Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, Seanad Éireann, Déardaoin 18 Aibreán 2019

Arna eisiúint ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil i gCoinne Seachadadh

A Chathaoirligh, a Sheanadóirí,

Mar is eol daoibh, inniu lá comóradh 70 bliain don Phoblacht teacht i bhfeidhm agus is feiliúnach an lá é, dá bharr sin, go dtapóinn an deis seo caint a thabhairt daoibh inniu. D’athraíodh an gaol atá eadrainn agus an Bhreatain nuair a d’éirigh linn an tír a chur ina Phoblacht, réitíodh roinnt fadhbanna bunreachtúla dá bharr, roinnt díobh siúd a bhí suntasach, roinnt eile a bhí siombalach, agus cuireadh ar ár gcumas sinn chomh maith a bheith in ann dul i gcion leis an domhan mór ar bhealach éagsúil. Bhí sé mar chloch chora shuntasach dúinn ar an mbealach dár dtír a seasamh i measc náisiúin an domhain a bhaint amach.

Cé gur minic a fógraíodh an tír seo ina phoblacht sa stair, ba é an chéad uair gur tugadh aitheantas idirnáisiúnta ar an tír mar phoblacht.


Ba mhian liom caint mar gheall ar na ceisteanna cheana céanna siúd ar maidin, inniu, 70 bliain ina dhiaidh. An gaol atá eadrainn agus an Bhreatain agus Tuaisceart Éireann, go háirithe i gcomhthéacs Brexit, agus an bealach ina dtéimid i dteagmháil leis an domhan mór.

Chun comóradh 70 bliain na Poblachta a cheiliúradh, tá ócáid eagraithe ag an Rialtas, i gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann, a chuirfear ar siúl níos déanaí anocht chun imeachtaí 1948 agus 1949 a phlé agus chun an tábhacht a bhaineann leo a mheas.

Mar ullmhúchán leis, tá roinnt den díospóireacht a tharla san Oireachtas, ina raibh na páirtithe go léir ina fhabhair, le linn don Bhille a bheith rite tríd, léite agam le déanaí. Sa Teach seo a rinneadh cuid de na hóráidí is fearr díobh siúd.

Mar shampla, léiríodh an mothúchán a bhí san aer ag an am sa méid a raibh le rá ag bean iontach ar leith, an tSeanadóir de chuid Fhianna Fáil Helena Concannon nuair a dúirt sí gur ‘bocht an croí í mar chroí Éireannach nach mbeadh in ann an chuisle a mhothú agus í ag dul i méid’ agus bille dar teideal ‘Bille Phoblacht na hÉireann’ ag teacht os comhair an Tí. Dúirt sí gur chruthúnas ab ea sin nach raibh ‘an bás agus an fhuascailt go léir a tharla dóibh siúd a throid in 1798, in 1848, in 1867 agus i 1916’ gan toradh, nach saothar in aisce a bhí i gceist leis.

Tá Éire ar cheann de na tíortha ina bhfuil an daonlathas i bhfeidhm leis an tréimhse ama is faide gan aon bhriseadh.

Cloch chora ríthabhachtach i bhforbairt bhunreachtúil an Stát seo againne is é an tAcht sin den bhliain 1949.


Sa lá atá inniu ann, táimid go léir, mar chomhaltaí den Oireachtas, ar an gconair sin a leagadh amach leis an Acht sin.

Tá sé curtha i gcuimhne dúinn, le linn imeachtaí a tharla le déanaí, cé chomh tábhachtach is atá sé parlaimintí náisiúnta a bheith ag saothrú i gcomhar a chéile ar mhaithe le leas an náisiúin. Tá comhaontas tar éis a bheith léirithe sa dá Theach de chuid an Oireachtais maidir leis an gcuspóir atá againn go léir i ndáil leis an gcur chuige roimh Brexit, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh go léir as an gcúnamh agus as an dianobair atá déanta agaibh chun na críche sin.

Mar is eol daoibh, tá dlúthobair déanta againn i ngach cearn den rialtas chun ullmhú le haghaidh gach aon toradh féideartha, lena n-áirítear go dtarlófar nach mbeidh aon mhargadh socruithe. Tá a chion féin déanta ag gach aon chomhalta den Teach seo agus ba mhian liom mo bhuíochas a thaispeáint daoibh as cuidiú le gluaiseacht thapa an Oll-bhille Brexit tríd an Teach seo an mhí seo caite.

Leis an reachtaíocht shuntasach sin, a sháraíonn téarmaí tagartha naoi Ranna Rialtais, déantar béim a dhíriú ar chosaint a thabhairt do shaoránaigh Éireannacha, ar chúnamh a chur ar fáil do ghnólachtaí agus do phoist, agus rochtain leanúnach a shocrú ar sheirbhísí agus ar tháirgí bunriachtanacha.

Cuireann an obair atá déanta againn leis na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh ag an leibhéal AE faoi láthair chun bearta a chur i bhfeidhm chun tionchar Brexit gan margadh a laghdú.


Sa Chomhaontú um Tharraingt Siar tugann an Ríocht Aontaithe gealltanas nach bhfágfar go mbeidh aon laghdú de thoradh Brexit ar na cearta, ar na cosaintí ná ar an gcothromaíocht deiseanna a eascraíonn ó Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tá na dualgais atá ar Rialtas na Ríochta Aontaithe de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, is cuma má bhíonn margadh socraithe nó nach mbíonn, pléite agam agus Príomh-aire May.

Tá roinnt réimsí inar féidir linn tiomantais chinnte a thabhairt do shaoránaigh Éireannacha atá ina gcónaí i dTuaisceart Éireann, is cuma cad a tharlaíonn.

Leanfar le saoránaigh Éireannacha i dTuaisceart Éireann a bheith ina saoránaigh Eorpacha gan aon eisceachtaí. Leanfar go mbeidh an deis acu taisteal, obair agus staidéar gan bacainn ar fud an AE, agus go mbeidh na cearta tábhachtacha sin nach ndéanfar leithcheal orthu mar gheall ar a náisiúntacht agus iad i mbun na gníomhartha sin a dhéanamh.


Mairfidh an Comhlimistéar Taistil, is cuma cad a tharlóidh. Fágfaidh sé sin go mbeidh saoránaigh Éireannacha agus saoránaigh na Breataine in ann gluaiseacht agus maireachtáil gan bacainn sa dá dlínse. Leanfar leis go mbeidh raon de chearta agus de phribhléidí acu sa tír eachtrach i gceist faoi seach, chomh maithe leis an gceart chun cónaí agus obair, agus le teacht a bheith acu ar chúram sláinte, ar an oideachas, ar phinsin, ar shochair shóisialacha agus an ceart chun vótáil sna toghcháin pharlaiminte agus sna toghcháin áitiúla i gceachtar tír.

Fiú amháin sa chás go bhfágfar nach mbeidh aon mhargadh socraithe, déanfaimid cinnte de go mbeidh rochtain ag muintir Thuaisceart Éireann ar an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte.

Ar an mbealach céanna, beimid ag saothar chun deimhniú go leanfar leis go mbeidh mic léinn tríúleibhéal i dTuaisceart Éireann in ann rochtain a fháil ar an gclár ardoideachais Erasmus+.

Tacaím leis an togra ón gCoimisiún lena n-éascófar do na cláir reatha PEACE agus INTERREG leanúint ar aghaidh go dtí deireadh 2020, fiú má tharlaíonn Brexit mí-ordúil. Tá obair i mbun chomh maith ar chlár nua PEACE PLUS lena leanfar ar aghaidh leis an obair atá déanta i PEACE agus in INTERREG, agus lena gcuirfear leis an obair sin. Cuirfidh sé sin ar a suaimhneas na daoine uile sin i dTuaisceart Éireann agus i gcontae na teorann atá ag tapú an deis as na cláir trasteorann ríthábhachtacha siúd.

***

A sheanadóirí, ní raibh sé riamh ina am dúinn ina raibh sé chomh tábhachtach sin dúinn ár gcuid leasa náisiúnta a chur chun cinn agus ár dtionchar a imirt - san AE agus níos faide i gcéin araon.

Táimid ag saothrú chun cur leis an tionchar atá againn san AE, chun dul i gcion ar an díospóireacht atá i mbun ar Thodhchaí na hEorpa, agus chun an trádáil a dhéanaimid leis an domhan mór fairsing a éagsúlú.

Tá fís uaillmhianach againn don ról atá againn sa domhan. Dá bharr sin, tá tionscnamh Éire Domhanda seolta againn, a bhfuil sé d’aidhm aige an scóip agus an tionchar atá ag lorg domhanda na hÉireann a dhúbláil faoi 2025. Sin rud gur cheart dúinn a bheith ag déanamh fiú más rud é nach raibh aon Brexit ann ar chor ar bith.

Bíonn sé i gceist leis rudaí a dhéanamh ar bhealach difriúil agus iad a dhéanamh ar bhealach níos fearr:

  • ambasáidí agus consalacht nua a oscailt ar fud an domhain;
  • cur leis cuid de na cinn atá againn roimhe seo;
  • níos mó infheistíochta a dhéanamh sna gníomhaireachtaí atá againn dála an Údaráis Forbartha Tionscail, dála Fhiontraíocht Éireann, an Bhoird Bia agus Thurasóireacht Éireann.
  • an bua cultúrtha atá againn a chur ar fáil do dhaoine ar fud an domhain;
  • Naisc nua a fhorbairt, ar muir agus sa spéir:
  • Fáilte a chur roimh níos mó mac léinn idirnáisiúnta, agus:
  • Ballraíocht a bhaint amach i la Francophonie, i mBanc Forbartha na hÁise agus i mBanc Forbartha na hAfraice.
  • An Clár Forbartha Idirnáisiúnta atá againn a leathnú amach.

Creidimse gurb ionann an méid atá le brath ag tarlú sa tír leis sin uile agus an leathnú amach agus an athbheochan is uaillmhianaí de thionchar domhanda na hÉireann ó bunaíodh an Stáit.


Sa bhaile, sa tír seo, tá roinnt tionscnaíochtaí nua forbartha againn chun cruth nua-aimseartha a chur ar an rialtas áitiúil.

Ar an 24 Bealtaine, tabharfar an deis do mhuintir Chathair Chorcaí, Phort Láirge agus Luimnigh cinneadh a dhéanamh faoinar mhian leo méara a thoghadh dóibh féin go daonlathach.

Is deis thábhachtach í sin do na réigiúin chathartha siúd méara a bhfuil fíorchumhacht agus fíorfhreagracht aige a thoghadh chun na cathracha agus na contaetha sin a chur chun tosaigh. Más rud go ndéanfar é a fhaomhadh, rithfidh an Rialtas reachtaíocht lena n-éascófar méaraí tofa an oifig a ghlacadh in 2022. Athrú mór atá i gceist leis sin. Aistriú cumhachta ó oifigigh neamhthofa chuig polaiteoirí tofa atá iomlán freagrach don phobal. Cinntí déanta i gCorcaigh, i bPort Láirge agus i Luimneach a bhaineann le Corcaigh, le Port Láirge agus le Luimneach, seachas i Ranna Rialtais i mBaile Átha Cliath.

Ach níl neamhaird á dhéanamh againn ar Bhaile Átha Cliath. Táthar i mbun obair a dhéanamh chun Tionól Shaoránaigh Bhaile Átha Cliath a bhunú chun measúnacht a dhéanamh ar an gcineál struchtúr a bheadh cuí don rialtas áitiúil agus don mhaor díreach-tofa, más cuí go mbeadh ceann, i mBaile Átha Cliath. Ag brath ar thoradh an Tionóil sin, rithfear pobalbhreith ar an gceist in 2021.


A Chathaoirligh,

Seachtó bliain tar éis dúinn ár bPoblacht a bhaint amach, is tréimhse í ina bhfuil athruithe ó bhonn ag tarlú ina bhfuilimid ag maireachtáil sa lá atá inniu ann.

Is muintir cheannasach sinn agus is daonlathas rannpháirtíoch é an tír seo, a théann i gcion ar an gcruth a chuirtear ar cheisteanna atá i gcroí lár na cinnteoireachta iltaobhaí.

Is a bhuí sin le hiarrachtaí an ghlúin réabhlóideach sin a dheimhnigh go mbeimid ardcheannasach agus saor neamhspleách trí Acht Phoblacht na hÉireann a rith. Tá sé ceart cuí go bhfuil an Teach seo ag cur am ar leith chun ritheadh an Bhille seo a chuimhneamh.

Táid ann a mheasann gur athrú siombalach seachas athrú substaintiúil a bhí i gceist nuair a d’éirigh leis an tír seo a bheith ina Phoblacht, agus tá daoine eile ann gur buaic mian a saol a bhí i gceist leis.


Tá sé cruthaithe i stair na tíre seo go bhfuil tábhacht ag baint le siombail agus le haislingí. Cor cinniúnach inár bhforbairt mar thír a bhí sa mhéid a baineadh amach 70 bliain ó shin. Measaim gur féidir linn muinín a bheith againn chun dul i ngleic le dúshláin an lae inniu as féachaint siar ar an méid atá bainte amach againn roimhe seo sa stair.

Táim ag dúil le bhur smaointe ar an ábhar a chloisteáil.