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta,
  • an Coimisiún Eorpach,
  • an tSaoráid Timpeallachta Domhanda, agus
  • an Ciste Idirnáisiúnta um Fhorbairt na Talmhaíochta.

Agus is mian liom fáilte ar leith a chur roimh ár n-aíonna ó na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais:

  • an Banc Domhanda,
  • Banc Forbartha na hÁise,
  • an Banc Eorpach Infheistíochta, agus
  • an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha.

Tugann bhur láithreacht an tábhacht a bhaineann le himeacht an lae inniu le fios.

Cuirimid an cheist ar leith inniu faoi conas is féidir linn úsáid a bhaint as coigilteas chun ár spriocanna inbhuanaitheachta a bhaint amach.

Cabhróidh na freagraí linn aghaidh a thabhairt ar dhúshlán atá cosúil le dúshláin eile a bhí romhainn ag dul siar sna blianta.

Thit réabhlóidí amach i ngach céad a bhain an bonn den domhan. An réabhlóid thionsclaíoch san 18ú haois. An réabhlóid ag deireadh an 20ú haoise. Creidim go mbeidh cuimhne ar an aois seo i dtaobh réabhlóid na haeráide. Tá an domhan athraithe ó bhonn mar gheall ar an méid a ndearna an Coimisiún Eorpach cur síos air mar ‘iarmhairtí tubaisteacha agus dothuartha an athraithe aeráide’.

Ag an am céanna, tá athrú tugtha faoi deara againn ar thuairim an phobail faoi stiúir na glúine óige agus creidim gur féidir leis cabhrú linn cúrsaí a chur ina gceart. Tá an fonn ar dhaoine chun dul i mbun gnímh agus athrú a dhéanamh.

Díreach ar nós na réabhlóidí tionsclaíocha agus digiteacha, tá daoine ann a dhéanann iarmhairtí tubaisteacha a thuar, ar nós na gcéadta míle post a chailleadh agus milleadh an tsaibhris; titim náisiún.

Creidim go gcruthóidh réabhlóid na haeráide post nua agus saibhreas nua: iompórtálacha laghdaithe agus poist bhreise fud fad na hÉireann fad a aistrímid chuig fuinneamh in-athnuaite. Go deimhin, b’fhéidir go ndéanfar easpórtálaí fuinnimh dínn amach anseo.

Láir bheoga chathrach faoi dhaonra ina bhfuil conláistí agus iompar sármhaith fad a dhéanaimid dlús a chothú.

Earnáil níos glaise agus éagsúlaithe talmhaíochta agus agraibhia a dhéanann bia ardchaighdeáin inrianaithe a tháirgeadh go hinbhuanaithe.

Is é athrú aeráide an dúshlán is mó atá roimh dhaoine inniu.

Dúshlán intíre, dúshlán Eorpach agus dúshlán domhanda atá ann. Ní féidir le haon tír amháin leis féin stad a chur leis. Mar sin, caithfidh gach tír gníomhú le chéile.

Creidim gurb í an fhreagracht is mó atá orainn chun ár bpláinéad a thabhairt don chéad ghlúin eile agus bail níos fearr air ná mar a bhí nuair a tugadh dúinn é.

Tá orainn athruithe a dhéanamh anois, sula mbeidh sé ró-dhéanach. Ní bheidh siad éasca. Beidh orainn an bealach a athrú a dhéanaimid ár dtithe a théamh, conas a thaistealaímid, cé acu an dtaistealaímid nó nach dtaistealaímid, agus conas a tháirgtear ár leictreachas. Beidh ar gach duine aonair, teaghlach, pobal agus gnólacht athrú.

Sa tír seo, aithnímid nach bhfuil na freagraí go léir ag an Rialtas. Mar sin, oibreoimid le daoine, an tionscal agus pobail chun an bealach is fearr agus is cuimsithí chun cinn a leagan amach.

Oibreoimid, ach go háirithe, lenár bhfeirmeoirí chun an talmhaíocht a nuachóiriú agus chun astaíochtaí ón earnáil sin a laghdú, agus an gá á chur san áireamh chun a n-ioncam agus slite maireachtála, anuas ar an timpeallacht agus an geilleagar tuaithe a chosaint.

Is é an cur chuige a ghlacfaimid chun daoine agus gnólachtaí a spreagadh chun iompar a athrú agus teicneolaíochtaí nua a oiriúnú trí dhreasachtaí, rialacháin agus faisnéis.

Is é ár gcuspóir, fad a dhéanaimid pleanáil don todhchaí, chun aistriú chuig sochaí ísealcharbóin agus atá seasmhach ó thaobh na haeráide de.

Múnlóidh seo ár gcinntí beartas spásúlachta a dhéanann difear don áit a gcónaímid, an áit a n-oibrímid agus conas a thaistealaímid.

Dearbhaíodh i dteach íochtarach na parlaiminte, Dáil Éireann, an tseachtain seo caite, go bhfuil ‘éigeandáil aeráide’ romhainn. Cé nach laghdaíonn sé féin ár n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa, ná ní thugann sé aon uirlisí, cumhacht nó acmhainní nua dúinn chun amhlaidh a dhéanamh, tá sé thar a bheith siombalach. Braitheann sé anois air go dtugann na páirtithe polaitíochta go léir aghaidh ar ghníomhaíochtaí.

Inár bPlean Forbartha Náisiúnta – Tionscadal Éireann 2040 - tá €21.8 billiún á infheistiú againn i gcaitheamh na chéad deich mbliana eile amach romhainn chun cabhrú leis an aistriú seo. Íocfar €7.6 billiún ón Státchiste agus infheistíocht nach ón Státchiste é a bheidh sa chuid eile.

  • Fuinneamh in-athnuaite;
  • Bonneagar feithiclí leictreacha;
  • Insliú foirgneamh;
  • Ár n-iarnróid a leictriú;
  • Níos mó busanna;
  • Bonneagar siúil agus rothaíochta níos fearr;
  • Leathanbhanda tuaithe chun oibriú as baile a spreagadh agus comaitéireacht a laghdú.

Creidim gurb é an t-aon bhealach chun seo a chur chun cinn ná infheistíocht a fháil ó na hearnálacha príobháideacha agus poiblí araon. An t-aon bhealach chun airgeadas dóthanach a fháil.

Níos déanaí an mhí seo, déanfaidh an Rialtas comhaontú ar ‘Plean Uile-Rialtais chun Cur Isteach ar an Aeráid a Chomhrac’. Cuirfidh sé le hobair eile atá á déanamh againn chun geilleagar inbhuanaithe agus atá seasmhach i leith na todhchaí in Éirinn. Tá airgeadas inbhuanaithe i gceartlár an mhéid seo.

Tugaimis faoi sprioc uaillmhianach amháin agus feicfimid conas a d’fhéadfaí é a bhaint amach. Tá súil againn go mbeidh an tAontas Eorpach neodrach ó thaobh carbóin de faoin mbliain 2050. Chun é sin a dhéanamh, teastaíonn €180 billiún uainn in infheistíocht gach bliain i bhfuinneamh agus in iompar. Téann seo i méid aníos go dtí €300 billiún nuair a chuireann tú toisí beartais eile san áireamh. Má chuireann tú athchóiriú ar fhoirgnimh san áireamh chun foirgnimh atá éifeachtúil i dtaobh fuinnimh de a dhéanamh díobh, is airde a bhíonn sé, fiú.

Mar gheall ar mhéid an chistithe ar leibhéal an AE, beidh infheistíocht phríobháideach ag teastáil. Níor leor airgead poiblí.

Ar leibhéal domhanda, measann an PIRAA gur gá don domhan $900 billiún a chaitheamh gach bliain i ngach bliain a fhad leis an mbliain 2050 ar infheistíochtaí fuinnimh chun teorainn 1.5 céim a chur ar théamh domhanda.

Teastaíonn réabhlóid aeráide uainn, mar sin, lena athrú conas a dhéantar infheistíocht san earnáil phríobháideach a scaipeadh go héifeachtach. As seo amach, caithfear machnamh a dhéanamh ar an riachtanas práinneach comhshaoil nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh ar infheistíocht.

Caithfimid stad a chur le smaoineamh faoi fheidhmíocht ghearrthéarmach nuair a dhéanaimid cinntí airgeadais agus, ina ionad sin, éirí níos eolaí agus níos freagraí.

Chun seo a dhéanamh, teastóidh córas aontaithe aicmithe uainn lena dheimhniú cén gníomhaíochtaí geilleagracha ar féidir a mheas go bhfuil siad inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

Caithfidh an córas airgeadais freagairt d’athrú aeráide.

D’aithin Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, Philip Lane, é seo nuair a rinne sé anailís ar na dúshláin a chruthaigh athrú aeráide do chóras airgeadais na hÉireann ina óráid shuntasach ag Ollscoil

na hÉireann, Gaillimh, i bhFeabhra. D’aithin sé gur féidir leis an mBanc Ceannais glacadh le ról ceannais lena chinntiú go gcuimsíonn gnóthais airgeadais athrú aeráide isteach i bpleananna straitéiseacha agus airgeadais, agus a chinntiú, i gcomhthráth, go mbíonn dóthain faisnéise ag tomhaltóirí chun déileáil leis na rioscaí airgeadais a chruthaíonn athrú aeráide.

Ar an gcuma chéanna, d’athraigh mark Carney, Gobharnóir Bhanc Ceannais Shasana an bealach a smaoinímid faoi athrú aeráide agus an córas airgeadais ina óráid le Lloyds i Meán Fómhair 2015. Agus coincheap geilleagrach ‘tragedy of the commons’ a bhfuil cur amach forleathan air á thabhairt ar aird arís aige, thug sé le tuiscint gurb é dúshlán an athraithe aeráide ‘the tragedy of the horizon’. Más giorra an sprioctréimhse chun infheistíochtaí a dhéanamh agus a dtorthaí a mbíonn súil leo ná an sprioctréimhse go n-imreoidh siad tionchar ar ár n-aeráid, beimid go léir thíos leis na hiarmhairtí tubaisteacha.

Creidim gur gá dúinn an domhan airgeadais a ailíniú leis an sprioc bhunriachtanach agus phráinneach lena mbaineann astaíochtaí carbóin a laghdú. Mar chuid den obair seo, tá ár nAire Airgeadais ag oibriú lena chontrapháirteanna ar fud an AE agus tosaíocht náisiúnta agus Eorpach atá san obair seo.

Ag an tráth céanna, táimid meáite ar bheith mar cheannaire sa réimse sa bhaile. Leag an tAire Michael D’Arcy ár straitéis nua amach an mhí seo caite do sheirbhísí airgeadais idirnáisiúnta, agus airgeadais inbhuanaithe atá i gceann de na tosaíochtaí.

Ní thabharfar torthaí ár n-oibre faoi deara laistigh de bhliain, nó fiú laistigh de dheich mbliana. Ach má éiríonn linn, tabharfar faoi deara iad go ceann roinnt glúnta. Tá athrú aeráide tar éis na geallta a ardú chuig an leibhéal sin dár bpláinéad. Cruthaíonn sé deiseanna, chomh maith, d’infheistíocht, saibhreas a chruthú, poist nua agus brabúis.

Go raibh maith agaibh as bheith inár dteannta inniu agus guím gach rath oraibh in bhur mbreithniúcháin.