Foilsithe ar 

Ráiteas ón bPríomh-Aire agus ón Taoiseach

Eisithe ag Preasoifig an Rialtais

Nuair a thángamar le chéile le ceannairí polaitiúla eile in Ardeaglais Naomh Áine chun ómós a thabhairt do Lyra McKee, bhíomar ag cur in iúl toil shoiléir agus diongbháilteacht gach duine ar na hoileáin seo diúltú don bhforéigean agus tacaíocht a thabhairt don tsíocháin agus do thodchaí níos fearr do chách i dTuaisceart Éireann.
“Chualamar freisin an teachtaireacht ríshoiléir do na ceannairí polaitíochta go léir gur mhaith le daoine i dTuaisceart Éireann fuinneamh nua a fheiceáil maidir le dul chun cinn polaitiúil. Muidne ata i ról ceannaireachta, táimid ar aon aigne gurb iad gníomhartha atá ag teastáil uainn anois agus ní hamháin briathra.
“Tá beartaithe againn próiseas nua cainteanna polaitiúla a bhunú, ina mbeidh baint ag na príomhpháirtithe poláitíochta i dTuaisceart Éireann, in éineacht le Rialtas na Ríochta Aontaithe agus Rialtas na hÉireann, de réir an phróisis trí snáithe. Is í aidhm na gcainteanna seo ná institiúidí daonlathacha Chomhaontú Aoine an Chéasta/Béal Feirste a athbhunú ionas go mbeidh siad ag feidhmiú go hiomlán – Feidhmeannas TÉ, an Tionól agus an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas – ionas go mbeidh siad ábalta freastal ar an bpobal go léir go héifeactach amach anseo.
“Tá iarrtha againn ar an Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann agus ar an Tánaiste bualadh le chéile níos déanaí inniu i mBéal Feirse chun an cur chuige atá i gceist againn a leagan síos agus chun tús a chur leis an bpróiseas cainte a luaithe agus is féidir i ndiaidh na dtoghchán áitiúil i dTuaisceart Éireann.
“Ina theannta sin, tá cinneadh déanta againn go mbeidh cruinniú de Chomhdháil Idir-Rialtasach na Breataine-na hÉireann i rith na tréimhse céanna. Faoi chaibidil ag an gComhdháil beidh caidrimh Thoir/Thiar, comhoibriú slándála, agus an chobhsaíocht pholaitíochta i dTuaisceart Éireann.
“Tuigimid cé chomh casta is atá na bunábhair imní atá ag gach páirtí, agus an gá atá ann le muinín athnuaite, meas ar a chéile, flaithiúlacht agus modh nua smaointeoireachta chun réiteach a fháil ar na ceisteanna.
“Mar Phríomh-Aire agus mar Thaoiseach, táimid tiomanta comhoibriú le chéile chun cinnte a dhéanamh de go gcuirfear críoch rathúil leis an bpróiseas seo.
”Déanfaimid athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta ag deireadh mhí na Bealtaine.