Foilsithe ar 

Cuimhniú Ar 1916

Sa bhliain 2016, beidh Comórtha Céad Bliain Éirí Amach na Cásca. Tá clár d’imeachtaí éagsúla agus ilchineálacha ar siúl i 2016 inar féidir castacht iomlán na céad bliana anuas ar an oileán seo a chíoradh agus a cheiliúradh. Is féidir níos mó eolais faoin gclár a fheiceáil anseo. 

Rinne SráidMhuirfean.ie agallaimh le cúpla ball de chumann na ngaol 1916, ionas gur féidir linn scéalta stairiúla na dteaghlach a chaomhnú. Tá an céad agallamh, le Deirdre Nic Eanruig, ar fáil anseo.