Foilsithe ar 

Óráid leis an Taoiseach ag Oscailt Sheastán Nua an Churraigh

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil in aghaidh Soláthair

A Aire,

A Chathaoirligh,

A aíonna oirirce, a dhaoine uaisle.

Is mór an phribhléid dom a bheith anseo leis an bhforbairt nua seo a oscailt go hoifigiúil. Déanann an Currach traidisiúin rásaíochta na hÉireann a chaomhnú agus is anseo a bhíonn cuid dár n-imeachtaí spóirt agus sóisialta is mó ar siúl.

Faoi mar is eol daoibh, tá an tionscadal seo ina thoradh ar chlár forleathan athfhorbartha agus níor tugadh faoina mhacasamhail de thionscadal chomh mór riamh roimhe seo.

Bhí páirt thábhachtach ag an gCurrach riamh anall i scéal ár dtíre agus, a bhuíochas leis an bhforbairt nua seo, is féidir muinín a bheith againn go mbeidh ról tábhachtach agaibh i gcónaí inár dtodhchaí, chomh maith.

Tá i bhfad níos mó bainte amach ag an gCurrach ná díreach seastán nua. Athfhorbairt iomlán é seo agus is eol daoibh go bhfuil áis anois agaibh atá chomh maith céanna leis na cinn is fearr ar domhan.

Rinne an Rialtas, trí Rásaíocht Capall na hÉireann, breis agus €36 milliún a infheistiú sa tionscadal seo, thart ar 40% den chostas iomlán, mar gheall gur aithníomar tábhacht an Churraigh do shochaí na hÉireann.

Rinne infheisteoirí a chothaigh an fhís chéanna linn infheistíocht sa Churrach.

Tá ceartlár na rásaíochta capall in Éirinn suite sa Churrach leis na mílte bliain anuas.

I nGluais ársa Chormaic Chaisil, tá an chiall ‘ráschúrsa’ leis an bhfocal ‘Cuirreach’. I leabhar ársa na dtaifead, Bruidhne Dá Derga, luaitear an Currach mar ‘Cuirreach Lifé’, Currach na Life, agus bhí cáil ar an áit ar fud na tíre mar gheall ar na cruinnithe rásaíochta a tionóladh anseo. Agus insítear an scéal ann faoi conas a thug an Rí Conari, rí na hÉireann, ceithre charbad anseo chun rásaíocht a dhéanamh sna Cluichí breis agus dhá mhíle bliain ó shin.

Is cinnte gur Sean-Oirthear na hÉireann an áit seo.

Ionad sármhaitheasa aitheanta atá sa Churrach inniu i ngach gné den tionscal capaill folaíochta. I gcroílár Chill Dara, contae chapaill folaíochta na hÉireann.

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a raibh páirt acu sa tionscadal dhá bhliain seo. Tá ceanncheathrú rásaíochta na hÉireann athruithe agaibh ón mbonn aníos.

Le fada an lá, tá cuid de na capaill rása ab fhearr ar domhan feicthe ag lucht leanúna rásaíochta na hÉireann ag dul san iomaíocht anseo. Anois, a bhuíochas leis an bhforbairt seo, beidh na háiseanna ar an taobh seo den ráille reatha chomh maith céanna leis an spraoi ar an rásraon.

Is féidir linn tailte traenála cáiliúla an Churraigh a fheiceáil ón ardán mór seo, chomh maith le 1,500 acra d’áiseanna traenála den chéad scoth. Déantar na mílte capall a thraenáil anseo ar an eachrais gach bliain agus is é an t-ionad traenála poiblí is mó sa tír é, dá bharr.

Léiríonn an rath a bhí ar an tionscadal seo conas is féidir le tionscadail phoiblí-phríobháideacha oibriú as lámh a chéile chun soláthar a dhéanamh do phobal.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a bhí bainteach san obair seo. Foireann an tionscadail, bord an Churraigh, iad siúd go léir a rinne infheistíocht sa tionscadal, Rásaíocht Capall na hÉireann agus Bord Rialála Capall na hÉireann.

Baineann tábhacht leis go n-éiríonn leis an tionscadal rásaíochta capall agus póraithe capall dár dtír. Cuireann siad tréimhse an-fhada de shiamsaíocht ar fáil agus cuireann siad go mór leis an ngeilleagar, agus cruthaíonn siad infheistíocht eachtrach shuntasach isteach. Is fiú beagnach €2 billiún é agus cothaíonn sé beagnach 30,000 post díreach agus indíreach.

Is sinne an dara táirgeoir is mó d’fholaíocht inniu, de réir luacha, agus is éacht fíor-mhór é seo agus léiríonn sé caighdeán fholaíocht na hÉireann.

Bhí an obair a rinne an tAire Creed thar ceann rásaíocht capall in Éirinn láidir agus cinniúnach agus d’oibrigh sé go dlúth le Rásaíocht Capall na hÉireann ar thionscadail ar nós an chinn seo. Léirigh sé an láidreacht agus cinntitheacht chéanna san obair a rinne sé thar ceann thalmhaíocht na hÉireann, fad atá bagairtí casta seachtracha romhainn.

Cruthaíonn an fhorbairt nua seo tairbhí ollmhóra turasóireachta. Agus táimid tiomanta, mar Rialtas, chun acmhainn na rásaíochta capall a fhorbairt mar thairiscint turasóireachta.

Rinneamar €2 milliún a infheistiú trí Fháilte Éireann le déanaí isteach i nGraí Náisiúnta na hÉireann agus sna Gairdíní Seapánacha, atá i ngar don áit seo, chun Eispéireas Rásaíochta Capall na hÉireann a chruthú.

Baineann tábhacht leis an infheistíocht seo do chontae Chill Dara trína chéile, agus meallfaidh sé go leor turasóirí idirnáisiúnta agus díograiseoirí rásaíochta capall ó áiteanna ar fud an domhain.

Mar chuid d’eispéireas turasóireachta Shean-Oirthear na hÉireann, táimid ag oibriú le plean forbartha eispéiris do chuairteoirí ‘Spórt na Ríthe’ chun forbairt bhreise a dhéanamh ar théama na rásaíochta capall. Tabharfaidh seo an earnáil phoiblí agus phríobháideach le chéile, anuas ar an bpobal áitiúil, chun teacht i dtír go hiomlán ar an méid is féidir leis na ceangail láidre atá ag Cill Dara leis an tionscal rásaíochta agus folaíochta capall a bhaint amach.

Bhronnamar breis agus €150,000, chomh maith, ar Ionad Oidhreachta Bhaile Chill Dara chun a thionscadal ‘Kildare – Live and Legend’ a fhorbairt mar gheall go gcreidimid ina fhís. Bronnfaidh sé beocht agus beatha ar stair agus scéalta Chill Dara agus déanfaidh sé nasc leis an oidhreacht eachaíochta a bhfuil an Currach ina ceartlár.

Tá lánchumas an Churraigh á bhaint amach ag croílár ár bhfíse do Shean-Oirthear na hÉireann.

A bhuíochas leis an bhforbairt nua seo, leanfar le ‘seaimpíní dhéanamh’ sa Churrach.

Seaimpíní a chuireann le scéal ratha na hÉireann.

Guím gach rath agus dea-ghuí oraibh amach anseo.

Go raibh maith agaibh.