Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, Seoladh na Chéad Tuarascála ar Dhul chun Cinn ar an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2019, Garraithe na Lus

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil In Aghaidh Soláthair

A Airí, a dhaoine uaisle, móradh daoibh ar maidin.

Bhí an file Eavan Boland spreagtha chun scríofa ag an timpeallacht seo faoi chumhacht an dúlra agus na ceachtanna a d’fhéadfaimis foghlaim uaidh. Thaispeáin plandaí éagsúla ag maireachtáil le chéile i spás teoranta rud éigin nua dúinn, agus a mb’fhéidir go bhféadfaimis, ‘sense in the Botanic Gardens, terms of reference’ dá bharr.

Mar sin, is áit oiriúnach é seo chun an Chéad Tuarascáil ar Dhul chun Cinn ar an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide a sheoladh.

Ó seoladh an Plean i Meitheamh, tá gníomhartha déanta againn ina leith.

D’fhógair mé ag an gCruinniú Mullaigh um Ghníomhú ar son na hAeráide de chuid na Náisiún Aontaithe go gcuirfimid deireadh de réir a chéile le taiscéaladh le haghaidh ola sna huiscí amach ó chósta na hÉireann. Bua a bhí ann don chomhshaol mar gheall go mbíonn druileáil mar chúis le cur isteach ollmhór, is cuma má aimsítear nó mura n-aimsítear ola. Ina theannta sin, leagann sé marcóir síos, beidh na breoslaí iontaise go léir úsáidte againn faoin mbliain 2050 - ola ar dtús agus gual agus móin ina dhiaidh sin.

Bronnadh cistiú breis agus leathbhilliún euro orainn ón AE don Idirnascaire Ceilteach. Cabhróidh an píosa ríthábhachtach bonneagair seo chun praghsanna leictreachais a ísliú, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus slándáil fuinnimh níos fearr a sholáthar. Ceadóidh sé dúinn chun fuinneamh gaoithe a dhíol leis an Eoraip nuair a bhíonn barrachas againn agus chun é a iompórtáil nuair nach mbíonn.

Thugamar faoi aistear aontreo i mBuiséad 2020 a ghlacfaidh deich mbliana chun aistriú ó bhreoslaí iontaise go hathnuaiteáin.

Leagtar cúrsa fadtéarmach amach sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide a fhad le 2030 le haghaidh cáin charbóin agus thugamar faoi na chéad chéimeanna i mBuiséad 2020 chun é a bhaint amach.

Sna deich mbliana amach romhainn, tiomsófar €6 billiún ar an mbealach seo.

Déanfar an t-ioncam nua go léir a thiomsaítear ó cháin charbóin a imfhálú chun gníomhú nua ar son na haeráide agus aistriú cóir a chistiú. Cabhróidh aistriú cóir chun iad siúd a chosaint is mó atá nochta do chostais níos airde bhreosla agus fuinnimh agus ar gá poist nua a aimsiú dóibh chun aistriú ó thionscail atá dian ó thaobh carbóin de.

Tá go leor bainte amach, mar sin, ó Mheitheamh, ach tá níos mó le déanamh go fóill.

Nochtar i dTuarascáil an lae inniu gur thugamar aghaidh ar 85% de ghníomhartha na tuarascála de réir an sceidil, mar sin, is gá dúinn machnamh a dhéanamh ar an 15% eile agus ar na gníomhartha, ach go háirithe, a gheallamar a sholáthar sna míonna amach anseo.

Tá ár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa laghdaithe le dhá bhliain i ndiaidh a chéile, fad a d’aistríomar ó ghual a dhó le haghaidh leictreachais i bhfabhar gaoithe agus gás nádúrtha. Is maith seo, ach níl laghdú tapa a dhóthain ag teacht ar astaíochtaí. Ach chomh beag! Cinnteoidh cur i bhfeidhm an Phlean seo go dtiocfaidh an laghdú tapa a dhóthain sin orthu.

Chun go n-éiríonn leis an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide, caithfidh sé a bheith orgánach agus caithfidh sé cuntasacht a leagan ar dhaoine.

Taispeánaimid inniu conas a bhainfear amach an dá chuspóir.

Bunaíodh Bord Soláthair um Ghníomhú ar son na hAeráide laistigh de mo Roinn. Tá an tArd-Rúnaí leis an Rialtas mar Chathaoirleach air lena chinntiú go ndéantar na gníomhartha sa Phlean a chur i bhfeidhm go comhordaithe, go tráthúil agus go héifeachtach.

Leagfaidh an Bord cuntasacht ar gach Roinn Rialtais agus comhlacht poiblí.

Cuid dá mhisean is ea a chinntiú go bhfreagraíonn an Plean d’athruithe ar dhea-chleachtas, anuas ar fhorbairtí nua ar an eolaíocht, an teicneolaíocht agus an tsochaí. Cáipéis bheo atá ann, dá bharr, atá ag fás agus ag teacht chun cinn an t-am go léir.

Is é an chúis ba mhó a bhí leis an teip ar ghníomhú ar son na haeráide a sholáthar ar an scála a theastaíonn go dtí seo ná nach raibh cuntasacht earnála ann. Bhí ar dhuine eile déileáil leis an bhfadhb i gcónaí.

Chuir an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide an chéad chéim de chun an locht seo a bhaint tríd an méid is gá do gach earnáil a dhéanamh sna deich mbliana amach romhainn a leagan amach. Rachfar faoin gcéad chéim eile sa Bhille um Ghníomhú ar son na Aeráide a bheidh ag teacht aníos agus déanfar soláthar ann do bhuiséid charbóin earnála agus gearrfar pionóis ar neamhsholáthar. Níor éirigh leis an seanbhealach chun rudaí a dhéanamh agus tá creat nua á fhorbairt againn dá bharr.

Tá a bpáirt le glacadh ag gach duine chun an ghéarchéim aeráide a réiteach. Imreoidh sé tionchar ar gach earnáil, gnólacht agus teach. Caithfimid oibriú as lámh a chéile chun todhchaí níos glaise, níos rathúla, níos inbhuanaithe agus níos sábháilte a bhaint amach.

Bainfear tairbhe dhearfach chomhshaoil a bhuíochas leis an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide a chur i bhfeidhm agus déanfaidh sé sochair gheilleagracha, shóisialta, agus shláinte a chruthú don tsochaí go léir.

Beidh tithe níos teo, aer níos glaine, foinsí fuinnimh níos sláine, poist ghlasa, gnó glas, saibhreas nua, iompar níos fearr, pobail athléimneacha, spásanna nua caitheamh aimsire agus stíleanna maireachtála níos sláintiúla againn.

Déanfaimid ár dtírdhreach a athrú ó bhonn – beidh níos mó foraoise ann agus déanfar níos mó éagsúlú talmhaíochta agus tailte portaigh a athchóiriú.

Agus seachnóimid ‘the peril of unconsciousness’ a dtugann Boland foláireamh faoi ina dán. Ach tá orainn gníomhú anois. Is eol dúinn an méid is gá a dhéanamh, a bhuíochas leis an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide. Táimid ag glacadh, i ndiaidh thuarascáil an lae inniu ar dhul chun cinn – agus cinn eile a leanfaidh – le cuntasacht lena chinntiú go ndéantar é seo.

Mar sin, creidim gur féidir linn, trí oibriú le chéile, Aeráid nua Ghnímh agus Deiseanna a chur in ionad Aeráid Eagla agus Imní.

Go raibh maith agaibh.