Foilsithe ar 

Ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. deontaisí i gcoir imeachtaí spóirt sa Ghaeltacht í 2012.

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. inniu (23 Feabhra 2012) go bhfuil deontas €5,560 ceadaithe aige d’Óige na Gaeltachta agus do Chomhairle Chonnachta den Chumann Lúthchleas Gael, chun comórtas peile 7 an taobh faoi 17 a reáchtáil i nGaeltacht na Gaillimhe in 2012. Tá sé i gceist go mbeidh foirne as na Gaeltachtaí eile páirteach sa chomórtas arís i mbliana.

Dúirt an tAire Stáit agus é ag fógairt an deontais go raibh áthas air a bheith in ann a leithéid de dheontas a chur ar fáil agus go raibh tionchar fíorthábhachtach ag tograí den chineál seo ar bhuanú agus cur chun cinn na Gaeilge. “Tá mé dóchasach, go gcabhróidh an togra seo go mór le buanú na Gaeilge i measc daoine óga sa Ghaeltacht,” a dúirt an tAire Stáit.

Freisin, d’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. inniu go bhfuil deontas €3,000 ceadaithe aige do Chomhairle Chonnachta den Chumann Lúthchleas chun scileanna liathróid láimhe a fhorbairt tuilleadh i scoileanna áirithe i nGaeltacht na Gaillimhe.

Dúirt an tAire Stáit agus é ag fógairt an deontais go raibh áthas air a bheith in ann a leithéid de dheontas a chur ar fáil agus gur deis mhaith atá ann dul i gcion ar dhaoine óga Gaeilge a labhairt i dtimpeallacht thaitneamhach. “Cuirfidh an togra seo go mór leis na seirbhísí atá á gcur ar fáil faoin Scéim Oiliúna Peile agus Iománaíochta atá á maoiniú ag mo Roinnse cheana féin,” a dúirt an tAire Stáit.