I ráiteas i mBaile Átha Cliath tráthnóna inniu leag an tAire Gnóthaí Eorpacha, Lucinda
Creighton T.D., béim ar ról na bhfiontar beag agus meánmhéide maidir le téarnamh
eacnamaíochta na hÉireann. Ag labhairt di ag oscailt Tax Assist, seirbhís comhairle
cánach agus cuntasaíochta do ghnólachtaí beaga agus do cháiníocóirí, dúirt an tAire
Creighton:
"Beidh ár gcuid SMEnna ríthábhachtach maidir lenár dtéarnamh eacnamaíochta. Le go
n-éireoidh leo, ní mór dúinn deireadh a chur leis an méid bacainní agus costais agus is
féidir linn. Cuid riachtanach de sin is ea rochtain ar chomhairle airgeadais mhaith, ar
phraghas iomaíoch. Táimid ag Uimhir 7 ar thábla sraithe an Bhainc Dhomhanda maidir
le chomh costasach agus chomh éasca atá sé dul i mbun gnó – is maith an rangú sin,
ach féadfaimid rangú níos fearr a bhaint amach. Táimid sa seachtú háit maidir le chomh
éasca is atá sé cáin a íoc. Is tosaíocht thábhachtach é córas bailithe cánach éifeachtúil, a
dhíríonn ar an gcliaint, a bheith againn. Tá trédhearcacht agus éifeachtúlacht sa tseirbhís
phoiblí, a thacaíonn le fás sa gheilleagar, an-tábhachtach chomh maith. Tá fiontraithe i
dteideal seirbhísí inniúla agus gairmiúla a bheith ar fáil dóibh. Is gnáthrud é comhlíonadh
cánach anois, mar gheall ar fheabhsúcháin ollmhóra atá déanta."
"Is as ár ngnólachtaí féin, a fhorbraítear sa bhaile, a thiocfaidh fás baile láidir chun cinn
arís. Murar féidir leosan fás – ní féidir le hÉirinn fás. Táim bródúil as an méid atá bainte
amach ag an Rialtas, ó chuaigh sé i mbun oifige, le cabhrú le timpeallacht a chruthú ina
bhféadfaidh gnólachtaí maireachtáil agus fás."
Labhair an tAire faoi chomh tábhachtach is atá an tAontas Eorpach d’earnáil SME
na hÉireann:s "Sa ról atá agam mar Aire Gnóthaí Eachtracha, táim ag obair leis an
Taoiseach, leis an Tánaiste agus le mo chomhghleacaithe ar fud na hEorpa chun réiteach
a fháil ar ghéarchéim limistéar an Euro. Tá an Euro ríthábhachtach do ghnólachtaí
Éireannacha. Tugann an tAontas Eorpach rochtain dhíreach dúinn ar mhargadh de bhreis
agus 500 milliún duine. Táimid ag obair ar straitéis na hEorpa 2020 i gcomhair fás ar
feadh an Aontais a chur i bhfeidhm, straitéis a bhfuil mar aidhm aici earnáil SME na
hEorpa a láidriú. Is chuig ballstáit AE a bhain na méaduithe is mó a tháinig ar onnmhairí
na hÉireann. Ach teastaíonn oscailt agus doimhniú níos mó sa Mhargadh Inmheánach,
nach mór a bheith mar phointe tagartha nádúrtha agus mar bhunús d’fhás domhanda níos
leithne ar son ghnó na hÉireann."
CRÍOCH.