Foilsithe ar 

Óráid leis an Taoiseach, an Fóram Iompair Idirnáisiúnta, Dinnéar Ceiliúrtha, Teach Farmleigh

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil in aghaidh soláthair

A Aire, a Ard-Rúnaithe, a dhaoine uaisle, tráthnóna maith agaibh agus fáilte go dtí Farmleigh.

Bhíodh muintir Guinness ina gcónaí anseo agus is anseo a chuirimid cruinnithe ardleibhéil Rialtais ar siúl agus a chuirimid fáilte roimh uaisle ón gcoigríoch, agus rinneadh Impirí, Banimpirí, Uachtaráin agus Príomh-Airí a óstáil anseo, le blianta beaga anuas.

Is é an áit is fearr, dá bharr, chun fáilte a chur roimh an Ard-Rúnaí Kim agus roimh gach duine eile atá anseo.

Ar an gcéad dul síos, go raibh maith agaibh as an obair a rinne sibh chun beartas iompair idirnáisiúnta a fhorbairt agus as bhur gceannaireacht leanúnach sa phobal iompair domhanda.

Nuair a bhí mé i m’Aire Iompair, ghlac mé páirt in bhur gCruinniú Mullaigh in 2012 agus chruthaigh sé go leor smaointe nua a d’imir tionchar ar mo smaointeoireacht – agus a imríonn go fóill agus mé i mo Thaoiseach.

Cuimhním, ach go háirithe, ar sheisiún painéil ar leith inar thángamar ar bhealaí chun straitéisí uaillmhianacha iompair a fhorbairt chun pobail a fhás agus ár dtíortha a fhás.

Chuir an Cruinniú Mullaigh spás luachmhar ar fáil chun dúshlán a chur roimh smaointe nua agus iad a thástáil agus chabhraigh sé le beartas iompair a mhúnlú i dtíortha timpeall an domhain. Is eol dom go mbeidh Cruinniú Mullaigh 2020, a chuirfear ar siúl faoi Uachtaránacht na hÉireann, chomh huaillmhianach céanna agus go mbeidh an rath céanna air. Tá an tAire Ross ag tnúth leis an deis lena thaispeáint gur ceannaire domhanda sa nuálaíocht í Éire agus gur tír í a thacaíonn go láidir le spriocanna forbartha inbhuanaithe.

Mairimid i ré ina bhfuil athrú pras ag teacht ar gach rud a mheasaimid a bhí ar eolas againn faoi iompar agus soghluaisteacht. Is gá dúinn smaoineamh nua a chur i bhfeidhm ar na saincheisteanna nua seo a leanas:

* soghluaisteacht chomhroinnte,

* beartas iompair atá bunaithe ar shonraí,

* blocshlabhra, and

* A.I.

Mol atá in Éirinn don nuálaíocht agus léirítear sin i do líon cuideachtaí Bord Comhpháirtíochta Corparáidí a bhfuil oibríochtaí agus bunáiteanna acu fud fad na hÉireann. Táimid ag cabhrú leat chun táirgí agus réitigh nuálacha a sholáthar don earnáil iompair go domhanda.

In Éirinn, tá fís uaillmhianach againn chun ár n-iompar agus ár mbonneagar a athrú ó bhonn. Tá pleanáil spásúlachta agus infheistíocht chaipitil á gceangal le chéile trí Thionscadal Éireann 2040 den chéad uair ar bhealach bríoch le stair anuas.

Tá infheistiú á dhéanamh againn i mbóithre nua, iompar poiblí agus tá ár gcalafoirt agus aerfoirt á bhfeabhsú againn, agus tá seo go léir mar chuid de phlean €116 billiún lena chinntiú go dtagann forbairt agus go mbíonn an rath ar gach cuid dár dtír amach anseo.

Tá dhá oiread á chaitheamh againn ar iompar poiblí agus inbhuanaithe nua a chaithimid ar bhóithre. Cé go bhfuil tionscadail nua mhóra bhóithre ar siúl – a bhfuil géarghá leo chun go mbeidh an rath orainn go fadtéarmach – is ar iompar poiblí atá an chuid is mó den airgead á chaitheamh. I dtír cosúil lenár dtír féin, ina bhfuil patrún scaipthe lonnaíochta, tá ró-fhada caite ag iompar poiblí mar an dara rogha, ach tá athrú tagtha air sin ó rinneadh Taoiseach díom.

Tá infheistiú á dhéanamh againn in Metrolink, líne iarnróid ardtoillidh agus ardmhinicíochta, a cheanglóidh gach rogha mhór iompair i mBaile Átha Cliath, an t-aerfort ina measc. Tá sé d’uaillmhian againn iompar poiblí atá go hiomlán comhtháite a chruthú i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Agus cé gurb é MetroLink an príomhthionscadal, is é BusConnects, tionscadal eile, is tábhachtaí. Cuirfidh seo pleananna claochlaitheacha ar fáil a bhaineann go sonrach le cathair chun seirbhísí bus a fheabhsú agus a fhairsingiú nuair a bhíonn bealaí á ndearadh, agus cuirfidh sé conairí tiomnaithe ar fáil inár gcathracha móra go léir.

Cabhróidh Bus Connects, chomh maith, lena chinntiú go gcuireann ár gcathracha fíorfháilte roimh rothaíocht mar rogha inmharthana shábháilte iompair agus cuirfear fad 200 ciliméadar de bhonneagar rothaíochta tiomnaithe ar fáil. Nuair a chaithim súil siar, ba bhotún brandáil a dhéanamh ar Bus Connects go hiomlán i dtaobh busanna, nuair a bheidh an méid chuirfidh sé le rothaíocht chomh tábhachtach céanna.

Is iomaí rud a d’athraigh ó bhí uachtaránacht an FII in Éirinn an uair dheireanach in 2006. Táimid níos feasaí anois ar an dúshlán domhanda a chruthaíonn athrú aeráide, agus léirítear é seo inár bpleananna do bhorradh agus forbairt amach anseo dá bharr.

Sheol an Rialtas Plean uaillmhianach um Ghníomhú ar son na hAeráide le déanaí a athdhearbhaíonn ár dtiomantas do shochaí atá seasmhach ó thaobh na haeráide a thógáil, sochaí ina mbeidh ról tábhachtach le glacadh ag an earnáil iompair.

Táimid ag oibriú chun todhchaí níos glaise, níos rathúla, níos inbhuanaithe agus níos sábháilte a bhaint amach.

Tá €8.6 billiún á infheistiú in iompar inbhuanaithe chun cabhrú linn ár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go mór idir an t-am i láthair agus 2030.

Faoi mar is eol daoibh, is é téama ár n-uachtaránachta ‘Nuálaíocht Iompair d’Fhorbairt Inbhuanaithe’ agus tugtar chun solais ann an tábhacht a bheidh ag nuálaíocht chun freagairt do na dúshláin seo.

Chreid an sárfhile Éireannach, W.B. Yeats ‘the past is dead, not only for us but for this country’, fad a chuir sé dúshlán romhainn chun tógáil a dhéanamh don todhchaí. Spreagann bhur gCruinniú Mullaigh sinn chun smaoineamh go huaillmhianach agus chun smaoineamh go cliste fad a oibrímid chun iompar a athrú ó bhonn inár dtíortha.

Mar sin, bain taitneamh as bhur ndinnéar um thráthnóna, agus as an gcuid eile den am a chaithfidh sibh in Éirinn.

Go raibh maith agaibh.