Foilsithe ar 

Speech by An Taoiseach - Dail Statements on Homelessness

A Cheann Comhairle, 

Ba mhaith liom labhairt inniu faoin méid atá feicthe agam féin go pearsanta den easpa dídine.

Seo cuntas beag de mo thaithí agus de mo chuid smaointe féin, molaim do bhaill eile an Tí machnamh den chineál céanna a dhéanamh. Sráid Camden, Sráid Harcourt, Sráid Sheoirse, Scabhat Smock.

Níl aon chloigíní ag bualadh, níl aon sionnaigh le feiceáil, níl aon chalóga sneachta ag titim.   

Díreach dordán ag bualadh go meidhreach, píosa ó bhaile. Francaigh fairsing, ag preabadh thar phluideanna báite, an áit dubh le snáthaidí. Muid ar ár dturas, daoine ag gáire, an chraic acu.

Iad ag baint sult as an oíche amach, faoi shoilse na Nollag, iad crochta go hard ar shráideanna, os cionn daoine suaite.  

  Ar Shráid Grafton, tá comhartha Gucci ag scaladh anuas ar an méid den daonnacht atá fágtha.

Ach ní focal ceart é ‘méid’ a úsáid. Mar fuair mé amach an oíche sin in éineacht le Christy Burke faoi shaibhreas na daonnachta. Sna foirne a dhéanann an obair, oíche i ndiaidh oíche.

Agus, ar ndóigh, sna mná agus fir, atá fáiscthe ina málaí codlata gorma, ní amháin a dtugann siad bia acu, ach comhluadar, agus compord freisin.

Agus thar aon ní eile an teachtaireacht: Aithnímid do mhórgacht.  Gheobhaidh tú cluas éisteachta uainne, deis labhartha.

 Níl sibh aonraic.   

Sa díospóireacht seo, ba mhaith tréaslú go háirithe, ar son gach duine againn, lenár nArd-Mhéara, Christy Burke agus a fhoireann dheonach, ina gcuid oibre, ag freastal ar na fir agus na mná, daoine an-óg, nach bhfuil teach ná áras acu sa tír seo. Is sampla é an fear seo don chathair agus don tír, san obair thrócaireach atá ar bun aige.

Deirim ‘nach bhfuil teach ná áras’ acu d’aon turas.  Mar gur téarmaí cineál saorga, polaitiúil iad ‘daoine gan dídean’ agus ‘easpa dídine’, nó cineál bealach a bhíonn againn sa tsochaí muid féin a ‘scaoileadh nó a scaradh amach’ ón bhfadhb.

Amhail is gur cineál rudaí nó ábhair iad ‘daoine gan dídean’ agus easpa dídine inár saol.   

Nuair nach ea, go deimhin. Moch maidin Dé hAoine seo caite, chas mé le daoine atá théis filleadh ar an tír seo tar éis a bheith ar imirce, chroith siad mo láimh agus chuir siad a mbeannacht orm.  

An fear óg a ghlac buíochas liom as breathnú i ndiaidh a mhála codlata fad is a bhí sé ag cuardach agus ag úsáid na n-áiseanna in aice láimhe.

Fir agus mná atá tugtha do hearóin, meatadóin nó cibé rud eile, a raibh an dea-fhocal acu dom.

“Ach caithfidh mise robáil. Caithfidh mé a bheith ag impí ar dhaoine. Teastaíonn sé uaim le coinneáil ag imeacht, an dtuigeann tú?”     

Tuigim.

 Mar oíche Déardaoin seo caite nó moch maidin Dé hAoine cuireadh rud éigin ar na súile dom, go pearsanta, mar cheannaire an Rialtais. Tá cúiseanna an easpa dídine casta agus is iomaí cúis ann.  

Ónár dtaobh féin, beidh an tAire Kelly agus an tAire Coffey ag déanamh a seacht ndícheall agus beidh comhoibriú ollmhór ar bun acu leis na ranna coimirce sóisialaí, sláinte, leanaí, airgeadais, dlí agus cirt, oideachais agus comhshaoil, comhoibriú nach raibh ar bun go dtí seo.

Táimid anois ag caitheamh os cionn €50 milliún sa mbliain ar easpa dídine.

Tá freagracht orainn go léir a chinntiú go bhfuil ár n-acmhainní agus ár gcuid oibre leagtha amach ar an mbealach is fearr.

Sin é an fáth a bhfuil cuid den phlean 20 pointe a chomhaontaigh an Rialtas inné chun athbhreithniú a dhéanamh ar an earnáil a bhaineann le heaspa dídine, seachadadh seirbhíse agus socruithe comhordaithe go luath an chéad bhliain eile.

Agus rud an-tábhachtach, tá an infheistíocht dhá bhilliún-euro atá déanta againn i dtithíocht shóisialta, rud nach ndearnadh riamh cheana. Glacaim leis nach mbeidh réiteach na faidhbe againn go tapa.  

Tá céimeanna deartha, pleanála, tógála agus mar sin de i gceist. Mar sin féin, creidim go bhfuil daoine toilteanach a gcuid saineolais a úsáid i mbainistíocht maoine agus soláthar cóiríochta chun cabhrú leis na deacrachtaí reatha a bhaineann le leapacha agus tithíocht a leigheas. Oibreoidh an tAire Kelly agus an tAire Coffey leis na daoine sin.

Agus nuair a éistim le tuismitheoirí, nach bhfuil teach ar bith acu, le mná agus le fir, deir siad,: Cinnte, tá foscadh agus dídean uainn láithreach bonn.  Ach níl aon mhaith i ndídean go fadtéarmach.

Teastaíonn teach cónaithe ónár leanaí, ár dteaghlach, lenár saol a chaitheamh ó lá go lá.

Agus leis an infheistíocht dhá bhilliún euro déanfaimid cinnte go mbeidh teach cónaithe acu, an saol sin.

Inniu, ba mhaith liom aird a tharraingt ar an drochbhail atá fágtha ar dhaoine atá i gcóiríocht éigeandála.  

Tá a fhios agam go bhfuil siad ag caitheamh i ndiaidh an méid a bhí acu sa saol.  Agus thar aon rud eile, tá siad ag caitheamh i ndiaidh an sórt duine a bhí iontu féin roimhe seo.

An phríobháideacht, an mhaorgacht, an naofacht a bhain lena saol mar theaghlach. Cúpla seachtain ó shin, labhair mé ag comhdháil faoi shláinte meabhrach agus féinmharú.

Chuaigh sé i gcion go mór orm gur thug cleachtóirí agus saineolaithe sa réimse aird i ndáiríre ar mo chuid cainte agus go rabhthas an-tógtha le mo chuid tuairimí.

Is é fírinne an scéil go bhfuil na céadta fear agus bean ag codladh ar ár sráideanna mar gheall go bhfuil an saol bailithe in aimhréidh orthu.

 Agus iad tugtha do dhrugaí nó do chearrbhachas nó don ól.

 Tá siad ina gcodladh sa bhfliuchán agus sa bhfuacht mar gheall ar a saol a bheith bunoscionn.

 Nó b’fhéidir gur bhris a bpósadh nó go bhfuil an teaghlach scaipthe.

Sin iad na spotaí breaca ar ár sráideanna, mar gheall ar ísle brí, nó ar dhonachtaí níos measa, ina bhféinleas meabhrach.  

Tá an saol leagtha amach againne dúinn féin, ach nach muid a bhíonn siúráilte faoi.   

Cruinníonn siad sna doirse, na ceamaraí CCTV ag faire orthu, toisc go bhfuil siad tagtha amach as an bpríosún, nó faoi chúram an stáit.  

Agus go rómhinic, gan aon áit le dhul acu. Nó b’fhéidir, díreach go bhfuil siad lag ó thaobh mothúchán, nó go síceolaíoch. An ceangal sin atá acu leis an saol, nó le gnáthshaol, caite i dtraipisí mar gheall ar bhás dearthár nó deirféar, nó tuismitheoir b’fhéidir.  Nó b’fhéidir go bhfuil an iomarca díomá ina saol.  

Nár thit an saol amach mar a cheap siad nó mar a shamhlaigh siad, mar gheall ar rud éigin a rinne siad, nó rud éigin a rinneadh orthu. Mar Thaoiseach, táim an-chorraithe faoin uaigneas uafásach sin a bhíonn ar an oiread daoine.

Creidim go bhfuil rud éigin níos mó agus níos doimhne ná an ‘pholaitíocht’ féin ag tarlú san athrú polaitiúil atáimid a fheiceáil in Éirinn, agus ar fud na hEorpa.

San deifir a bhíonn orainn droim a thabhairt don chineál saoil ar fhásamar suas leis agus ar ghlacamar leis a bheadh againn i gcónaí, táimid anois ar ár dteitheadh ó rud éigin eile.

 Ach sí an cheist: cad atá romhainn nuair a rithimid? Creidim amach anseo, go dtiocfaidh ceisteanna faoin duine ‘féin’, an iarracht aitheantas, mórgacht agus nádúr an duine a fhiosrú, chun cinn go mór.  

Díreach mar a athraíonn cúrsaí agus muid ag leagan amach bealach nua le haghaidh an tsaoil phoiblí, ina mbeidh sochaí níos láí agus níos cothroime. Agus ansin ar fad, is rí-shoiléir an rud é.

An dhaonnacht atá ionainn go léir. Na luachanna a roinnimid go léir. An tuiscint atá againn go léir ar cad is ‘saol maith’ ann.

Tabharfaidh sé sin léiriú ar an muinín idir daoine agus a gcuid polaiteoirí.  

Agus idir muintir na hÉireann agus an rialtas atá acu. In Éirinn, creidim go gcaithfear an sean-nós sin a bhí againn den Dúthracht a athbheochan.  An aire, an ceangal gníomhach agus freagrach, lena gcaithimid leo sin timpeall orainn.   

Caithfidh mé a rá go raibh an  Dúthracht sin le feiceáil go soiléir an oíche sin in éineacht leis an Ard-Mhéara Christy Burke agus sna fir agus na mná a chonaic mise ar na sráideanna.

Mar cad is fiú torthaí bannaí d’fhear nó do bhean atá ag stánadh ort le súile gruama de bharr saol gruama?  

Cad is fiú babhtáil fiachais-ar-chothromas nuair atá tú ag croitheadh leis an bhfuacht agus leis an bhfaitíos, drogall ort dul isteach i mbrú ar fhaitíos go ndéanfaí ionsaí ort nó tú a robáil? Cad é ceannasacht eacnamaíoch nuair nach bhfuil uait ach ruainne eile drugaí, agus dearmad a dhéanamh ar an saol ar feadh cúig nóiméad?        

Tá a fhios agam go maith nach leor iad polaitíocht den eite Dheis ná Chlé chun muid a ullmhú do na hathruithe atá ar tí tarlú anseo sa mbaile agus ar fud na hEorpa.  Ní mór dúinn seasamh sa lár.

Ach díreach mar a theastaíonn beartas eacnamaíoch stuama agus láidir uainn, teastóidh freisin gné dhaonna agus shóisialta, go háirithe inár saol poiblí agus príobháideach. Creidim gur cineál scrúdú iarbháis í ár ngéarchéim dídine, ar ár saol náisiúnta, ár dtosaíochtaí.

Fiú amháin nuair a bhí an Tíogar Ceilteach i mbarr a réime ar fad, bhí fir agus mná á gcailleadh ar na sráideanna anseo. Bhásaigh an tUasal Jonathan Corrie díreach ar leac an dorais againn ag an Dáil agus ar leac an dorais againn ar fad cúpla lá ó shin.

Ach ní cheart go mbeadh a fhios ag madraí an bhaile faoina bhás ná faoin mbealach a bhfuair an tUasal Corrie bás.

Inár mbuairt agus ár ndobrón dó, agus an chaoi ar mhair agus ar bhásaigh sé, ní mór dúinn é a chosaint freisin. Is léir gur fear éirimiúil a bhí ann, a raibh cur amach mór aige ar an saol.

B’fhear mór maorgachta a bhí ann freisin agus creidim gurb é an bealach is fearr a dtabharfaimid ómós don Uasal Corrie ná trí ghníomh a ghlacadh sa deireadh thiar thall ar an gceist a bhaineann le heaspa dídine.

 Anois díreach, ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar dhídean éigeandála, ár bplean tithíochta fadtéarmach agus ar na cúiseanna go bhfuil daoine ag fulaingt agus go bhfuil siad chomh haonraic inár sochaí.   

Mar fhocal scoir ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Christy Burke agus leis na fir agus na mná ar chas mé leo maidin Dé hAoine seo caite as an deis a thabhairt dom agus as chomh flaithiúil is a chaith siad liom mar dhuine, ní díreach mar Thaoiseach.  

Ba chúis mhórtais dom a bheith ina gcomhluadar.

Agus tá gealltanas tugtha agam, go gach aon duine acu, go dtiocfaidh athrú ar rudaí.

Tá muinín agam as an Aire Kelly agus as an Aire Coffey agus as gach duine go n-éireoidh linn leis an gceist seo.