Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, Lá Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir

Arna eisiúint ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil i gCoinne Seachadadh

A Aire, a aíonna oirirce,

A dhaoine uaisle,

Agus machnamh á dhéanamh agam ar an scrios a rinne Gorta Mór na hÉireann, ritheann na focail liom a rinne W.B. Yeats a ghreanadh ar chuimhneachán i ngar don áit seo:

‘The dead are not far from us…They cling in some strange way to what is most still and deep within us’.

Ba é an Gorta Mór an eachtra ba thubaistí a thit amach i stair na hÉireann riamh anall. Rinne sé saol a mhilleadh agus rinne sé scrios ar theaghlaigh. Rinne sé dídeanaithe de mhilliún duine agus chuir sé iallach orthu teitheadh óna dtír chun teacht slán as. D’fhág sé oidhreacht uafásach don ghlúin ina ndiaidh – iad siúd a dhéileáil leis an tráma agus an chuimhne, agus a bhraith go ndearna siad éagóir mar gheall gur thug siad a gcosa leo.

Is onóir dom a bheith in bhur dteannta inniu fad a léirímid ómós do chuimhne na ndaoine go léir siúd a d’fhulaing agus iad siúd go léir a fuair bás i rith an Ghorta Mhóir.

Tá a scéal féin ag gach contae, agus b’uafásach agus tubaisteach an scéal i Sligeach.

Tógadh teach na mbocht anseo sa bhliain 1841 chun cóiríocht a thabhairt do 800 duine. Ba ghá dhá shíneadh a chur le teacht na mbocht i rith an Ghorta Mhóir agus rinneadh seomraí a athleithdháileadh chun freastal ar an éileamh. Sa bhliain 1848, bhí sé mar thearmann do bhreis agus 4,000 duine.

Faoi mar is eol dúinn, scaipeadh fiabhras go tapa mar gheall go raibh an áit plódaithe agus ní raibh na hospidéil i dTeach na mBocht in ann an fhadhb a réiteach. Tógadh barda fiabhrais ar thailte theach na mbocht agus osclaíodh ospidéil fiabhrais ar fud an chontae mar iarracht chun scaipeadh galair a chur faoi smacht.

Is gnách go ndeirtear gur thit dúchan na bprátaí amach sa bhliain 1845, ach tugadh le fios gur tháinig dúchán ar na prátaí den chéad uair i gContae Shligigh i nDeireadh Fómhair 1844, nuair a buaileadh Baile an Mhóta leis.

Tháinig scaipeadh fud fad na tíre air go déanach sa samhradh agus i bhfómhar na bliana 1845 agus bhí iarmhairtí millteanacha aige.

Tháinig athrú síoraí ar ár dtírdhreach, ár ndaoine, agus ár sochaí i rith bhlianta seo an Ghorta Mhóir. Tréimhse chonspóide, thosta agus náire a bhí ann, go smior.

Rinneadh sráidbhailte iomlána a bhánú i gConnachta agus Mumha agus chuaigh imirce i méid ó cheantair thuaithe go ceantair uirbeacha fad a lorg teaghlaigh faoiseamh agus cabhair.

D’imir an Gorta an tionchar ba mheasa ar phobail tuaithe, ach imríodh drochthionchar, chomh maith, ar na bailte agus cathracha.

Scéal uafáis a bhí sa Ghorta Mór i measc iad siúd a bhí thíos leis. Ach in ainneoin an éadóchais go léir, bhí dóchas ag na daoine, fós féin.

Is oiriúnach go bhféachann cuimhneachán an lae inniu amach ar Abhainn na Garbhóige, a dtaistealódh go leor eisimirceach air agus iad ag tabhairt faoi aistear chun saol nua a shaothrú dóibh féin. Cuireann dealbhóireacht Niall Bruton ar thaobh na cé an uafás fíochmhar agus an tuar beag dóchais in iúl. Feicimid teaghlach seasta timpeall ar a chéile san fhuacht, athair atá stiúgtha leis an ocras, máthair atá croíbhriste, agus iníon cróga, atá ag fanacht leis an long chun iad a thabhairt chuig an domhan nua.

Rinneadh 162 seoladh ó Phort Shligigh, idir 1847 agus 1851, agus thug an chuid ba mhó díobh aghaidh ar Cheanada agus na Stáit Aontaithe. D’fhág 13,000 duine i mbliain Dhubh 1847.

D’fhág 440 duine an áit seo ar bord an ‘Bark Larch’ chuig Quebec, ach meastar go bhfuair 180 duine bás ar an mbealach, agus go raibh 150 duine eile ró-bhreoite le teacht i dtír. Fuair go leor díobh seo bás gan cos a leagan riamh ar an gcladach. Thug an tAthair Bernard McGauran, arbh as Sligeach dó, sólás don dornán daoine a tháinig i dtír ar Grosse Ile.

Tá sliocht na ndaoine a tháinig slán scaipthe ar fud na cruinne anois. Maíonn 70 milliún duine go bhfuil sinsearacht Éireannach acu inniu agus gabhann líon mór díobh seo siar a fhad leis an nGorta Mór agus an tréimhse ina dhiaidh. Léirímid onóir inniu ar an gcaidreamh sin agus tá sé cumhdaithe in Airteagal leasaithe 2 de Bhunreacht na hÉireann: ‘is mór ag náisiún na hÉireann a choibhneas speisialta le daoine de bhunadh na hÉireann atá ina gcónaí ar an gcoigríoch agus arb ionann féiniúlacht agus oidhreacht chultúir dóibh agus do náisiún na hÉireann’.


Creidim gurb é an bealach is fearr is féidir linn onóir a léiriú orthu siúd a d’fhulaing agus a fuair bás i rith an Ghorta Mhóir chun ionbhá a thaispeáint dóibh siúd atá thíos lena mhacasamhail d’fhadhbanna inniu, cé acu mar gheall ar thubaiste nádúrtha nó ar ansmacht.

Tá ár dtír tiomanta le fada an lá d’oibriú chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus an t-ocras ar domhan. Ba dhídeanaithe sinn tráth dá raibh agus cuimhnímid ar an atrua mhór a léiríodh dúinn agus ar an bhfáilte a cuireadh romhainn timpeall an domhain. Tá sé greanta go domhain inár gcomhchuimhní fad a oibrímid chun cabhrú le dídeanaithe na linne seo.

Mhúnlaigh sé an dearcadh atá againn i leith an domhain agus ár bhfreagrachtaí mar shaoránaigh dhomhanda.

I limistéir cosúil leis an tsíocháin a choimeád, dí-armáil, forbairt inbhuanaithe, cearta daonna agus cúnamh daonnúil, lorgaíomar i gcónaí chun ár mbeart a dhéanamh de réir ár mbriathar.

Beidh breis agus €800 milliún i gceist lenár gCúnamh Forbartha Thar Lear i mbliana. Faoin mbliain 2030, beidh 0.7% dár nOllioncam Náisiúnta á chaitheamh againn ar chúnamh forbartha oifigiúil.

Tá onóir á léiriú againn ar ár stair agus ar chuimhne na marbh trí oibriú chun cabhrú leo siúd atá ag fulaingt timpeall an domhain inniu.


Gabhaim buíochas ó chroí le gach aon duine a chabhraigh leis an ócáid seo a eagrú – go háirithe an tAire Madigan agus baill Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, na comhaltaí tofa agus

foireann Chomhairle Contae Shligigh, an coiste áitiúil anseo i Sligeach, gach aon duine a ghlac páirt sna himeachtaí féin, na daoine óga ach go háirithe; na Fórsaí Cosanta; na Gardaí; Cosaint Shibhialta; agus Oifig na nOibreacha Poiblí. Níl amhras orm ach go raibh páirt shuntasach le himirt agaibh uile, agus ag mórán daoine eile, chun a chinntiú gur éirigh chomh maith sin leis an searmanas anseo inniu.

Mo bhuíochas le gach duine a chabhraigh leis an imeacht seo a eagrú - ach go háirithe an tAire Madigan agus comhaltaí Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir; comhaltaí tofa agus foireann Chomhairle Contae Shligigh, agus Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta Ghorta Mór Chontae Shligigh.

Is mian liom gach duine a ghlac páirt sna himeachtaí seo, daoine ó gach glúin, a lua go speisialta.

Is mian liom buíochas a ghabháil, chomh maith, leis na Fórsaí Cosanta, ár nGardaí, Cosaint Shibhialta, agus Oifig na nOibreacha Poiblí. Chabhraigh sibh lena chinntiú gur ómós agus cuimhneachán oiriúnach a bhí i searmanas an lae inniu.

Is onóir bheith in bhur dteannta inniu chun onóir a léiriú dóibh siúd a fuair bás sa Ghorta Mór agus dóibh siúd, chomh maith, a d’fhág ár dtír agus nach bhfillfeadh choíche. Ní féidir linn a bhfulaingt a mhaolú, ach is féidir linn a chinntiú nach ndéanfar dearmad orthu riamh.

Ar dheis Dé go raibh siad.