Foilsithe ar 

Ráiteas ón Taoiseach faoi na forbairtí is déanaí maidir le Brexit, Tithe an Rialtais

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil i gCoinne Seachadadh

Mar is eol daoibh, chas an Príomh-Aire May leis an Uachtarán Juncker in Strasbourg aréir áit ar chomhaontaigh siad ar ‘Ionstraim’ léirmhíniúcháin maidir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus ‘Comhráiteas’ maidir leis an Dearbhú Polaitiúil faoin gcaidreamh a bheidh idir an AE agus an Ríocht Aontaithe amach anseo. Foilsíodh na doiciméid seo aréir.

Cuireann na doiciméid seo leis an méid atá luaite sa Chomhaontú um Tharraingt Siar agus sa Dearbhú Polaitiúil agus tá sé mar aidhm leo breis léirmhínithe, soiléirithe agus mionsonraí a chur ar fáil don Ríocht Aontaithe sula gcaithfear vóta in Westminster amach anseo.

Is eol dúinn gur fhoilsigh Rialtas na Ríochta Aontaithe dearbhú aontaobhach, i dteannta leis an dá dhoiciméad chomhpháirteacha comhaontaithe.

I gcomhthéacs an vóta a caitheadh anocht in Westminster, tá toradh an chruinnithe a reáchtáladh inné idir an Príomh-Aire May agus an tUachtarán Juncker dearfach, agus tá súil agam anois go mbeidh Teach na dTeachtaí sásta glacadh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.

I rith an phlé leis an Ríocht Aontaithe, d’oibrigh an Rialtas i gcomhpháirt lenár gcomhpháirtithe san AE agus le hinstiúidí an AE, lena n-áirítear an Coimisiún agus Tascfhórsa Michel Barnier.

Nuair a bhí an obair sin ar bun, d’áitíomar nach bhféadfaí an Comhaontú um Tharraingt Siar a athscríobh, agus nach mór go leanfadh feidhm a bheith leis an socrú cúlstop, cé go raibh sé beartaithe gur socrú sealadach a bheadh ann, murach agus go dtí go dtagann socruithe eile ina áit amach anseo a bheidh in ann an cuspóir céanna a bhaint amach, gan teorainn chrua a bheith ann.

***

Tá sé curtha in iúl againn freisin, áfach, go rabhaimid sásta ráthaíochtaí agus tuilleadh athdhearbhuithe a thairiscint, agus tá ár macántacht agus dea-rúin curtha in iúl againn don Ríocht Aontaithe chomh maith – go deimhin tá athdhearbhuithe den sórt sin tairgthe againn go leor uaireanta.

Tá bunús dlí leis na dearbhuithe seo anois de thoradh na hIonstraime ar comhaontaíodh uirthu inné, agus is ionann an Ionstraim agus ráiteas soiléir ón dá pháirtí maidir lena bhfuil comhaontaithe.

Níl athoscailt an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar mar thoradh ar an Ionstraim, nó ní bhaineann sé an bonn den chúlstop nó cur i bhfeidhm an chúlstop.

Is ionann an Ionstraim agus a fhógairt go mbeimid ag obair i dteannta a chéile, go macánta, ar mhaithe le caidreamh a bhunú amach anseo a chinntíonn go mbeidh cuspóirí an Phrótacail, go háirithe an gá atá le teorainn chrua a sheachaint, á gcomhlíonadh.

Chomh maith leis sin, táimid tiomanta do na roghanna eile atá ann a scrúdú gan mhoill, sa chás nach féidir an caidreamh a bheidh ann amach anseo a thabhairt chun críche go sásúil agus go tráthúil.

Ach níl amhras á chaitheamh ar an bpointe nach mbeidh feidhm leis an gcúlstop murach agus go dtí go gcomhaontaítear socruithe níos fearr, agus go mbeidh iarracht mhacánta á déanamh ag gach páirtí an aidhm sin a chomhlíonadh.


Dá réir sin, tá na roghanna atá ann chun teorainn chrua a sheachaint ag comhfhreagairt leis na roghanna ar comhaontaíodh orthu chomh fada siar leis an Tuarascáil Chomhpháirteach a cuireadh i dtoll a chéile i Nollaig 2017, inar measadh go mbeadh sé seo á chur i gcrích trí

  • caidreamh cuimsitheach idir an AE-Ríocht Aontaithe amach anseo,
  • réitigh shonracha nó,
  • in éagmais réiteach comhaontaithe, ailíniú rialála, i.e an cúlstop.

Athdhearbhaítear sna doiciméid ar comhaontaíodh orthu inné an aidhm atá againn comhpháirtíocht a bhunú amach anseo leis an Ríocht Aontaithe atá chomh gar agus is féidir, agus a leagann béim ar ár dtiomantas a chinntiú gur féidir tús a chur chomh luath agus is féidir le hidirbheartaíochtaí ar an gcaidreamh sin a bheidh ann amach anseo chomh luath agus a fhágann an Ríocht Aontaithe.

Leagtar amach san ionstraim chomhaontaithe conas a dhéanfar an obair thábhachtach seo.

Chomh maith leis sin, athghairtear inti na sásraí um réiteach díospóidí sa Chomhaontú um Tharraingt Siar a d’fhéadfaí a agairt dá mbeadh mímhacántacht á léiriú ag ceachtar páirtí, lena n-áirítear an fhéidearthacht a bhaineann le rialú a lorg ó phainéal eadránaithe.

***

Tá súil agam, i dteannta leis an gComhráiteas maidir leis an Dearbhú Polaitiúil, gur bunús chun dul chun cinn a dhéanamh a bheidh san Ionstraim.

Is ionann an Comhaontú um Tharraingt Siar agus comhréiteach cothrom ó gach taobh. Is creat láidir é an Dearbhú Polaitiúil ar féidir an obair a dhéanfar amach anseo a bhunú air.

Agus tá an soiléiriú, an t-athdhearbhú agus na ráthaíochtaí a bhí ag teastáil ó roinnt daoine lena chinntiú nach mbeadh amhras nó imní orthu, is cuma cé chomh neamhréalaíoch is a bhí an t-amhras nó an imní, gurb é an aidhm a bhí ag daoine áirithe an Ríocht Aontaithe a sháinniú sa chúlstop go deo, le fáil sna téacsanna breise ar comhaontaíodh orthu inné. Ní hé sin an aidhm a bhí ag duine ar bith.

Is féidir an t-amhras agus an imní seo a ligean i ndearmad anois.

Cuirtear idirthréimhse san áireamh sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, go dtí deireadh 2020, idirthréimhse nach mbeidh athrú ar bith le tabhairt faoi deara inti. Tá sé seo tábhachtach go háirithe chomh fada is a bhaineann le heaspórtálaithe, gnóthaí, fostóirí, feirmeoirí agus ár n-iascairí.


Agus beag beann ar an vóta a caitheadh anocht, tá sé comhaontaithe go leanfar leis an gComhlimistéar Taistil, saorghluaiseacht daoine ó Thuaidh agus ó Dheas agus idir an Bhreatain agus Éire. An ceart chun cónaí, obair, staidéar, rochtain a fháil ar chúram sláinte, tithíocht, oideachas, pinsin agus leas i dtíortha a chéile amhail is gur saoránaigh den dá thír muid. Agus tá sé seo tábhachtach go háirithe chomh fada is a bhaineann le saoránaigh, mic léinn, oibrithe trasteorann agus easaoránaigh ón dá thír.

Ar ndóigh, leanfaidh saoránaigh Éireannacha i dTuaisceart Éireann a bheith ina saoránaigh den Aontas Eorpach is cuma céard a tharlaíonn.

Ar go leor bealaí, is ionann Brexit agus scamall dubh os ár gcionn le roinnt mhaith míonna anuas, agus go háirithe an baol a bhain le Brexit gan mhargadh. Má tá vóta na hoíche anocht dearfach ardófar an scamall sin agus beidh muinín agus dóchas le brath an athuair sa Bhreatain, in Éirinn agus ar fud an Aontais Eorpaigh.

***

Níl uainn anois ach go mbeidh an Comhaontú um Tharraingt Siar á dhaingniú ag Westminster agus ag Parlaimint na hEorpa gan mhoill, ionas gur féidir linn leanúint leis an obair thábhachtach a bhaineann leis an gcaidreamh is dlúithe agus is féidir a fhorbairt idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, agus idir an Ríocht Aontaithe agus Éire, i ndiaidh Brexit.

Tá a fhios agam anois nach mór dúinn am agus spás a thabhairt d’Fheisirí Parlaiminte in Westminster chun a machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach go dtí seo.

Go raibh maith agaibh.