Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, Cuairt an Chainteora Nancy Pelosi agus Toscaireacht Chomhdhála ó Theach na nIonadaithe, na Stáit Aontaithe, Caisleán Bhaile Átha Cliath

Arna eisiúint ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil i gCoinne Seachadadh

A Chainteoir Uasail,

A Bhaill Onóracha den Chomhdháil, a Iar-Thaoisigh, a Bhaill den Oireachtas, a Bhaill de Thionól Thuaisceart Éireann,

a Ambasadóirí, a Aíonna Oirirce agus a Chairde Uaisle.

Oíche mhaith agaibh agus Céad Míle Fáilte romhaibh go léir go dtí Caisleán Bhaile Átha Cliath.

A chairde, léirímid onóir anocht ar an gCainteoir Pelosi agus ar an Toscaireacht Chomhdhála go hÉirinn agus, tríd é sin a dhéanamh, léirímid ómós don cheangal speisialta a rinne ár dhá thír a nascadh leis na cianta.

Táimid anseo, chomh maith, chun onóir a léiriú don Chathaoirleach Richie Neal, nó an Dochtúir Cathaoirleach Riche Neal. Is ceann toscaireachta é, tá sé ar dhuine de na cairde is dlúithe le hÉirinn, agus bronnfar dochtúireacht onórach amárach air in Ollscoil Uladh.

A Chainteoir Uasail, is rídheas liom go bhfuil an deis luath agam an fáilteachas álainn a chur ar fáil duit a chuir tú romham agus roimh m’fhoireann an mhí seo caite nuair a thug mé cuairt ar Capitol Hill ar Lá Fhéile Pádraig.

Is mór an sásamh dom, chomh maith, fáilte ó chroí a chur roimh do theaghlach agus do chairde in Éirinn atá inár dteannta anseo an tráthnóna seo. Agus is iontach fios a bheith againn, cé gur cailín ó Baltimore agus San Francisco thú, gur bean bródúil Chill Mhantáin thú, chomh maith. Agus, go deimhin, faoi mar a cuireadh ar an eolas mé ní ba luaithe, is é Patricia do lárainm agus, mar sin, tá fáilte mhór romhat, dar ndóigh.


Tháinig beirt mhac léann Mheiriceánach go Baile Átha Cliath fiche bliain ó shin chun staidéar a dhéanamh ar litríocht Éireannach. Chas siad ar a chéile cóngarach go leor don áit seo ag Coláiste na Tríonóide agus rinneadh dlúthchairde díobh agus rinne siad an cinneadh chun leabhair a scríobh le chéile. Tá a gcuid scéalaíochta tar éis samhlaíocht na milliún duine timpeall an domhain a spreagadh inniu. Is cuma cá bhfuil do thriail, bíonn daoine an-ghafa le cén deireadh a chuirfear le ‘Game of Thrones’. Ar chúis éigin, tá an scéal, a ndearnadh go leor de a scannánú i dTuaisceart Éireann, tar éis samhlaíocht na ndaoine a mhúscailt agus an Zeitgeist a spreagadh - lena ríthe craiceáilte, a fhiosracht pholaitiúil agus ghnéasach, gan trácht fiú ar Bhalla an-mhór.

Rinneadh cuid den seó a scannánú i dTuaisceart Éireann, agus tá go leor tallann dúchasach ar taispeáint ann agus léiríonn sé an chruthaitheacht agus an fuinneamh a bhí i gceartlár an chaidrimh idir Meiriceá agus Éire ón bhfíor-thús.

A Chainteoir Uasail, gabhann an caidreamh sin siar na cianta, chuig an bhfáilte a cuireadh roimh Benjamin Franklin anseo nuair a bhí tacaíocht á múscailt aige le troid Mheiriceá don tsaoirse.

Bhí a dheisbhéalaí a bhí sé le tabhairt faoi deara i measc go leor daoine eile a lean a lorg le himeacht na mblianta, fiú a dheisbhéalaí a bhí an óráid chumhachtach a rinne tú inár nOireachtas ní ba luaithe inniu.

A Chainteoir Uasail, is fearr a bhíonn an Chomhdháil nuair is glór deisbhéalach í i dtaobh luachanna Meiriceánacha, agus nuair is iad d’fhocail féin a chloistear timpeall an domhain.


I gcaitheamh na mblianta, tá áit speisialta bainte amach acu inár dtír, mar gheall ar an méid seo a leanas:

  • chabhraigh siad leis an tsíocháin a bhaint amach ar ár n-oileán,
  • chabhraigh siad linn an tsaoirse agus an rath a bhaint amach, agus
  • chabhraigh siad linn ár n-áit a ghlacadh i measc náisiúin an domhain.

Ar an gcuma chéanna, ar feadh beagnach daichead bliain, chabhraigh Cácas Chairde na hÉireann le tacaíocht dhépháirteach a chruthú do thionscnaimh don tsíocháin agus don athmhuintearas in Éirinn. Nuair a thug fir agus mná cróga faoin tsíocháin a bhaint amach, rinne siad amhlaidh agus fios acu go raibh sibhse, na Stáit Aontaithe, ina measc.

In am an ghátair, bhí Cairde na hÉireann inár measc. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil libhse atá anseo agus ba mhaith liom ómós a léiriú don cheannaireacht iontach a chuir na Feisirí Richie Neal agus Peter King ar fáil arís eile, i measc go leor daoine eile.


A Chainteoir Uasail, is oiriúnach go bhfuilimid bailithe anseo le chéile i dtimpeallacht álainn Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Céad bliain ó shin, bhunaigh fir agus mná Éireannacha ár bparlaimint féin agus dhearbhaíomar ár neamhspleáchas. Rinneadh é sin in Ard-Oifig an Phoist, an áit a raibh tú oíche aréir, agus i dTeach an Ard-Mhéara.

Ach ba anseo, ag Caisleán Bhaile Átha Cliath, sa daingean iontach Normannach seo, lár chumhacht na Breataine in Éirinn leis na cianta anuas, a tháinig Mícheál Ó Coileáin trí bliana ina dhiaidh chun smacht a fháil ar rialtas na tíre. Deirtear gur tugadh íde béil dó mar gheall go raibh sé seacht nóiméad déanach.

Dúirt sé go raibh sé ceart go leor, gur choimeád na Sasanaigh Éire ag fanacht ar feadh 700 bliain. D’fhéadfaidís na 7 nóiméad a chaitheamh ag fanacht!

Ach fad a shiúlamar anseo suas, d’fhiafraigh tú díom cé a thóg an foirgneamh álainn seo, agus bhí an ceart agat, dar ndóigh. Ba iad na Sasanaigh agus an Bhreatain a thóg an foirgneamh, agus is iomaí rud iontach a d’fhág siad linn atá mar thaisce againn inniu. Tá sé ann go fóill mar chuid dár gcaidreamh tábhachtach.


Ó shin i leith, cuireadh ár searmanais Stáit is tábhachtaí ar siúl sa Chaisleán. Is ann a dhéanaimid ár n-uachtaráin a insealbhú sa halla seo.

Is é croílár ár ndaonlathais.

Is ann a dhéanaimid na vótaí a chomhaireamh agus torthaí toghchán agus reifreann mór a fhógairt, iad siúd maidir le Comhionannas Pósta agus an Ceart chun Rogha a Dhéanamh a cuireadh ar siúl le blianta beaga anuas.

Is ann a chuaigh an tAontas Eorpach i méid in 2004, faoi Uachtaránacht na hÉireann, a chuir fáilte roimh dheichniúr comhaltaí nua ó lár na hEorpa thoir chuig an Aontas Eorpach. Ba chéim chinniúnach é seo chun an Cuirtín Iarainn a bhaint ónár n-ilchríoch.

Agus, nuair a rith tromlach mór de mhuintir na hÉireann Comhaontú Aoine an Chéasta 21 bliain ó shin, 97% den stát seo agus 71% i dTuaisceart Éireann, ba anseo a fógraíodh na torthaí, chomh maith.


Ní fhéadfaí Comhaontú Aoine an Chéasta a dhéanamh murach an chabhair a thug Meiriceánaigh a raibh dea-intinn acu agus croí maith iontu. Chabhraigh sé leis an mbealach a réiteach don tsíocháin agus don rath ar ár n-oileán, agus bhronn sé a dtodhchaí féin ar ár ndaoine óga.

Is é an Feisire Brendan Boyle, atá anseo anocht, mac le hinimirceach Éireannach ó Ghleann Cholm Cille i gContae Dhún na nGall.

Mura n-aithníonn tú cheana féin é, is é an fear a bhfuil carbhat Dhún na nGall á chaitheamh aige agus rinne sé cur síos ar Aoine an Chéasta mar ‘ceann de na héachtaí ab fhearr a rinne beartas eachtrach san fhichiú haois.’ A Brendan, go raibh maith agat agus ag do chomhghleacaithe as an gcabhair a thug sibh ag an tráth ríthábhachtach seo. Is iontach an comhaontú é. Tá sé deisbhéalach, ach níl sé comhlíonta go fóill againn agus táimid meáite air sin a dhéanamh.


A Chainteoir Uasail agus a Chairde dísle, táimid ag oibriú chun gach rud a chaomhnú a baineadh amach roimhe seo.

Is cuma cad a tharlaíonn le Brexit, déanfaimid gach rud is féidir linn chun cosc a chur ar theorainn chrua a leagan idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann. Tugann tíortha ar fud an Aontais Eorpaigh, agus ár gcairde sna Stáit Aontaithe tacaíocht dúinn maidir leis seo.

Teastaíonn uainn go léir go leanann saorghluaiseacht daoine ó thuaidh agus ó dheas, chomh maith le saorthrádáil ó thuaidh agus ó dheas amach anseo agus go deo.

Chomhaontaíomar an tseachtain seo caite sa Bhruiséil chun am breise a thabhairt don Ríocht Aontaithe chun an Comhaontú Aistarraingthe a dhaingniú.

A luaithe a bhíonn é sin déanta, táimid ag tnúth le hidirbheartaíocht a dhéanamh ar chomhpháirtíocht nua gheilleagrach agus slándála idir an RA agus an AE.

Is féidir leis a bheith chomh dlúth agus is mian leo. Ba mhaith linne go mbeadh sé chomh dlúth agus is féidir.


A Chainteoir Uasail, a bhaill den Chomhdháil, is eol dom go mbeidh sibh inár measc, faoi mar a bhí sibh riamh, chun na héachtaí a baineadh amach roimhe seo a chosaint agus chun cabhrú linn todhchaí níos dóchasaí a chruthú.

I ngach aois, chabhraigh fir agus mná Éireannacha linn chun áit iontach a dhéanamh de Mheiriceá.

Tá breis agus 33 milliún Meiriceánach ann atá bródúil lena sinsearacht Éireannach a mhaíomh.

Tá ‘baile as baile’ déanta d’Éirinn, chomh maith, ag an oiread sin Meiriceánach.

Mar náisiún, táimid an-bhuíoch go deo as Comhdháil na Stát Aontaithe as an tacaíocht a thug sibh leis an gclár nua víosa E3 a bheartaítear. Comhdháil a léiríonn cineál nua-aimseartha ár gcaidrimh – caidreamh a bhainimid beirt tairbhe as. Cuireann an caidreamh seo deiseanna nua ar fáil do shaoránaigh Éireannacha chun cónaí agus oibriú sna Stáit Aontaithe, agus cuireann sé

deiseanna ar fáil, chomh maith, do níos mó saoránach ó na Stáit Aontaithe chun an rud céanna a dhéanamh in Éirinn – mic léinn, pinsinéirí, oibrithe oilte, céimithe.


A Chainteoir Uasail, tá muinín againn leis an tacaíocht a thugann sibh, agus an tacaíocht a thugann Cairde na hÉireann, gur féidir é sin a bhaint amach.

Tá súil againn, chomh maith, go n-éireoidh linn réiteach a aimsiú ar na hÉireannaigh sna Stáit Aontaithe nach bhfuil cáipéisí acu agus, go deimhin, iad siúd atá sa chás céanna a thagann ó thíortha eile a leanann a leas le bheith mar fhíor-bhuairt dúinn agus a leanaimid le tús áite a thabhairt dó.

Is eol dúinn go bhfuil polaitíocht na himirce an-chonspóideach i do thír anois, faoi mar a bhíonn sé san oiread sin áiteanna ar domhan, ach is eol dúinn cumas agus cumhacht an daonlathais agus na polaitíochta, chomh maith, chun athrú mór a bhaint amach, go minic nuair nach mbíonn súil ar bith ag daoine leis.

Dar ndóigh, tá gach fíor-chairdeas cómhalartach. Léiríonn ár gcaidreamh déthaobhach trádála cé chomh láidir atá sé sin. Is fiú breis agus €2 billiún gach seachtain an trádáil idir ár dhá thír faoi láthair. Agus d’fhéadfadh comhaontú saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá feabhas mór a chur air sin. Is eol dom nach ndéantar comhaontuithe trádála gan stró, ach is féidir iad a dhéanamh. Is cinnte go bhfuil an tAontas Eorpach sásta é a dhéanamh, má tá na Stáit Aontaithe.


Fad atá mé ag labhairt inniu, fostaíonn cuideachtaí Éireannacha foireann breis agus 100,000 duine fud fad na Stát Aontaithe, agus fostaíonn cuideachtaí sna Stáit Aontaithe breis agus 150,000 duine agus is féidir níos mó daoine a fhostú. Is féidir linn go léir tairbhe a bhaint as saorthrádáil agus as saorfhiontraíocht agus is fearr a oibríonn sé nuair a ghabhann poist agus infheistíocht sa dá threo.

Nuair a fhágann an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach, ba mhaith linn go bhfeidhmeodh Éire mar dhroichead polaitiúil agus geilleagrach idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe. Cuirimid tairseach ar fáil do ghnóthais na Stát Aontaithe chuig an Margadh Aonair agus Limistéar an Euro. Agus, nuair a chuirtear ár gcomhtheanga, ár stair chomhroinnte agus ár dtuiscint chultúrtha san áireamh, atá mar bhealach trínar féidir leis na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach idirghníomhú níos fearr lena chéile ar leibhéal polaitiúil.


A chairde, sula gcríochnaím, is mian liom nath ársa Éireannach gaoise a roinnt libh.

Deir an seanfhocal:

Aithnítear cara i gcruatan.

Ciallaíonn sé:

Is eol dúinn cé hiad ár bhfíor-chairde nuair a bhímid i gcruatan.

Bhí na Stáit Aontaithe mar chara linn riamh anall fad a bhíomar go mór i bponc agus bhí siad inár measc nuair a bhí ag éirí go geal linn.

Mairimid i ndomhan roinnte inniu agus tá na dúshláin chéanna romhainn, agus tugaimid faoi na réitigh chéanna a bhaint amach.

Mar sin, leanaimis orainn leis sin a dhéanamh le chéile.

Go raibh maith agaibh.