Foilsithe ar 

Óráid leis an Taoiseach, Ar ainmniú agus coimisiúnú an Árthaigh nua Phatróil Chabhlaigh Amach ón gCósta, an LÉ George Bernard Shaw

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil in aghaidh Soláthair

Tráthnóna maith agaibh go léir.

Is mór an sásamh dom a bheith anseo i bPort Láirge chun freastal ar shearmanais ainmnithe agus choimisiúnaithe an LÉ George Bernard Shaw.

Nuair a bhuaigh Bob Dylan Duais Nobel na Litríochta trí bliana ó shin, níorbh é ach an dara duine go dtí seo a bhuaigh Duais Nobel agus Oscar.

Ba é an chéad duine George Bernard Shaw.

Creidim, mar sin, go bhfuil sé oiriúnach go n-ainmnítear ceann dár nÁrthaí Patróil Amach ón gCósta in ómós do Shaw, nuair a chuirtear san áireamh gur ainmníodh árthaí in ómós do Samuel Beckett, James Joyce agus William Butler Yeats.

Le linn dá shaoil ba léirmheastóir gan eagla é Shaw agus ba chara diongbháilte é, ar spreag a shamhlaíocht na milliúin duine timpeall an domhain. Chreid sé sa tseirbhís phoiblí agus bheadh sé bródúil gur ainmníodh an long seo in ómós dó, long a thabharfaidh aghaidh ar mhisean seirbhíse mór le rá dár Stát agus dár ndaoine go ceann tamall maith de bhlianta.

Is deas liomsa a bheith i bPort Láirge inniu.


Contae dúchais mo mháthar é agus tá go leor gaolta liom fós ag cur fúthu i gceantar Dhún Garbhán.

Ceann de na chéad dualgais a leagadh orm mar Aire Turasóireachta ná teacht anseo nuair a tháinig na Longa Arda i dtír agus b’iontach an lá é don chathair iontach mhuirí seo.

Bhí caidreamh dlúth ag ár Seirbhís Chabhlaigh le Port Láirge. Ón mbliain 2016, rinneadh an LÉ James Joyce – comhlong – a nascadh leis an gcathair seo, ar nós an LÉ Aoife roimhe sin.

Is mian liom fáilte ó chroí a chur roimh gach duine a thaistil go Port Láirge don ócáid speisialta seo. Is mian liom buíochas a chur in iúl, ach go háirithe, do chomhaltaí na Roinne agus foireann tionscadail na Seirbhíse Cabhlaigh a d’oibrigh ar an tionscadal seo in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.

Is é an LÉ George Bernard Shaw an ceathrú hárthach agus an t-árthach deiridh den Aicme P60, agus thóg Babcock Marine gach ceann díobh i Longchlós Appledore. Tá ionadaithe ón bhfoireann a d’oibrigh chomh dian dícheallach sin leis na ceithre árthach seo a sholáthar tagtha i láthair inniu ón Ríocht Aontaithe. Tá fáilte mhór romhaibh agus go raibh maith agaibh.

D’infheistigh an Rialtas breis agus €270 milliún sa chabhlach nua seo. Cheannaigh airgead na gcáiníocóirí é, seachas airgead an Rialtais, ach ceapaim gur caitheadh airgead na gcáiníocóirí go fiúntach, mar gheall ar an obair fhiúntach a dhéanann ár Seirbhís Chabhlaigh.


Ba mhaith liom an Leifteanant Cian Ryan, Oifigeach Innealtóireachta na loinge, a lua go speisialta, a bhí bunaithe in Appledore fad a bhí an long á tógáil. B’ollmhór an chabhair a thug sé agus ba mhaith liom buíochas pearsanta a ghabháil leis inniu.

Choimeád chéad chaptaen an LÉ George Bernard Shaw – an Ceannasaí Frank O’Connor, súil ghéar ar thógáil an árthaigh agus ba é a thug ar ais go hÉirinn é.

Tugadh ardú céime le déanaí dó agus tá an t-árthach tugtha anois aige dá Chaptaen nua – an Ceannasaí-Leifteanant Philip Dicker. Go raibh maith agat, a Frank, as do chabhair agus guímid gach rath ort amach anseo.

Cuirfear an LÉ George Bernard Shaw le cabhlach nua-aimseartha a fhreastalaíonn ar ár dtír le galántacht.

Tá réimse fairsing dúshlán roimh ár Seirbhís Chabhlaigh, agus tá na dúshláin sin roimpi níos mó anois ná mar a bhí riamh roimhe seo. Déanann ár longa ceannas agus iomláine ár n-uiscí críche a dheimhniú; cosnaíonn siad uiscí ár dtíre agus an Aontais Eorpaigh. Táimid fíorbhuíoch de phearsanra na Seirbhíse Cabhlaigh as an obair a dhéanann siad i dtaobh iascach a chosaint, cuardach muirí agus tarrtháil a dhéanamh, agus an iomaí tasc eile a dhéanann sibh go neamhleithleasach. Le blianta beaga anuas, thug ár longa faoi obair fhíorthábhachtach dhaonnúil sa Mheánmhuir, agus na mílte saol á dtarrtháil acu. Mar thír, agus mar Aontas Eorpach, táimid buíoch dár Seirbhís Chabhlaigh as sin, chomh maith.


Sócmhainn chomhshaoil agus gheilleagrach í an fharraige a bhfuil acmhainn ollmhór aici agus leanann an Rialtas le tábhacht na hoibre a aithint a dhéanann an tSeirbhís Chabhlaigh chun leasanna muirí na hÉireann a chosaint.

Mar gheall gur thosaigh an t-árthach seo i mbun seirbhíse, tá ár gcumas chun leanúint ar aghaidh leis seo a dhéanamh neartaithe go mór.

Mar sin, thar ceann an Rialtais, ba mhaith liom gach rath a ghuí ar Chaptaen nua an LÉ George Bernard Shaw, an Ceannasaí-Leifteanant Philip Dicker agus a criú. Is eol dom go bhfuil sibh go léir ag tnúth le lánchumas na loinge a bhaint amach. Agus guím seoladh sábháilte oraibh go léir.

Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas a chur in iúl, chomh maith, do gach duine a bhí bainteach in imeacht an lae inniu a eagrú. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le Banna an 1ú Bhriogáide, a rinne an Captaen Brian Prendergast a stiúradh, as an bhfuaimrian is oiriúnaí a sheinm don ócáid seo.

Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil, chomh maith, leis an Uasal Seán Rainbird, Stiúrthóir Dhánlann Náisiúnta na hÉireann, a labhróidh linn faoin oidhreacht thábhachtach a d’fhág George Bernard Shaw le hÉirinn.

**

Gan dearmad a dhéanamh air, ba mhaith liom Emily Byrne agus a tuismitheoirí, Ann-Marie agus Seán, a chur in aithne. Scéal misnigh é scéal Emily. Tá gliondar croí orainn go bhfuil sibh anseo inniu, agus táimid buíoch go bhfuil biseach ag teacht ort i ndiaidh trasphlandú ae.

Bhíothas in ann trasphlandú a dhéanamh ar Emily a bhuíochas mór le Mionoifigeach John Fenton, Tumaire sinsearach Cabhlaigh a thug cuid dá ae le teacht i gcabhair ar shaol Emily.

Scéal an-daonna é agus scéal é a léiríonn luachanna ár Seirbhíse Cabhlaigh go léir:

  • misneach,
  • dúthracht,
  • tús áite a thabhairt do dhaoine eile,
  • seirbhís.

Cuireann sé gach rud i gcuimhne dom atá dearfach agus speisialta faoi chomhaltaí ár Seirbhíse Cabhlaigh, chomh maith lenár bhFórsaí Cosanta níos fairsinge.

Mar sin, is rímhór an sásamh dom cuireadh a thabhairt do Emily agus a teaghlach, chomh maith leis an Mionoifigeach Fenton chun tabhairt faoin searmanas ainmnithe don long fhíorálainn nua seo, an the LÉ George Bernard Shaw.

Go raibh maith agaibh.