Le linn chuairt an Taoisigh, an tUasal Enda Kenny TD ar an soitheach taighde náisiúnta
an R.V. Celtic Explorer i mBaile Átha Cliath inniu, an 6 Deireadh Fómhair, d’fhógair sé
go raibh 92 post le cruthú in earnáil na mara. Sna réimsí próiseála bia mara agus taighde
mara a chruthófar na poist. Chuir an Taoiseach fáilte roimh leathnú acmhainneachtaí na
hÉireann san earnáil seirbhísí loingseoireachta idirnáisiúnta, a mheastar a mheallfaidh
poist bhreise chun na tíre.
Fógraíodh tráinse eile infheistíochta san earnáil bhia mara freisin, faoin Scéim
Infheistíochta Gnó Próiseála Bia Mara, arna riaradh ag Bord Iascaigh Mhara (BIM).
Déanfar infheistiú breise de €3.5 milliún i mbliana agus cruthófar 64 post dá bharr sin.
Tá maoiniú €2 milliún curtha ar fáil sa réimse taighde mara do Chlár Céimithe
SmartOcean Idirnáisiúnta, a cruthaíodh i gcomhar le IRCSET (An Chomhairle um
Thaighde san Eolaíocht, san Innealtóireacht agus sa Teicneolaíocht), Foras na Mara, cúig
ollscoil in Éirinn agus príomh-chomhlachtaí ilnáisiúnta agus cuideachtaí Teicneolaíochta
Faisnéise agus Cumarsáide (ICT) SME chun maoiniú a chur ar fáil do 28 post taighde.
Tá fás ag teacht i gcónaí ar an earnáil seirbhísí loingseoireachta idirnáisiúnta atá ag teacht
chun cinn in Éirinn, arna thacú ag roinnt infheistíochtaí i longa nua agus dara láimhe le
dhá mhí dhéag anuas ag cuideachtaí mar Arklow Shipping agus Mainport Group, chomh
maith le hinfheistíochtaí díreacha coigríche ag D'Amico agus Ardmore Shipping.
"Aithnítear Éire anois ar chumhacht atá ag teacht chun cinn san Earnáil Mhara agus
Nuálaíochta," a dúirt an Taoiseach, "Baineadh é sin amach tríd an 90% de chríocha na
hÉireann atá faoin Atlantach a mhapáil, trí luach ceathrú billiún Euro de bhonneagar
taighde mara a chruthú , agus trí naisc láidre a chothú idir an tionscal agus ionaid taighde,
gach ceann acu a thacóidh le deiseanna fostaíochta i bpríomh-réimsí fáis ionchasaigh in
earnáil na mara."
Críoch