Foilsithe ar 

Ráiteas ón Taoiseach tar éis thionól na Comhairle Eorpaí Meitheamh 2019

Arna eisiúint ag Preasoifig an Rialtais

Seiceáil in éadan an leagan a thugtar

A Cheann Chomhairle,

D'fhreastail mé ar shraith de chruinnithe de chuid na Comhairle Eorpaí sa Bhruiséil, Déardaoin an 20 Meitheamh agus Dé hAoine an 21 Meitheamh.

Ar an Déardaoin, bhuaileamar le gach aon cheann de na Ceannairí Stáit nó Rialtais de chuid an AE, chun raon leathan de shaincheisteanna a phlé.

Ghlacamar le Clár Oibre Straitéiseach nua an AE don bhliain 2019-2024, agus bhí malartú substaintiúil againn ar ghníomhú aeráide, mar aon leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, an Seimeastar Eorpach, agus an chibearshlándáil.

Bhí malartú cuiditheach againn freisin faoi na ceapacháin ardleibhéil ar institiúidí an AE, atá le déanamh sna míonna atá amach romhainn.

Faoi chaidreamh seachtrach, phléamar réimse de shaincheisteanna lena n-áirítear cúrsaí sa Rúis agus in Oirthear na Úcráine; agus gníomhaíochtaí na Tuirce i Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na Cipire. Rinneamar plé chomh maith leagadh na heitilte MH17; Comhpháirtíocht an Oirthir; forbairtí sa Mholdóiv; agus caidrimh le Maracó agus leis an Afraic go ginearálta.

D’fhaomhamar na conclúidí maidir leis an méadú agus an Próiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais, ar ghlac an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta leis níos luaithe sa tseachtain.

Ar an Aoine, thángamar le chéile i gCruinniú Mullaigh an Eorpaigh, chun forbairtí eacnamaíocha ar fud limistéar an euro a phlé agus chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a neartú.

Bhí plé gairid againn freisin ar an Aoine, i bhformáid Airteagal 50, maidir le Brexit.

Beidh an tAire McEntee ag féachaint go príomhúil ar chaidrimh sheachtracha agus ar an méadú ina ráiteas críochnúil. Déanfaidh mé cur síos ar an bplé a rinneamar ar na saincheisteanna eile.

A Cheann Comhairle,

Thosaigh an Chomhairle Eorpach tráthnóna Déardaoin leis an malartú tuairimí is gnách le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa Tajani.

Thug an tUachtarán Iohannis tuairisc ansin ar an obair atá déanta ag an Rómáin agus iad ag glacadh Uachtaránacht AE ó thús na bliana. Is é sin an chéad uair a ghlac an Rómáin ról Uachtaránacht an AE ó tháinig sí isteach san Aontas, agus ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a ghabháil leis an Uachtarán agus le Rialtas na Rómáine as na hiarrachtaí agus as an éacht atá déanta acu le sé mhí anuas.

Mar atá ráite agam cheana, tá sé tábhachtach go léireodh an AE ceannaireacht ar an ngníomhú ar son na haeráide, ionas gur féidir linn daoine eile a spreagadh go creidiúnach chun dul ar aghaidh.

Is rud é seo a théann i bhfeidhm ar Bhallstáit éagsúla ar bhealaí éagsúla - tá dúshláin romhainn go léir - agus sin é an fáth go raibh an plé a rinneamar ar an Déardaoin chomh fada sin.

Bhí siad dírithe den chuid is mó ar ullmhúcháin do Chruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe i mí Mheán Fómhair, lena bhfuil mé ag tnúth le freastal air. D'aontaíomar go léir go leanfar ar aghaidh ag obair i dtreo chuspóirí Chomhaontú Pháras agus AE neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach.

Creidim nár cheart dúinn breathnú ar an ngníomhú ar son na haeráide ach amháin spriocanna a bhaintear amach, d'fhonn pionóis airgeadais a sheachaint. Is beartas maith é an gníomhú ar son na haeráide, idir bheartas comhshaoil, sóisialta agus geilleagrach. Mar thoradh ar laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa beidh aeráid níos glaine, aer níos glaine, tithe níos teo agus caighdeán maireachtála níos fearr againn.

Ba cheart dúinn, dá bhrí sin, na deiseanna atá ann a thapú. Agus seo é an aidhm atá ag ár bPlean Gníomhaíochta Aeráide, a foilsíodh an 17 Meitheamh. Tá fís uaillmhianach don tír seo leagtha amach ann lena n-áirítear an neodracht charbóin a bhaint amach faoi 2050, chomh maith le plean oibre chun an cuspóir sin a bhaint amach.

Tá áthas orm a thuairisciú go raibh an chuid is mó de na Ballstáit, Déardaoin, in ann tabhairt faoi neodracht charbóin a bhaint amach faoi 2050. Mar sin féin tá níos mó oibre le déanamh againn ar leibhéal an AE sna míonna atá amach romhainn chun an talamh a ullmhú don aistriú seo.

Thugamar cuireadh freisin don Bhanc Eorpach Infheistíochta níos mó a infheistiú agus níos mó a thabhairt ar iasacht do thionscadail a chabhróidh linn chun na huaillmhianta sin a bhaint amach. Bhí deis agam é seo a phlé le hUachtarán an BEI, Werner Hoyer, le linn mo chuairte ar Lucsamburg Dé hAoine agus Dé Sathairn, díreach tar éis chruinniú na Comhairle Eorpaí.

Bhí caint thairbhiúil againn ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil - an buiséad 7 mbliana don AE - agus d'aontaíomar go leanfar ar aghaidh lenár bplé ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Eorpach atá beartaithe do mhí Dheireadh Fómhair, d'fhonn comhaontú a bhaint amach faoi dheireadh na bliana .

Faoin mír thábhachtach maidir leis an mbréagfhaisnéis agus bagairtí hibrideacha, tar éis thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, chualamar tuarascáil a d'ullmhaigh Uachtaránacht na Rómáine, ar chuir ionadaithe ón gCoimisiún chomh maith leis an Ardionadaí leis. Leagadh amach leis sin na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghníomhaíochtaí an AE chun dul i ngleic le feachtais neamhfhaisnéise a dhíríonn ar thoghcháin. D'aontaíomar go bhfuil gá le hiarrachtaí leanúnacha chun athléimneacht ár ndaonlathais a neartú i leith dífhaisnéise.

Chomhaontaíomar freisin leanúint ar aghaidh ag obair le chéile chun an AE agus a bhallstáit a chosaint ó bhagairtí hibrideacha agus cibearbhagairtí.

Phléigheamar ár gcuspóirí agus ár dtosaíochtaí do na cúig bliana amach romhainn agus thángamar ar chomhaontú foirmiúil ar Chlár Oibre Straitéiseach an AE do 2019 - 2024.

Tá áthas orm go bhfuil tosaíochtaí na hÉireann léirithe sa pháipéar sin, mar atá leagtha amach inár Ráiteas Náisiúnta, a pléadh sa Teach seo an 18 Aibreán. Chuir sé seo, ina dhiaidh sin, na tuairimí a cuireadh in iúl le linn Chomhphlé na Saoránach san áireamh, comhphlé a bhí faoi stiúir an Aire McEntee.

Is iad na tosaíochtaí atá againn ná:

  • cur i gcrích an Mhargaidh Aonair ina ghnéithe uile, le beartas saorthrádála a chuireann deiseanna agus cothrom iomaíochta chun cinn;
  • beartais eacnamaíocha agus airgeadais atá freagrach go sóisialta a fhorbairt;
  • obair ullmhúcháin le haghaidh dhúshláin shóisialta agus eacnamaíocha an chlaochlaithe dhigitigh; a chinntiú go bhfuil ról ceannasach ag an AE sa ghníomhú ar son na haeráide agus san inbhuanaitheacht; agus, ar deireadh,
  • an tsíocháin agus an tslándáil a chothabháil, lena n-áirítear caidreamh níos láidre a fhorbairt leis an Afraic agus le comhpháirtithe eile.

Cuireann Clár Oibre Straitéiseach an AE creat láidir ar fáil dúinn chun na deiseanna a thapú agus chun dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn, agus chun seachadadh a dhéanamh dár saoránaigh sna blianta amach romhainn.

Tráthnóna Déardaoin, bhí plé fada agus cuiditheach againn ar na ceapacháin ardleibhéil chuig institiúidí an AE atá le déanamh sna míonna atá amach romhainn.

Caithfidh daoine nua a cheapadh mar Uachtarán an Choimisiúin; Uachtarán na Comhairle; Uachtarán Pharlaimint na hEorpa; Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh; an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Baineann rialacha difriúla leis na ceapacháin ar na róil éagsúla. Toghfaidh Parlaimint na hEorpa a hUachtarán féin, agus d'aontaigh muid cheana féin, mar gheall ar a shainordú sonrach, gur cheart ceapachán Uachtarán an BCE a láimhseáil ar leithligh.

Ní mór don iarrthóir le bheith Uachtarán an Choimisiúin a bheith molta, áfach, ag tromlach cáilithe sa Chomhairle Eorpach agus ansin é a bheith tofa ag tromlach glan i bParlaimint na hEorpa.

Ní raibh tromlach ag aon iarrthóir tráthnóna Déardaoin, agus chomhaontaíomar bualadh le chéile arís an 30 Meitheamh chun tús a chur lenár bplé.

D'aontaíomar go mbeidh gá le comhréitigh chun an chothromaíocht inscne, pholaitiúil, gheografach agus dhéimeagrafach riachtanach a bhaint amach. Ó thaobh na hÉireann de, tá sé tábhachtach freisin go líonfaidh daoine oiriúnacha agus cáilithe na poist sin, a bhfuil tuiscint acu ar cheisteanna agus ar ábhair imní na hÉireann, ábhair imní a bhaineann le Brexit ina measc.

Tá sé riachtanach go dtabharfaimis pacáiste comhréitigh le chéile ina léirítear éagsúlacht an AE agus a fhéadann tacaíocht leordhóthanach a fháil sa Chomhairle agus sa Pharlaimint.

D'fhreastail Uachtarán reatha an BCE, Mario Draghi, ar an gcruinniú deireanach dó den Chruinniú Mullaigh Euro Dé hAoine agus thapaigh mé an deis buíochas a ghabháil leis as am obair den chéad scoth atá déanta aige le hocht mbliana anuas.

D'aontaíomar gur cheart d'Airí Airgeadais leanúint dá gcuid oibre ar an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a neartú, lena n-áirítear an Ionstraim Bhuiséadach um Chóineasú agus Iomaíochas. Is céim í an Ionstraim Bhuiséadach nua i dtreo buiséad limistéar an euro, agus ba cheart go gcuirfeadh sé leis an cóineasú agus an t-iomaíochas a bheith curtha chun cinn laistigh de limistéar an euro.

Ba mhaith liom tuilleadh dul chun cinn a fheiceáil i dtreo Scéim Árachais Taiscí na hEorpa chomh maith, ach tuigim go bhfuil roinnt comhpháirtithe eaglach roimhe sin.

Táimid ag obair chun a chinntiú go leanann geilleagar na hEorpa ar aghaidh ag tabhairt fostaíochta agus rathúnais ar fáil dár saoránaigh.

Sular tháinig deireadh leis an gComhairle Eorpach Dé hAoine, bhí plé gairid ag ceannairí an AE27 maidir le Brexit.

D’athdhearbhaíomar nach bhfuil aon athrú tagtha ar ár seasamh atá againn, is cuma cé hé an chéad Phríomh-Aire eile ar an mBreatain.

Ní athchaibidlíocht é an Comhaontú Aistarraingthe, lena n-áirítear an cúltaca, agus ní mór go mbeadh aon ghealltanais aontaobhacha a thugann Rialtas an RA comhoiriúnach le spiorad an Chomhaontaithe Aistarraingthe agus leis an ábhar atá inti.

Ar ndóigh, táimid sásta an dearbhú polaitiúil maidir leis an gcaidreamh a bheidh ann amach anseo a leasú, má thagann athrú ar staid na Ríochta Aontaithe. Agus ar ndóigh, éistfimid le haon mholtaí nó smaointe atá ag an bPríomh-Aire nua.

Glacadh cinneadh na Comhairle Eorpaí i mí Aibreáin chun an spriocdháta Airteagal 50 a fhadú go dtí an 31 Deireadh Fómhair chun na cainteanna traspháirtí sa Ríocht Aontaithe a éascú, agus le haghaidh babhta eile de vótaí táscacha ceangailteacha. Ar an drochuair, theip orthu sin, mar sin ní féidir deireadh a chur le Brexit gan déileáil. Dá bhrí sin táimid ag leanúint ar aghaidh lenár n-ullmhúcháin dhiana ag leibhéal baile agus ag leibhéal an AE maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh Brexit gan déileáil ann.

Bhí cruinniú déthaobhach an-mhaith agam le Michel Barnier, os comhair na Comhairle Eorpaí ar maidin Déardaoin, nuair a phléamar Brexit freisin. Rinneamar suntas don seasamh agus don chomhsheasmhach atá san AE, agus atá chomh láidir sin, agus d'aontaíomar go bhfanfaimis i dteagmháil le linn na míonna atá amach romhainn.

Chomh maith le páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí foirmiúla le linn an dá lá, rinne mé teagmháil neamhfhoirmiúil le go leor de mo chomhghleacaithe san AE ar imeall na gcruinnithe - ag baint leasa as an deis, mar a dhéanaim i gcónaí, chun leasanna na hÉireann a chur chun cinn.

Táim ag tnúth le ráitis ó chomhaltaí an Tí seo a éisteacht.

Go raibh maith agaibh.